Bíonn dhá insint ar gach scéal – ceann an Tánaiste agus ceann an Taoisigh

Tá a ndóthain fadhbanna cumarsáide ag an rialtas nua gan an chuma a bheith ar an scéal go bhfuil an Tánaiste ar a dhícheall i gcónaí a chinntiú gur aige féin a bheidh an chéad leagan de chuile scéal

Bíonn dhá insint ar gach scéal – ceann an Tánaiste agus ceann an Taoisigh

Céard atá ar siúl ag an Tánaiste Leo Varadkar? Beagán le cois míosa ó ghlac sé scíth ó oifig tá an chosúlacht air go bhfuil sé fós á iompar féin mar Thaoiseach agus pleananna agus beartais de chuid an rialtais á bhfógairt aige sula bhfaigheann na hAirí cuí ná an Taoiseach Micheál Martin féin deis a leithéid a dhéanamh.

Ní hé nach bhfuil taithí againn ar an Tánaiste ag cur a chosa ann agus é ag labhairt go poiblí. An chéad uair ar thug sé cuairt ar Shráid Downing thug sé chun cuimhne an scannán Love Actually mar a raibh an t-aisteoir Hugh Grant i ról Phríomh-Aire na Breataine. Le linn cuairte ar an Teach Bán Lá’l Pádraig amháin thug sé le fios go raibh glaoch teileafóin aige ón Uachtarán Trump le linn dó a bheith ina Aire, agus gur pléadh na socruithe pleanála do chúrsa gailf an Dúin Bhig lena linn.

Ní scéalta grinn i gcónaí a thagann de bharr nós an Tánaiste a bheith béalscaoilte. In 2014 le linn dó a bheith ina Aire Iompair mhol sé Maurice McCabe agus John Wilson as a gcuid crógachta eolas a sceitheadh faoi mhírialtachtaí sna Gardaí.

Dúirt sé gur cheart do Martin Callinan, Coimisinéir na nGardai ag an am, a ndúirt sé faoi iompar na bhfear a bheith “déistineach” a tharraingt siar. Thug sé le fios freisin gur theip ar roinnt iarrachtaí a rinne sé an cás a phlé le Alan Shatter, a bhí ina Aire Dlí agus Cirt ag an am.

Le cúpla seachtain anuas breathnaíonn sé go bhfuil sé ag éirí níos míchúramaí lena chuid cainte. Tugadh le fios ar an 24ú lá den mhí seo caite go mbeadh plean d’athoscailt scoileanna na tíre á fhoilsiú an Luan dár gcionn, an 27 Iúil, ach a mbeadh na moltaí ceadaithe ag an rialtas. Chuaigh an Tánaiste ar an teilifís Dé Domhnaigh agus roinn sé cuid mhaith de shonraí an phlean linn.

Luan na seachtaine seo agus é ar a bhealach isteach chuig cruinniú rialtais, thug sé leide thar a bheith soiléir nach mbeadh cead ag tithe tábhairne oscailt Dé Luain seo chugainn. Ó tharla gurb é atá ina Aire Fostaíochta, dúradh go raibh sé de cheart aige an t-eolas sin a roinnt mar go bhfuil sé freagrach as gnóthaí agus fostaíocht. Ach an raibh call dó é a sceitheadh cúpla uair an chloig sula mbeadh an fógra oifigiúil á dhéanamh?

Faoin socrú comhrialtais an mhí seo caite tá sé socraithe go mbeidh Micheál Martin ina Thaoiseach go dtí 2022 agus go bhfillfidh Leo Varadkar ansin ar an oifig sin. Breathnaíonn sé faoi láthair go bhfuil ag cinneadh ar Leo scaoileadh le cumhacht na hoifige. Tá sé ar mhuin na muice sna pobalbhreitheanna agus an pobal buíoch as an obair atá déanta aige faoin víreas. Ní dóigh liom go mbeidh Micheál Martin róbhuíoch dó má leanann sé air mar seo.

Tá a ndóthain fadhbanna cumarsáide ag an rialtas nua gan an chuma a bheith ar an scéal go bhfuil an Tánaiste ar a dhícheall i gcónaí a chinntiú gur aige féin a bheidh an chéad leagan de chuile scéal.

Fág freagra ar 'Bíonn dhá insint ar gach scéal – ceann an Tánaiste agus ceann an Taoisigh'

  • An Teanga Bheo

    Iar thaoiseach ag caint agus am géar ag Taoiseach ar bith sa lá atá inniu ann !