Bíonn suaimhneas de chineál éicint ag baint le bailte beaga na hÉireann maidineacha Satharn nuair a thugann duine a chúl do phríomhbhóithre na tíre agus don torann agus don tranglam a bhaineann leo siúd.
Feictear dom nach mbíonn an deifir chéanna ar dhaoine agus a bhíonn laethanta na seachtaine, níos mó fonn orthu cúpla nóiméad a chaitheamh i gcomhluadar a chéile ar cheannach an pháipéir dóibh nó ag siúl an bhóthair. Is ionann do na gasúir a mbíonn ualach an oideachais faoi chumhdach i málaí scoile sa mbaile.
Thug m’aistear chomh fada lena leithéid mé cúpla seachtain ó shin i ndeisceart Ros Comáin, traidhfil mílte ó thuaidh de Bhaile Átha Luain, buailte ar an mbóthar go hÁth Liag.
Tobar Bhríde a thug an comhartha bóthair air, é suite ar chrosaire mar a bhíonn go leor dá leithéid – dhá theach tábhairne, oifig an phoist agus siopa, scoil náisiúnta cúpla céad slat ó bhealach ar bhóthar amháin agus pinniúr liathróid láimhe an fad céanna uait ar an mbóthar eile.
Ar a gciumhaiseanna siúd bhí meitheal bheag ag glanadh agus ag pointeáil, sluasaid, láí nó scuab i lámh chuile dhuine acu, dírithe ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara, is dóigh.
Níor cheachtar acu sin ba mhó a tharraing m’aird, ach dealbh mór de pheileadóir agus é ar leathghlúin a chonaic mé ar thaobh na ciotóige. Thug a thoirt agus dá réir a chostas le fios nach bhféadfadh sé gur gnáthimreoir a bhí ag fáil onóra.
Tabhair an leabhar nárbh ea.
Tar éis dom an carr a pháirceáil agus siúl chomh fada leis thug an inscríbhinn le fios go gurbh in ómós Gerry O’Malley a nochtadh é sa bhfómhar seo caite, bliain go leith nó mar sin tar éis a bháis.
Sna 1940idí a bhí peil Ros Comáin i mbarr a réime agus bhain Jimmy Murray áit faoi leith amach dó féin i stair na peile nuair a bhí sé ar an gcéad duine riamh a ghlac Corn Sam Mag Uidhir dhá bhliain as a chéile tar éis a mbua ar Chiarraí i 1944.
Níor éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan ó shin, ach sna hiarrachtaí ar fad atá déanta acu idir an dá linn leis an scéal a chur ina cheart, tá dhá ainm a luaitear níos minice ná na cinn eile ar fad a bhí ina bhun sin – Máilleach Thobar Bhríde agus Dermot Earley as Gort an Ghainimh.
Tá dealbh de Dermot in airde ansiúd ó 2011, mar ainneoin é a bheith scór bliain níos óige ná Gerry O’Malley bhí Earley básaithe le 6 bliana faoin am ar imigh O’Malley ar shlí na fírinne in 2016.
Obair in aisce a bheith ag sáraíocht faoi ché acu ab fhearr, go háirithe ós rud é go raibh an Máilleach éirithe as le bliain faoin am ar imir Earley an chéad chluiche craoibhe do Ros Comáin agus gan é ach 17 bliain i 1965. Glacaigí leis nach raibh sárú na beirte ann.
D’imir chaon duine acu ar fhoirne Ros Comáin a chuaigh chomh fada le Cluichí Ceannais na hÉireann, ach a cloíodh sa gcoimhlint ba thábhachtaí ar fad.
Ba é Gerry O’Malley captaen Ros Comáin i 1962 nuair a bhuaigh siad ar Ghaillimh den dara bliain as a chéile i gCluiche Ceannais Chonnacht agus ba é a bhí i lár na líne leathchúil freisin nuair a fuaireadar an ceann ab fhearr ar an gCabhán i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.
Tús tubaisteach ba mhó ba chúis lena gcliseadh in aghaidh Chiarraí sa gcluiche ceannais, gan ach 32 soicind caite nuair a d’aimsigh Gary McMahon an cúl is sciobtha a frítheadh i gcluiche ceannais fiú go dtí an lá atá inniu ann. 1-12, 1-6 an scór deiridh a bhí ann.
Ciarraí freisin a chuir Ros Comáin de dhroim seoil sa gcluiche ceannais inar imir Dermot Earley ocht mbliana déag dár gcionn – Craobh Chonnacht buaite acusan den cheathrú bliain as a chéile agus Ard Mhacha curtha de leataobh sa mbabhta leathcheannais.
Sa gcluiche sin a facthas an dara cúl is tapúla a scóráladh i gCluiche Ceannais peile agus an babhta seo ba iad Ros Comáin a scóráil – John O’Connor, i bhfoisceacht trí shoicind de churiarracht Mhic Mhathúna.
Faraor ba chun donais a chuaigh an imirt agus an aimsir ina dhiaidh sin agus bhuaigh Ciarraí 1-9, 1-6.
Feicim fós na deora móra bróin ag titim d’éadan Dermot Earley isteach i mo théipthaifeadán agus muid i mbun agallaimh sa seomra feistis agus an imirt déanta – a fhios aige go raibh a sheans ar a mhian imithe.
D’eachtraigh mé an scéal sin do bheirt d’fhir na sluaiste i dTobar Bhríde an lá faoi dheireadh nuair a tháinig siad chomh fada liom.
Bhí a gcuid smigeanna leagtha ar fheacanna na sluaistí acu, ach níor cheann faoi ba chúis leis. Ní gá i gcónaí go mbeadh creach i bpócaí an laoich ar a bhás dó.
‘Tá muid fós thar a bheith mórtasach as,’ a dúradh liom.
Agus bhí údar acu.
Jamie Ó Tuama
An-alt! Laochra, agus nearta scéalta CLG le hinseacht, i chuile bhaile in Éirinn.
Jackie Mac Donncha
Píosa íontach álainn ó Mhártan mar bhíonn i gcónaí. Is maith an oidhe ar na laochra sin iad a thabhairt chun cuimhne. Peileadóirí breátha a bhí againn a rinne a gcuid féin ar son C.L.G. Bhí go leor acu ann, nár éirigh leo ariamh an sprioc sin a bhíonn ó chuile chondae a bhaint amach. Fós ní dhéanann muid dearmad orthu, a bhuíochas do Mhártan.