Bíonn lucht an Bhreatimeachta lá binn agus lá searbh, bímis féin amhlaidh

Is léir nach bhfuil faic na ngrást foghlamtha ag lucht an Bhreatimeachta le trí bliana anuas

Bíonn lucht an Bhreatimeachta lá binn agus lá searbh, bímis féin amhlaidh

Tá rothaí mór an tsaoil ag casadh, a deir fear as Doire Chonaire tráth den saol. Caitheann tú seal thuas, seal thíos ach bíonn an roth ag imeacht leis an t-am ar fad. Alt a bhí ag Tony Connelly ar shuíomh RTÉ le déanaí a mheabhraigh an chaint sin dom. 

‘Brexit goes through periodic mood swings,’ an tús a chuir sé lena alt. D’fhéadfá a rá.                                           

Agus muid thuas seal nó ag aireachtáil réasúnta sásta agus ar ár gcompord faoi thacaíocht dhiongbháilte an Aontais Eorpaigh d’Éirinn ar aon chaoi, is furasta dearmad a dhéanamh ar a sciobtha a d’fhéadfadh an roth casadh. A chruthúnas sin an méid atá ráite ag an Taoiseach agus an Tánaiste le tamall anuas. Tá sé curtha in iúl go soiléir acu beirt don bheirt iarrthóirí ar cheannaireacht na gCaomhach, Boris Johnson agus Jeremy Hunt, nach bhfuil siad sásta neamhaird a dhéanamh ar chaint bhréagach faoin tír seo ná faoin mBreatimeacht.

Is mór an t-athrú é an seasamh docht seo i gcoinne pholaiteoirí na Breataine i gcás an Bhreatimeachta. 

Cé as a dtáinig an mhalairt cur chuige seo? I dtosach báire, tá iarracht faoi lán seoil le gairid beag is fiú a dhéanamh de chur chuige soiléir an AE maidir leis an gcomhaontú aistarraingthe agus is cosúil go bhfuil an rialtas anseo ag dul i ngleic leis sin. 

Gan amhras, tá baint lárnach ag toghchán an pháirtí Chaomhaigh leis an athrú seo agus ar ndóigh thabharfadh an próiseas Breatimeachta dúshlán Sisyphus féin faoin tráth seo. Ach d’imir toghchán na hEorpa tionchar ar an atmaisféar i Sasana maidir leis an mBreatimeacht, rud atá ag dul i bhfeidhm ar Varadkar agus Coveney agus iad ag ’speáint go hiontach soiléir go bhfuil deireadh na foighne caite acu maidir le caint sheafóideach, mar a fheictear dóibhsean é.

Is coimhlintí inmheánacha san EPP seachas easpa móraimh sa bparlaimint féin ba chúis gur eitíodh do Manfred Weber agus gur tháinig ainmniúchán Ursula von der Leyen mar uachtarán Choimisiún na hEorpa aniar aduaidh ar chuile dhuine.

Ach is fiú an cheist a chur, an údar imní é ceapachán Ursula von der Leyen mar uachtarán ar an gCoimisiún? Nach ionann sin agus tuilleadh den  EPP agus dá bharr tuilleadh den pholasaí Eorpach i dtaobh an Bhreatimeachta?

B’fhéidir, agus go deimhin féin chuile sheans. Mar sin féin, is í an chontúirt atá ann ná go gceapfadh lucht tacaíochta na gCaomhach sa Bhreatain, tar éis próiseas ainmniúcháin a bhí ina phraiseach, go bhfuil tacaíocht acusan san Aontas Eorpach anois. Má tá tíortha Visegrád, a thacaigh le Von der Layen, den tuairim go bhfuil an tAE ag dul ‘crua’ ar an mBreatain i gcomhréiteach an Bhreatimeachta, cá bhfios nach mbeadh Von der Leyen í féin báúil leo? 

Sa mhullach air sin, tá an chontúirt ann go mbeadh leithéidí an IHK sa nGearmáin (macasamhail an IDA in Éirinn) ag iarraidh an Comhaontú Aistarraingthe a chur as a riocht de ghrá na trádála. Dúirt Ambasadóir na Gearmáine i Londain an mhí seo caite ag cruinniú lucht déantúsaíochta carranna, go raibh an Ghearmáin ag iarraidh “that famous backstop issue” a réiteach. Ag tús na míosa seo, d’athraigh sé a phort agus dúirt sé nach mbeadh athrú ar bith ar an gcúlstop á phlé. Míniú amháin ar an athrú poirt sin, gur tugadh treoir don ambasadóir gan a bheith ag tabhairt dóchas bréige do na Breatimeachtóirí mar nach raibh sé i gceist ‘caoi’ a chur ar an gcúlstop.

Ag an am céanna, tá an ‘Alternative Arrangements Committee’ i Londain, ag caint ar Éirinn a bhaint as limistéar sábháilteacht bia agus sláinte ainmhithe an Aontais Eorpaigh agus í a áireamh in aontas úr Breataineach, a mbeadh Éire ina cuid de. I bhfocail eile, tá siad ag moladh go bhfágfadh Éire an margadh aonair in aghaidh a tola, ó tharla nach bhfeileann aon rogha eile do Shasana.

An bhfuil an cineál seo cainte contúirteach? Ní fios go fóill ach is léir go bhfuil iarracht á déanamh an comhrá a dhíriú, mar atá á dhéanamh ag Boris Johnson agus Jeremy Hunt faoi láthair ar thuiscint amháin – nach faoi Londain atá réiteach na deacrachta ach faoin AE agus Éirinn. 

Baineann fadhb mhór nó go deimhin féin iliomad fadhbanna leis an uachtarán nua Ursula von der Leyen dar le go leor sa nGearmáin. 

Má chloíonn sí le cur chuige an Aontais as seo go deireadh na bliana, is beag cúis imní a bheidh ag rialtas na hÉireann faoi thacaíocht na hEorpa. Ach má ghéilleann sí don tslabáil tuairimíochta a deir, ar mhaithe le comhréiteach a fháil go gcaithfear géilleadh faoin gconradh aistarraingthe, a ndearnadh comhghéilleadh go leor faoi cheana féin sular aontaíodh é, beidh sorcas an Bhreatimeachta ina chíor tuathail amach is amach tar éis an Bhreatimeachta gan mhargadh.

Agus is í Éire a íocfaidh as cluiche an mhilleáin na mBreatimeachtóirí móra.

Níl ach an t-aon bhealach amháin le breathnú ar an gcaint seo faoi ‘réiteach ar cheist an chúlstop’ agus “socrú custaim speisialta a chruthú d’Éirinn agus don Bhreatain’ agus is é sin gur cleas atá ann chun olc a chur ar an rialtas i mBaile Átha Cliath agus ar lucht na Bruiséile. Nó an amhlaidh nach bhfuil faic na ngrást foghlamtha ag lucht Londan le trí bliana anuas, mar a mhaíonn Tony Connelly?

I bhfianaise an méid atá ráite ag an Taoiseach agus Tánaiste le tamall anuas, d’fhéadfaí glacadh leis ag an staid seo nach trí sheans a dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins an méid a dúirt sé i mBeirlín le déanaí.

Schloss Bellevue, áras uachtaránachta na Gearmáine, i bhfoisceacht cúpla céad méadar den teach ósta is Gaelaí sa gcathair, The Lir. Ach ní suite ag an gcuntar sa Lir a bhí Micheál D. Ó hUigínn nuair a rinne sé a chuid cainte ach i Schloss Bellevue féin agus é ag labhairt os comhair Uachtarán na Gearmáine, Frank Walther Steinmeyer.

Dúirt Ó hUigínn nach mbeadh tionscal na talmhaíochta thíos leis in Éirinn “[as] our nearest neighbour continues to throw a tantrum”.

Más ag dul in olcas atá na teachtaireachtaí as Londain, b’fhéidir go bhfuil sé thar am, tar éis trí bliana, do rialtas na hÉireann cuid den dímheas céanna a léiriú ag an leibhéal is airde agus ar an stáitse polaitíochta is mó.

Fág freagra ar 'Bíonn lucht an Bhreatimeachta lá binn agus lá searbh, bímis féin amhlaidh'

  • Eoin O Murchu

    Ach cén mhaith dúinn an tacaíocht cháiliúil sin ón Eoraip má chailleann muid, dá bharr, an margadh bhia is tábhachtaí dúinn is má chuirtear teórainn chrua ar an oileán seo?

  • Marcus Ó Conaire

    Tromlach suntasach ó thuaidh is ó dheas a ghlacfadh níos túisce le teorainn chrua…i Muir Éireann ná ar an teorainn. Agus níos sásta arís gan aon Bhreatimeacht ar bith. Níor vótáil aon tromlach anseo ar a shon, ní hí an tír seo nó an tAontas Eorpach a roghnaigh an margadh aonair agus aontas custaim a thréigeadh. Agus tá 88.6% de mhargadh na tíre taobh amuigh de den Ríocht Aontaithe. Tá gach margadh tábhachtach, go mórmhór an 88.6%.

    Ní léir mar sin a Eoin cé atá i gceist agat le “dúinn”.