Ba ag Breandán Ó hEithir, trócaire air, ba thúisce a chuala mé an scéal go mba tuairim 30% díobh siúd a bhí i láthair a thuig a dtáinig as béal Dhónaill Uí Chonaill nuair a thug sé óráid cháiliúil (i mBéarla) ar an gClochán i gConamara i mí Mheán an Fhómhair 1834. Níor thuig an chuid eile dá lucht éisteachta ach an Ghaeilge agus dá bharr bhí daoine a raibh an dá theanga acu ina seasamh ar chnocáin ag aistriú caint an Fhuascailteora dóibh siúd.
Tuairim 100 bliain dár gcionn tháinig Éamonn de Valera chomh fada leis an mbaile céanna agus eisean i mbun stocaireachta. Ba í teanga na nGael a labhair Dev, ach arís níor thuig a bhformhór siúd a bhí i láthair a raibh le rá aige siocair an Ghaeilge a bheith gaibhte chomh mór sin i léig idir an dá linn.
Níl sé i bhfad ó bhí mé ag breathnú ar léarscáil a thaispeáin le dath dearg na ceantair ina raibh teanga ár sinsear i réim iontu in 1831 – Cúige Mumhan uilig faoi dhath, mar aon le Cill Chainnigh, Connachta fré chéile, ceantar Oirialla, Dún na nGall ina iomláine agus cuid d’Iarthar Thír Eoghain.
Faraor dá dtarraingeofaí a leithéid de léarscáil inniu ní bheadh de dhath le cur air ach an méid a thabharfadh damhán alla leis tar éis dó a chosa a níochán i mbuidéal dúigh.
Tugtar cúiseanna tuisceanacha le meath na teanga – gorta, imirce, bochtanas, talamh seasc, brú faoi chois na Sasanach agus easpa tuisceana agus tacaíochta ár rialtais féin nuair a fuaireadar sin deis tabhairt faoina sábháil.
Mheas Ó hEithir freisin go raibh dhá rud eile nár chuidigh leis an scéal – a bheag nó a mhór den Bhéarla a bheith ag mórán chuile Éireannach faoin am a dtáinig lár an chéid seo caite agus níos measa ná sin iad a bheith i bhfad róbhéasach agus rómhúinte.
Is cuimhin liom a bheith ina chomhluadar i dTeach Ósta ar shráidbhaile an Spidéil sna 1970idí – muid féin agus triúr nó ceathrar eile de mhuintir na háite sin a bhí istigh romhainn ag cur an tsaoil trína chéile nuair a shuigh strainséara lena dtaobh.
‘Sorry lads, I have no Irish,’ a deir sé.
‘That’s ok,’ a dúradh leis agus d’iompaigh muid ar fad ar an mBéarla.
‘Féach sin anois,’ a deir Breandán. ‘Dá mba isteach i dtábhairne sa Spáinn, sa bhFrainc nó sa nGearmáin a tháinig an fear groí sin, ní bheadh aige ach iarracht éicint a dhéanamh teanga na háite a labhairt. Níl aon chall dó leis anseo mar ar an gcéad dul síos go bhfuil Béarla againne agus sa mullach ar sin go bhfuil muid rómhúinte lena bhrú amach as an gcomhrá.’
Chuimhnigh mé ar Ó hEithir an tseachtain seo caite agus mé ag léamh píosa faoi dheacrachtaí teanga a bhain le foireann sacair na Beilge a chuaigh chomh fada le babhtaí leathcheannais Chorn Sacair an Domhain – alt a thug le fios go mba é an Béarla a labhraíonn siad le chéile ar pháirc na himeartha, cé nach é sin teanga dhúchais ceachtar acu ná go deimhin a mbainisteora.
Ní luaitear an téarma ‘teanga oifigiúil’ in aon áit i mBunreacht na Beilge. Is í an Ísiltíris teanga dhúchais fhormhór dhaonra na tíre (55%), an Fhraincis ina diaidh aniar (36%) agus tuairim 77,000 ar theorainn na Gearmáine arb í teanga na tíre sin a d’fhoghlaim siad sa gcliabhán.
Ach is é cumas na mBeilgeach an dara teanga agus fiú an tríú teanga a fhoghlaim agus a labhairt an rud is suntasaí faoin scéal, cé go mba bhotún mór a cheapadh go gcreideann chuile chainteoir Ísiltírise i bhFlóndras a bhfuil Fraincis freisin acu gur ionann iad agus Vallúnaigh an deiscirt a bhfuil na teangacha céanna acu. Agus vice versa.
Ní i bhfad faoi thalamh sa mBeilg ach oiread atá na difríochtaí agus na dílseachtaí a fhaigheann aer go rialta i dTír na mBascach agus sa Chatalóin. Go deimhin le linn toghchánaíochta is minic le polaiteoirí a shoiléiriú gur Vallúnaigh nó Pléimeannaigh iad agus nach Beilgigh.
Tá léiriú ar an deighilt chéanna le fáil in irisí, nuachtáin agus scoileanna na tíre.
Níl ceachtar de theangacha na Beilge ag Roberto Martinez, an bainisteoir a threoraigh an fhoireann chomh fada leis na babhtaí leathcheannais sa Rúis. I mBéarla a labhraíonn sé lena chuid imreoirí, rud atá feiliúnach go maith freisin is dócha leis an mbéim a bhaint de na difríochtaí polaitíochta, cultúrtha agus náisiúnachais.
Bhí Kevin de Bruyne agus Eden Hazard ar bheirt de na himreoirí lár páirce ab fhearr a facthas i gCorn an Domhain 2018. Pléimeannach as Ghent é de Bruyne a labhraíonn Ísiltíris. Vallúnach arb í an Fhraincis a theanga dhúchais é Hazard.
Is minic agus an imirt déanta ag na Beilgigh go labhraíonn an bainisteoir i mBéarla leis na meáin chumarsáide agus beirt dá chuid imreoirí in dhá theanga eile.
Tá cúig theanga ag captaen na foirne Vincent Kompany agus ceann lena chois sin ag Romelu Lukaku – Ísiltíris, Fraincis, Béarla, Spáinnis, Portaingéilis agus Svahaílis.
Mar a dúirt fear an Locháin Bhig fadó. ‘Nach iad a lífeadh na plátaí!’
Tash
Ceacht maith cinnte óna Beilgigh (agus an-chuid tíortha eile) maidir le foghlaim teangacha; ach níl sé soiléir san alt conas a bhaineann sé sin le béas nú míbhéas ag déileáil le Béarlóirí sa tigh tábhairne.
Mánus
Ní leor an focal “ró-bhéasach” chun an síor-chasadh ar an mBéarla i measc Gael a mhíniú. Cheileann “róbhéasach” an fhírinne ghairg. D’oirfeadh focail ar nós “umhal, treascartha, cladharta, géilliúil, cloíte” níos fear chun an nós seo a mhíniú. Gabh ag leathnach 86 sa “National Risk Assessment, Overview of Strategic Risks” má tá cruthúnas uait ar an staid iarthrámach iarchoilíneach ina bhfuil muid.
https://www.taoiseach.gov.ie/eng/publications/publications_2018/national_risk_assessment_2018_-_overview_of_strategic_risks_-_final.pdf
“Risks around declining use of the Irish language in Gaeltacht areas and consequent risks to national identity – This specific issue is not included as a strategic risk this year.”
Bríd Rogha Bhríde
Galánta!