Bíodh trócaire agus tuiscint againn agus vótálaimis ‘Tá’

Fágann an t-ochtú leasú nach bhfuil i ndán do mhná ach leithscéalta agus ciúnas nuair ba cheart go mbeadh tacaíocht ar fáil dóibh

Bíodh trócaire agus tuiscint againn agus vótálaimis ‘Tá’

Tá botún diamhair inár mbunreacht. Leasú nimhneach a chuireann mná ag teitheadh thar sáile agus iad ag brath ar thíortha eile agus iad i gcruachás. Leasú a scriosann a gcearta agus a dhéanann coirpigh díobh i súile an stáit, leasú a chuirfeadh mná agus éinne a chabhraíonn leo i bpríosún ar feadh ceithre bliana déag mar go raibh gá acu le ginmhilleadh, gá le cúram sláinte atá ar fáil i dtíortha eile.

Cuireann an t-ochtú leasú beatha ban i mbaol, is é is cúis le díobháil a bheith á déanamh dá sláinte agus is é is is leis an bhfulaingt agus leis na deacrachtaí uafásacha a bhíonn ag an iomarca tuismitheoirí sa tír seo. Nuair ba cheart go mbeadh tacaíocht agus cúram sláinte ar fáil do dhaoine ní raibh rompu ach leithscéal agus ciúnas. ‘Tá brón orm, ach níl faic eile gur féidir linn a dhéanamh.’

Níl an t-ochtú leasú oiriúnach le bheith ina chuid de bhunreacht i dtír ar bith, ach ba dhóigh leat gur anois atáimid ag feiscint den chéad uair an dochair a dhéanann sé. Táimid inár ndúiseacht anois agus tuigimid go bhfuilimid tar éis díol go daor as an leasú aimhleasta seo.

Tuigtear anois go bhfuair mná bás dá bharr. Níl aon dul siar air sin anois. Ní féidir linn é a chúiteamh leo ná dá muintir atá ag fulaingt dá n-éagmais.

Dheineamar iarracht reachtaíocht a thabhairt isteach chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís. Níorbh é réiteach na faidhbe. Ach tá deis againn anois rudaí a chur ina gceart do na glúinte atá fós le teacht. Tá seans againn anois an fód a sheasamh dóibh siúd sa tír seo atá á dtachtadh ag an ochtú leasú.

Ar an 25 Bealtaine cuirfear ceist orainn an dteastaíonn uainn an t-ochtú leasú a bhaint ónár mbunreacht. Ní trí thimpiste a thángamar go dtí an pointe seo.

Tá na blianta caite ag gníomhaithe idir óg agus aosta, ó gach aicme, ag iarraidh aird a  tharraingt air seo. Blianta a bhí lán de chásanna cúirte agus de cheannlínte truamhéalacha. Ach féach na sluaite a bhíonn amuigh ar na sráideanna na laethanta seo – daoine óga cuid mhór acu gan cead vótála acu fós fiú   agus iad ag déanamh a míle dícheall an scéal tábhachtach seo a chur ar ár súile dúinn.

Féach ar na mná atá ag roinnt a scéalta go cróga in ainneoin na maslaí a chaitear chucu, scéalta nach bhféadfaí an t-uafás a bhaineann leo a shamhlú. Féach ar a bpáirtnéirí agus a gclann seasta lena dtaobh, iad gortaithe chomh maith ach fonn orthu a bheith láidir ar son na mban sin.

Éist leo siúd i do dhúiche a chaitheann tráthnónta amuigh sa bháisteach nó faoin ngrian, ag míniú cad atá i gceist leis an reifreann atá le teacht agus an gá atá againn le dlí nua a chur i bhfeidhm sa tír seo. Má chuireann siad cnag ar do dhoras, freagair agus labhair leo. Cuir do chuid ceisteanna orthu agus lig dóibh eolas a thabhairt duit, nó a scéal féin a roinnt leat. Tabhair am dóibh. Agus Dé hAoine an 25 Bealtaine cuimhnigh ar an dualgas atá orainn agus sinn ag caitheamh vóta. Cuimhnigh ar cé air nó uirthi a chuirfidh dó vóta isteach?

Tá orainn féachaint ar an tionchar a bheidh ag ár vóta ar mhuintir na hÉireann.

An bhfágfaidh toradh an reifrinn seo a lorg fisiciúil ort fhéin? An gcuirfidh sé isteach ar do shláinte? An mbeidh tionchar aige ar dhuine éigin i do chlann? An mbeidh an t-eolas ar fad agat agus na ceisteanna ar fad freagartha agat agus tú ag cur marc sa bhosca? ‘Cad mar gheall ar X?’. ‘Cad mar gheall ar Y?’. ‘Cuimhnigh ar Z.’

Cuimhnigh go géar ar na ceisteanna seo. Níl ach deis amháin againn rudaí a chur ina gceart. An gceapann tú gur cheart go mbeadh ar bhean, bean éigin a bhfuil aithne agat uirthi seans, taisteal thar sáile agus a bheith ag brath ar thír eile cúram sláinte a chur ar fáil di agus í trína ile? Muna gceapann, vótáil ‘Tá’.

An ligfeá do dhaoine piollaí atá mídhleathach ina dtír féin a thógaint gan cabhair ná comhairle ó dhochtúir? Muna ligfeá, vótáil ‘Tá’. An gcreideann tú gur cheart iallach a chur ar thuismitheoirí taisteal tar éis dóibh drochscéal a fháil go bhfuil a leanbh chun bás a fháil? Muna gcreideann tú sin, vótáil ‘Tá’. An gcuirfeá iallach ar leanbh óg atá torrach – tar éis í a bheith éignithe – leanúint lena toircheas, cé go bhfuil sí féin ró-óg chun a thuiscint cad atá ag tarlú di? Muna ndéanfá sin, bíodh trócaire agat agus vótáil ‘Tá’.

– Tá Aoife Ní Shúilleabháin ina cathaoirleach ar an ngrúpa Gaeil Ar Son Rogha

Fág freagra ar 'Bíodh trócaire agus tuiscint againn agus vótálaimis ‘Tá’'

  • Pádraig

    Cad mar gheall ar an leanbh sa bhroinn?Ní luann tú focal id alt faoi.Tá beirt i gceist anseo agus conas is féidir leat alt iomlán a scríobh gan trácht ar an leanbh agus an chosaint a thugann an t-ochtú leasú don leanbh.Tabhair aire don mbeirt.

  • Laoise

    Tagaim go hiomlán leis an alt. Faraor faoin reachtaíocht mar atá sé faoi láthair ní féidir sláinte na mban a chur chun cinn. Is ionann vóta NÍL agus dallamullóg a chur ort féin, neamhaird a dhéanamh ar fhadhbanna atá ann – líon na mban atá ag taisteal, nuair a thagann sláinte na mban agus sláinte an linbh in adharca a chéile (ailse, Savita, sláinte intinne) agus araile. Níl an saol dubh agus bán ach dathanna éagsúla liath go minic. Lig do mhná agus teaghlaigh an cinneadh is cirte a dhéanamh dóibh féin in áit an cinneadh a dhéanamh dóibh! Vótáil TÁ do mhná agus dá dteaghlaigh.

  • Maryellen Ni Churnáin

    Alt breá scriofa go tuisceanach agus go sholéir a Aoife. Tá se tabhachtach go bhfuil an tuiscint acu san nach bhfuil a n-aigne deanta suas acu faoin reifrin go bé an rud is tabhachtaí ná go bhfuil mná ag cuartú cabhair agus tuiscint óna dtír fein in ionad brath ar shasana. Ta se tarlu anios agus bhi I gconai, tarloidh se aris eile ach caithfear mná a choimead sabhailte.

  • Mick

    Feiminí agus ceannaire pobail ón bpobal Sikh (sa Bhreatain) Rani Bilkhu atá ag feachtasaíocht i gcoinne uafás an ghinmillte ar mhná ach go háirithe
    https://blogs.spectator.co.uk/2015/02/a-clear-statement-in-law-is-needed-to-combat-sex-selective-abortion-in-the-uk/

    The war on baby girls – Gendercide
    https://www.economist.com/node/15606229

    http://www.nybooks.com/articles/1990/12/20/more-than-100-million-women-are-missing/

  • Nóirín

    Má’s rud é go bhfuil an t-ochtú leasú ag cur sláinte ban I mbaol d’fhéadfaí é a athrú ach níl dochtúirí ar aon fhocal faoi seo. Tá dainséar ag baint le ginmhilleadh chomh maith. Má eiríonn leis an reifreann seo ní bheidh córas sláinte gan locht againn. Beidh eiginnteacht agus faillí I gcónaí ann.

    Co

    ,