An tseachtain seo caite, luaigh mé an t-amhránaí as Meiriceá, Aimee Mann, mar shampla de scríbhneoir a bhfuil stíl thar a bheith so-aitheanta aici. D’aimsigh Mann múnla a d’oibrigh go maith di i bhfad siar (tá sí ag cumadh amhrán le dhá scór bliain anuas) agus chloígh sí leis.
Ach tabharfaidh duine rud éigin eile faoi deara agus é ag éisteacht le ceol Mann, agus is é sin ná go mbaineann a cuid amhrán ar fad leis an ábhar céanna: caidrimh ghrá nach bhfuil ag éirí leo. D’fhéadfadh duine a chur ina leith nach bhfuil aici ach an t-aon chleas amháin, ach déarfainn nach bhfuil ann ach gur thuig Mann i bhfad siar gurb é an caidreamh casta mianach óir a cuid scríbhneoireachta.
Creidim go láidir go bhfuil mianach óir mar sin – nó péire, nó trí cinn – ag gach uile scríbhneoir. Ábhair atá chomh gar sin don chroí nach mbíonn an scríbhneoir in ann éalú uathu. Is maith atá a fhios agam cé hiad na hábhair sin i mo chás féin: cairdis idir daoine díreacha agus daoine aeracha, an caidreamh casta idir an cine gorm agus an cine geal, agus an caidreamh casta idir an duine agus an saol eile. Ní luaithe togra scríbhneoireachta nua tosaithe agam nó faigheann ceann de na hábhair sin greim ar mo pheann.
An drochrud é sin?
Ní dóigh liom é.
Is iomaí casadh gur féidir a bhaint as téama, agus ar ndóigh níl sa téama ach gné amháin den scéal. Bíonn carachtair ann, láthair, stíl, plota.
Ag trácht ar phlota, is minic a chuirtear síos ar an ngné sin mar ‘inneall an scéil’. Mar is eol do chách, teastaíonn breosla ó innill. Dar liom gurb é an ‘téama’ an breosla sin.
‘Mianach óir’ a thug mé ar an téama is gaire do chroí an scríbhneora ar ball, ach seans gur fearr ‘tobar ola’.
Pé acu mianach óir nó tobar ola é, gheobhaidh gach scríbhneoir amach de réir a chéile, agus gan mórán dua, céard é a mhórthéama nó céard iad a chuid mórthéamaí pearsanta féin. An caidreamh idir iníon agus máthair, b’fhéidir, nó iomaíocht idir deartháireacha, nó, cá bhfios, grá idir múinteoir agus mac léinn.
Dlúthchuid é an teannas de na téamaí is láidre.
Tharlódh, in imeacht na mblianta, go ndéarfaidh múinteoir, foilsitheoir nó léirmheastóir le scríbhneoir go bhfuil téama áirithe pléite agus athphléite aige. An chomhairle a bheadh agam don scríbhneoir sin ná neamhaird a thabhairt ar lucht a cháinte agus coinneáil air ag tochailt. Cá bhfios nach bhfuil an chuid is luachmhaire den mhianach óir nó den tobar ola sroichte aige go fóill?
Ar ndóigh, tharlódh go n-ídeofaí mianach nó go dtráfadh tobar dáiríre. Ach fiú sa chás sin, ní gá don scríbhneoir a bheith buartha.
Tagann téamaí nua chun cinn agus duine ag dul in aois agus tagann téamaí nua chun cinn de réir mar a bhíonn an saol timpeall orainn ag síorathrú.
Aimseoidh scríbhneoir ábhar i gcónaí.
Nó b’fhéidir gur fearr a rá: aimseoidh ábhar scríbhneoir i gcónaí.