Bíodh an diabhal ag na dianbheartais i gcoinne Covid-19, bíodh comórtas croitheadh tóna againn!

‘An té a gheofas bás ó Covid-19, bhí sé ina chinniúint bás a fháil ó Covid-19’ agus ceachtanna saoil eile ó bhruachbhaile bocht sa Bhrasaíl

Bíodh an diabhal ag na dianbheartais i gcoinne Covid-19, bíodh comórtas croitheadh tóna againn!

Is maith is cuimhin liom an uair a bhfuair mé amach go bhfaigheann an duine bás ag deireadh a shaoil. Bhí mé nach mór sé bliana d’aois. Bhí mé i mo sheasamh i halla an tí agus bhí a cóta á cur uirthi féin ag mo mham, a bhí ar a bealach chuig sochraid a hathar. Bhí a fhios agam go raibh mo dheaideo tinn ach ní bhfuair mé amach go dtí an nóiméad sin go raibh sé básaithe agus nach bhfeicfinn riamh arís é; bhí mo thuismitheoirí den tuairim nach raibh sé inmholta páistí óga a thabhairt chuig sochraid.

‘Ach beidh leigheas aimsithe acu i gcoinne an bháis faoin am a mbeidh mise sean, nach mbeidh, a mham?’ a d’fhiafraigh mé.

Thug mo mháthair freagra seachantach éigin ar mo cheist, agus amach an doras léi.

Tháinig an comhrá sin chun cuimhne an deireadh seachtaine seo agus cuairt á tabhairt agam féin agus ag mo dheartháir óg Brasaíleach ar mhuintir m’iarchéile i mbruachbhaile bocht de chuid chathair Salvador. I bhfianaise na dtreoracha maidir leis an scaradh fisiciúil shíl mé gur den chríonnacht é glaoch a chur ar mháthair m’iarchéile roimh ré féachaint an bhféadfadh mo ‘dheartháir óg’ dul in éineacht liom.

Tá máthair mháthair m’iarchéile (bean a dtugaim féin ‘mamó’ uirthi le blianta fada) 84 bliain d’aois agus is cinnte go bhfuil sí sa ghrúpa is mó atá i mbaol ón ngalar.

‘Fadhb ar bith,’ a dúirt máthair m’iarchéile. ‘Tagaigí!’

Cheangail muid orainn ár mascanna aghaidhe, mar sin, agus léim muid ar ár rothair.

Ba bheag nár thit muid ó na rothair chéanna nuair a bhain muid sráid mhuintir m’iarchéile amach.

Bhí na gaolta ar fad idir óg agus aosta ina suí os comhair an tí ag ól beorach, a mascanna aghaidhe ar leathmhaing nó caite i leataobh. Bhí func gáirsiúil ag pléascadh ó na callairí fuaime agus bhí comórtas tóinchreatha ar siúl ag na mná. Cé a bhí ina suí i lár an rírá ar fad, meangadh gáire suaimhneach ar a haghaidh? Mamó.

‘Deir sí nach bhfuil sí buartha faoin gcoróinvíreas, go bhfuil sí 84 bliain d’aois agus go bhfuil sí “san am breise” cheana féin,’ a dúirt máthair m’iarchéile i mo chluas, de chogar.

‘An té a gheofas bás ó Covid-19, bhí sé ina chinniúint bás a fháil ó Covid-19,’ a dúirt deartháir m’iarchéile, ag líonadh gloiní beorach dom féin agus do mo ‘dheartháir óg’.

Ráiteas simplí ach fíordhomhain, agus bhí ceann eile faoi réir dom ag deartháir m’iarchéile dhá uair an chloig níos déanaí, nuair ba léir do chách go raibh mo ‘dheartháir óg’ ró-ólta le tabhairt faoin turas rothair abhaile, achar 14 ciliméadar.

‘Codlóidh sibh anseo anocht,’ a dúirt sé. ‘Agus a Alex, bain sult as an nóiméad,’ a lean sé air nuair a chonaic sé an pus ar m’aghaidh.

Carpe diem agus memento mori, seancheist agus féasóg uirthi, ach is baolach go bhfuil sí tráthúil arís na laethanta seo. Má tá sé i gcinniúint duine bás a fháil ó Covid-19, a shíl mé agus bolgam beag beorach á ól agam go ciúin, nárbh fhearr sult a bhaint as an saol go dtí an nóiméad deireanach seachas a bheith leathbheo i neamhshaol na dianghlasála?

Bíodh an diabhal ag na dianbheartais, bíodh comórtas creatha tónach againn!

Chuile sheans go dtabharfadh síceolaí a mbeadh dearcadh Iartharach aige nó aici ar an saol ‘meicníocht chosanta’ ar iompar mhuintir m’iarchéile.

Tá idir 800 agus 900 duine in aghaidh an lae ag fáil bháis ó Covid-19 sa Bhrasaíl faoi láthair agus tá líon na gcásanna sa tír níos airde anois ná líon na gcásanna sa Ríocht Aontaithe féin; gach seans go maithfeadh síceolaí ón Eoraip nó ó Mheiriceá Thuaidh a gcroitheadh tónach cróga os comhair an choróinvíris do phobal a thuigeann go rímhaith go mbeadh a gcosa nite dá mbeadh Covid-19 rábach sa favela.

Ceapaim féin, áfach, go bhfuil an cheist níos casta ná sin agus go bhféadfadh lúb a bheith ar lár i ndearcadh saoil an Iarthair.

An bhféadfadh sé go bhfuil dearmad déanta againne a rugadh san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh gurb é an bás a leanann an saol?

An é go gceapaimid dáiríre go gcaithfear beatha an duine a shíneadh amach ar ais nó ar éigean, beag beann ar chaighdeán saoil an duine agus ar chaighdeán saoil na sochaí i gcoitinne?

An é gur páistí sé bliana d’aois muid a chreideann go n-aimseofar an leigheas i gcoinne an bháis sula mbeimid féin sean?

Fág freagra ar 'Bíodh an diabhal ag na dianbheartais i gcoinne Covid-19, bíodh comórtas croitheadh tóna againn!'

  • Eilis Ní Anluain

    Thaitin an píosa seo liom – an t-eachtraíocht, an machnamh agus mamó :)