‘Bímis macánta faoi, níl aon IRA i gceannas ar Shinn Féin’ – Ó Cuív

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív tráthnóna nach rud ‘neamhghnách’ a bhí sa ról a bhíonn ag comhairleoirí neamhthofa i Sinn Féin agus nach raibh an páirtí ‘neamhchosúil le haon pháirtí eile’

‘Bímis macánta faoi, níl aon IRA i gceannas ar Shinn Féin’ – Ó Cuív

Tá ráite ag an Teachta Dála seanbhunaithe de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach bhfuil “aon IRA” i bhfeighil ar Shinn Féin agus gur chóir a bheith “macánta” faoi sin.

Dúirt Ó Cuív ar an gclár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta tráthnóna nach raibh sa tuairim gur ann don IRA Sealadach i gcónaí ach ‘dúirt bean liom go ndúirt bean léi’.

Dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris an tseachtain seo caite gur aontaigh sé le tuarascáil an PSNI, a foilsíodh in 2015,  “gur chreid” baill den IRA go raibh a gcomhairle airm “ag stiúradh mórstraitéis an PIRA agus Sinn Féin araon”.

Mhaígh an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar go raibh mí-léamh á dhéanamh ar an méid atá sa tuarascáil agus ar a ndúirt Harris.

Dúirt Ó Cuív chomh maith nach rud “neamhghnách” a bhí sa ról a bhíonn ag comhairleoirí neamhthofa i Sinn Féin agus nach raibh an páirtí “neamhchosúil le haon pháirtí eile”.

“An cheist atá ann, an bhfuil dream éigin – comhairleoirí – ag Sinn Féin, nach bhfuil ar an Ard-Chomhairle, agus nach bhfuil tofa mar theachtaí thuaidh ná theas, agus seans go bhfuil…Tá sé sin ag go leor páirtithe, thuaidh agus theas  – tá siad ag Fianna Fáil – a mbíonn tionchar nó ionchur acu i bpolasaithe an pháirtí agus ní rud neamhghnách é – agus tá fhios ag an saol Fódhlach cé hiad féin, tá siad ag siúl isteach is amach as Stormont.”

Tá ráite ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach rachadh sé isteach i rialtas le Sinn Féin toisc, i measc rudaí eile, nach “gnáthpháirtí polaitíochta” atá ann agus mar gheall ar a gceangal leis an bhforéigean.

Shéan Éamon Ó Cuív gur ag easaontú le ceannaire a pháirtí a bhí sé. Dúirt sé gur ag caint faoina thaithí féin ar bheith ag plé le poblachtánaigh agus cúrsaí síochána ó thuaidh a bhí sé agus mhaígh sé gur “pictiúr den fhíorstaid” a bhí á thabhairt aige.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúirt Ó Cuív, a raibh a sheanathair Éamon de Valera, ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil, go raibh an “foréigean tréigthe” ag Sinn Féin agus go raibh sé contúirteach a mhalairt a mhaíomh.

Dúirt sé gurb í an teachtaireacht a tugadh do Shinn Féin roimh phróiseas na síochána “tréig an foréigean, gabh leis an bpolaitíocht agus beidh glacadh libh” ach gur a mhalairt a bhí ag tarlú anois.

Dúirt sé go mbeadh sé níos deacra dá bharr tabhairt ar easaontóirí poblachtánacha cúl a thabhairt leis an bhforéigean agus dul leis an bpolaitíocht mar a rinne Sinn Féin.

“Más é an scéal a bhí againn le daoine ‘tréig an foréigean agus gabh le polaitíocht agus glacfar libh’, is dóigh liom nuair a thréigeann daoine an foréigean, níor cheart a bheith ag cur ina leith go bhfuil siad fós bainteach le foréigean,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív, a bhíonn ag obair i measc easaontóirí poblachtánach ag iarraidh orthu bóthar na síochána a thabhairt orthu féin, gurb iad na heasaontóirí sin amháin a bhíonn ag plé leis an bhforéigean anois agus nach raibh aon cheangal acusan ar Shinn Féin.

“Táimse in ann a rá leat nach bhfuil aon IRA atá bainteach le Sinn Féin ag feidhmiú, dá mbeidís ag feidhmiú, shílfeá go mbeadh na póilíní agus na Gardaí ag déanamh a jab, agus go mbeadh daoine tógtha agus go mbeidís ciontaithe as gníomhaireacht, má tá a leithéid ar bun.”

“Tá 27 bliain ó bhí an sos cogaidh ann, mar sin an dream a bhíodh páirteach san IRA a bhí bainteach le Sinn Féin, tá siadsan imithe in aois go mór.  An dream atá i bhfeidhm ó tháinig ann don sos cogaidh, níl baint acu le Sinn Féin.  Níl aon cheangal acu siúd le Sinn Féin agus sin fíric.”

Idir an dá linn, bhí cruinniú inniu ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin leis an Taoiseach Leo Varadkar faoi chúrsaí bunaithe rialtais.

Dúirt an bheirt gur phléigh siad cúrsaí tithíochta, athrú aeráide, sláinte agus eacnamaíochta ag an gcruinniú. Dúirt siad beirt go mbeadh cruinniú eile acu.

Dúirt Leo Varadkar go raibh Fine Gael fós ag ullmhú do sheal sa bhfreasúra.

Níos luaithe inniu bhí cainteanna ag an ngrúpa nua Teachtaí Dála neamhspleácha atá ag tabhairt ‘An Grúpa Réigiúnach’ orthu féin le Fine Gael agus le Fianna Fáil.

Fág freagra ar '‘Bímis macánta faoi, níl aon IRA i gceannas ar Shinn Féin’ – Ó Cuív'

  • Muiris Ó Súilleabháin

    Foréigin, sin an aimsir chaite agus is breá go bhfuil T.D. as Fianna Fáil ag admháil san. Tá Sinn Féin I gceannas ar Shinn Féin agus polaitíocht as so amach an ceap atá acu.

  • Eoin O Murchu

    Mar a deirfidis i mBaile Átha Cliath: “Now folly dat.”

  • "Noli me tangere"

    Tá FFFG, na meáin, an PSNI srl ag gníomhú in aghaidh beagnach 30% den phobail sa deisceart a vótáil ar son Shinn Féin.
    Is feachtas frithdhaonlathach é seo agus cuirfidh sé tuilleadh frustrachais agus feirge ar vótóirí Shinn Féin atá cheana féin i ndeireadh na feide ar fud an deiscirt. Cén fáth gur glactar le Sinn Féin mar gnáth páirtí polaitíochta sa tionóil i Stormont ach sa deisceart is páirtí iad atá á stiúrú ag “sceimhlitheoirí”?

  • file

    Mar gur éirigh leis an chríochdheighilt dul i bhfeidhm ar chuid mhór croíthe sa deisceart, sin and fáth ‘noli me tangere’.