Bíonn sé sách deacair dul i bhfeidhm ar eagarthóir, samhlaigh eagarthóir agus drochspionn air

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: b’oscailt súl dár gcolúnaí comhrá a bhí aige le heagarthóir atá ag obair i dteach foilsitheoireachta ina bhfuil athstruchtúrú ó bhonn ar siúl

Bíonn sé sách deacair dul i bhfeidhm ar eagarthóir, samhlaigh eagarthóir agus drochspionn air

Bíonn dearcadh rómánsúil ag go leor daoine ar shaol an scríbhneora, agus déarfaidh go leor scríbhneoirí leat nach bhfuil a dhath rómánsúil faoi.

Bíonn an dearcadh rómánsúil céanna ag go leor daoine ar shaol na foilsitheoireachta freisin. Ag go leor scríbhneoirí leis, aisteach go leor, agus b’fhéidir go bhfuil baint aige sin leis an gcaidreamh cumhachta éagothrom idir an dá dhream: seans go bhfuil sé nádúrtha rómánsú a dhéanamh ar an saol sna túir eabhair sin ina ndéantar cinntí faoi bheatha nó bás na leabhar ar chaith tú na blianta á scríobh.

Ba leor an leabhar My Salinger Year leis an údar ó Mheiriceá Joanna Rakoff a léamh lena thuiscint nach bhfuil a dhath rómánsúil faoi shaol na foilsitheoireachta ach oiread; sa saothar sin déanann Rakoff cur síos géar (ach fíorghreannmhar) ar bhliain a chaith sí féin ag obair i gceann de na tithe foilsitheoireachta is aitheanta i gcathair Nua-Eabhrac.

Léigh mé féin an leabhar sin faoi dhó ach mar sin féin, mhair an dearcadh rómánsúil a bhí agam de cheird na foilsitheoireachta: oifig i bhfoirgneamh ársa lárchathrach, inneall espresso ar gach urlár, radharc tríd an bhfuinneog ar pháirc chiúin éigin, imeachtaí liteartha spreagúla gach oíche agus cóisireacha le go leor drugaí ‘dearthóra’ ina ndiaidh.

B’oscailt súl dom mar sin comhrá a bhí agam le gairid le bean óg atá ar m’aithne agus atá ag obair mar eagarthóir i gceann de na tithe foilsitheoireachta is aitheanta i gcathair Amsterdam.

Is ea, tá an teach foilsitheoireachta sin lonnaithe i bhfoirgneamh ársa fairsing atá buailte ar cheann de chanálacha clúiteacha na cathrach sin – go fóill. Ach níl cúrsaí rómhaith in earnáil na leabhar le tamall maith de bhlianta anuas agus i gceann cúpla mí, beidh an teach foilsitheoireachta sin agus slám tithe foilsitheoireachta eile ar cuid den mhórchomhlacht céanna iad á sacadh isteach in oifig nua-aimseartha, ach níos lú, i bhfoirgneamh leamh ar shráid neamhshuntasach ar imeall lár na cathrach.

Gan dabht, beidh easpa spáis ag cur as dóibh. Beidh ar na hoibrithe a bheith ag obair sa bhaile cuid mhór den tseachtain agus ní deasc dá gcuid féin a bheidh acu na laethanta a mbeidh siad ag obair san oifig, ach fleiscdheasc.

Tá athstruchtúrú ó bhonn ar siúl sa chomhlacht faoi láthair agus ní dhearnadh athnuachan ar chonarthaí seisear fostaithe, rud a fhágann go bhfuil brú ollmhór ar an gcuid atá fágtha. D’inis an bhean a bhí i mbun comhrá liom dom go mbíonn sí féin agus na fostaithe eile ag obair tríd am lóin agus go mbítear ag súil leis gur sa bhaile a léifidh na heagarthóirí na dréachtaí a chuireann scríbhneoirí chuig an gcomhlacht ag súil le conradh foilsitheoireachta.

Thit mo chroí nuair a chuala mé sin. Gan dabht, guím coinníollacha oibre sásúla ar chách. Ach cuireann sé drochmhisneach orm mar scríbhneoir go bhfuil na daoine a thabharfaidh breith ar shaothair mo leithéidí á sacadh isteach in oifigí gruama, nó níos measa fós, go n-iarrtar orthu a bheith ag obair tríd am lóin agus ina gcuid ama saor. Bíonn sé sách deacair cheana féin dul i bhfeidhm ar na heagarthóirí i dtithe foilsitheoireachta – samhlaigh anois na daoine céanna sin agus drochspionn orthu.

Fág freagra ar 'Bíonn sé sách deacair dul i bhfeidhm ar eagarthóir, samhlaigh eagarthóir agus drochspionn air'

  • JP

    Sé an dálta céanna ag mórán fostaithe anois é
    .i. ní aithnítear aon am a bheith leo.
    Métro, boulot, dodo….

  • JP

    Í a fhoilsiú tú féin ach dul i muinnín an chomh-mhaoinithe trí ‘Gofundme’.