Is maith an fear oibre an fonn
Nuair a chuirtear deireadh le gorta, bíonn féasta agus fuascailt. Ba chuma cé a bheadh ag buachtaint inné, bheadh glóire shíoraí i ndán dóibh agus bheadh an buaiteoir beag beann ar thuairim na coitiantachta faoi chúrsaí stíle agus cur chuige. Le bearnaí trí bliana is fiche (Gaillimh) agus dhá bhliain is fiche (Ard Mhacha) le sárú, ní bheadh aon easpa foinn ar aon cheann den dá fhoireann ach dob iad Ard Mhacha ba mhó a chuir an dánaíocht leis an bhfonn sin nuair a bhíodar ag bogadh chun tosaigh. Cé go rabhadar níos diúltaí ná an Ghaillimh sa chosaint, bhog Ard Mhacha an chaid níos tapúla tríd na línte agus pé seift a bhí acu ag iarraidh Oisín Conaty a aimsiú go luath agus go minic, d’oibrigh san leis.
Bíonn macallaí na staire le clos arís agus arís eile
I gcluiche ar bheagán scórála, bheadh luach thar na bearta leis an mbáide. Nuair a bhuaigh Ard Mhacha a gcéad chraobh uile-Éireann in 2002, dob é an cúl a d’aimsigh Oisín McConville sa 55ú nóimeat a chinntigh go dtitfeadh port na habhann. An uair seo, bhí luach níos mó ná 3 phointe le báide Aaron McKay. Bhí an iomarca oibre le déanamh ag Gaillimh an cúl san a cúiteamh le clár an scóir. Dála na gluaiseachta a chruthaigh an cúl in 2002, bhí deis ag cosantóirí na ruathair a stop go calaoiseach nó go dlisteanach amuigh fén bpáirc ach faoin dtráth go dtuigeadh a leithéid, bhí an díobháil déanta. Beidh an easpa soiniciúlachta i gcosaint na Gaillimhe á gcéasadh go ceann tamaill mhaith ach níl ansan ach cúis chéasta agus cúis chiaptha amháin a bheidh acu sa tréimhse amach romhainn.
Caithfear ciceanna saora a scóráil
B’fhéidir go mbréagnódh figiúirí Ard Mhacha mé (níor aimsíodar oiread is cic saor amháin) ach nuair nach n-aimsítear ach dhá chic saor as sé cinn (33%) a bhí go maith laistigh de raon is réimse agus nuair nach bhfuil ann ach a bhearna is lú i ndeireadh ann, feictear tábhacht na gciceanna saora i gcomhthéacs glé agus glan. Is pribhléid agus dualgas é a bheith i mbun na gciceanna saora don bhfoireann ach uaireanta, caitear cinneadh a dhéanamh ón dtaobhlíne más amhlaidh go bhfuilid ina n-ualach. B’amhlaidh a bhí inné.
Is deacair sparán síoda a dhéanamh de chluais mhuice
Bhíodh sé le rá fé Mhicheál Ó Muircheartaigh go raibh ar a chumas sparán síoda a dhéanamh de chluais mhuice. Bheadh dóthain cúraim ar shaor focal Dhún Síon aon ní fónta a rá fé choimhlint an lae inné. Dein neamhní den nglór, den ndath, den ócáid agus den spleodar a lean bua Ard Mhacha agus cad a bhí againn? Dhá fhoireann a bhí meáite ar bhotúin a sheachaint ar ais nó ar éigean. Cúig scór is fiche in imeacht seacht nóimeat is seachtó, an méid is lú ón gcoimhlint idir Ciarraí agus Áth Cliath in 2015. An raibh a laghad caide lascálta isteach go dtí’n líne lántosach in aon chluiche ceannais uile-Éireann? Níor lascáladh ach cheithre cinn déag de phasanna isteach go dtí na tosaithe agus níor slánaíodh ach ocht gcinn acu seo. Cé a bheadh ag iarraidh imirt sa líne lántosach na laethanta seo? Cuirfear fáilte roimh mholtaí choiste athbhreithnithe na peile nuair a thiocfaidh siad.
Ulaidh abú!
Tar éis an lae inné tá gach craobh peile ar fiú trácht orthu buaite ag foirne ó chúige Uladh in aon bhliain amháin. Thosnaigh sé amach i mí Eanáir le gach grád i rannóg na gclub buaite idir an Gleann, Coilleach Eanach agus Ármhach. Bhuaigh Ollscoil Uladh Corn Mhic Shigiúir, CBS na hÓmaí Corn Uí Ógáin, Doire Roinn 1 na sraithe peile, Dún na nGall Roinn 2, Tír Eoghain an chraobh faoi 20, Doire na mionúir, an Dún Corn Tailteann agus Ard Mhacha an ceann mór. Sin máistreacht, sin caithréim agat.
Fág freagra ar 'Bíonn macallaí na staire le cloisteáil arís agus arís eile – ceachtanna na craoibhe'