Bímis cúramach, seans go dteastóidh an t-airgead le Banc éigin de chuid na Gearmáine a tharrtháil amach anseo…

Tá faitíos ar dhaoine áirithe go dtiocfaidh an drochshaol eacnamaíochta arís agus sinne atá thíos lena ndúil i rialacha Eorpacha

Bímis cúramach, seans go dteastóidh an t-airgead le Banc éigin de chuid na Gearmáine a tharrtháil amach anseo…

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Nuair a d’fhoilsigh an rialtas an cháinaisnéis tá beagnach dhá mhí ó shin, bhí mé féin ar na daoine a dúirt gur chaill an rialtas an deis – agus gur loic siad ina ndualgas – maidir le cúrsaí fioscacha a riaradh le freastal ar riachtanais an phobail i leith cúrsaí tithíochta, sláinte agus cruthú fostaíochta.

Dúirt lucht Institiúid Nevin – grúpa saineolaithe eacnamaíochta atá bunaithe ar na ceardchumainn – gur shuarach an méad airgid a cuireadh ar fáil le tabhairt faoi na géarchéimeanna atá againn, agus léirigh siad go rachadh gach pingin isteach i bpócaí lucht an tsaibhris.

I bhfianaise na ngéarchéimeanna thuasluaite agus an géarghá le spreagadh ceart a thabhairt don eacnamaíocht, bheadh an gnáthdhuine ag ceapadh go luafaí na pointí sin in aon cháipéis léirmheasa faoin mBuiséad – mar tá na géarchéimeanna céanna ag dul in olcas agus gan aon chosúlacht go bhfuil plean ann chun iad a réiteach.

Ní mar sin atá, áfach, sa tuarascáil atá curtha amach ag an Irish Fiscal Advisory Council nó Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann.

A mhalairt go deimhin. Má bhí tráchtairí de chuid na gceardchumann ag cáineadh a laghad airgid atá beartaithe le haghaidh seirbhísí poiblí ag an Rialtas, deir an chomhairle seo go bhfuil an iomad ann.

Tá macalla sa gcaint seo ar an méad atáthar a rá sa Choimisiún Eorpach mar gheall ar rialtas na hIodáile agus an buiséad a thug siadsan isteach, buiséad dar leis an gCoimisiún a sháraíonn rialacha fioscacha a leagadh síos sa Chomhaontú Fioscach.

Ní hábhar iontais é seo ar ndóigh, mar tá an Chomhairle Chomhairleach (!) ann de bharr Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis de chuid an Aontais, comhaontú a d’eascair as Conradh Maastricht.  Tá an Chomhairle Fhioscach seo neamhspleách ar an rialtas. Ach an bhfuil sí chomh neamhspleách sin ina meon ar na hinstitiúidí Eorpacha?

Ar aon chuma, de réir an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Fáis ní mór go bhfanfadh gach ballstát taobh istigh de na srianta ar chaiteachas a leagtar síos san Aontas.  Sin é an fáth go mbíonn cead ag coiste airgeadais pharlaimint na Gearmáine breathnú ar Bhuiséad na hÉireann sula mbíonn an deis sin ag ár nDáil féin.

I bhfianaise na ngéarchéimeanna, tá cáineadh réasúnta forleathan déanta ar an rialtas, cé nach mbíonn aon tionchar ag an gcáineadh sin ar na pobalbhreitheanna.

Is é freagra na Bunaíochta ar an gcáineadh sin, agus freagra an rialtais ar ionsaí na Comhairle – go dteastaíonn ón bhfreasúra, seachas Fianna Fáil, go gcaithfidís níos mó airgid.

Ar ndóigh oireann an chaint seo don rialtas mar sin é an dearcadh idé-eolaíochta atá ag Leo Varadkar, Pascal Donohoe is gcuid comhghleacaithe.

Tá na meáin nach mór ar aon intinn leis an gComhairle, mar is peaca marfach é in Éirinn ar ndóigh gan géilleadh do rialacha is do thuairimí lucht an Aontais Eorpaigh.

San idirlinn, tá níos mó daoine ná riamh gan dídean, tá líon na n-othar ar thralaithe ag dul i méad, ní féidir le daoine óga morgáistí a fháil, agus tá na mílte daoine aosta buartha faoina bhfuil i ndán dóibh i rith an gheimhridh.

Ach ní féidir tabhairt faoi na fadhbanna seo ar fhaitíos go dtiocfaidh an drochshaol eacnamaíochta arís. Seans go mbeidh an t-airgead ag teastáil le Banc éigin de chuid na Gearmáine a tharrtháil amach anseo.

Fiú má tá tú den tuairim gur rud maith don tír ballraíocht san Aontas Eorpach – agus nílimse féin den tuairim sin – cén fáth go bhfuil sé á chur as an áireamh go bhféadfaí freastal ar dhaoine in ionad a bheith ag freastal ar rialacha teibí?

Léiríonn cás na hIodáile nach caint in aisce seo.  Tá rialtas na tíre sin ag iarraidh caighdeáin mhaireachtála na ndaoine is boichte sa tír a ardú agus cinnteacht éigin a thabhairt dóibh. Deir an rialtas sin freisin gur spreagadh don gheilleagair i gcoitinne a bheadh ann tuilleadh airgid a chur i bpócaí na ndaoine.

Ach níl aon ghlacadh ag an gCoimisiún leis sin, agus gearrfar na céadta mílte euro mar phionós ar an Iodáil mura ngéilleann siad don Choimisiún.

Agus tá a fhios againn cén seasamh a ghlacfaidh rialtas na hÉireann faoi seo: tacóidh siad céad faoin gcéad leis an gCoimisiún.

Is cé hiad mar sin na daoine ar an gComhairle Fhioscach atá ag coinneáil súil orainn: Séamus Coffey, Ollamh le heacnamaíocht i gCorcaigh; Sebastian Barnes, ón OECD agus iar-oibrí le Banc Shasana; Íde Kearney, ard-eacnamaí i mBanc Ceannais na hÍsiltíre; Michael Tutty ó Bhanc Infheistíochta na hEorpa; agus Martina Lawless ón ESRI.

Níor thogh muintir na hÉireann oiread is duine amháin acu, ach tá sé de dhánacht acu mar sin féin an mhéar a dhíriú orainn agus tús áite a thabhairt d’éilimh chobhsaíochta an Aontais Eorpaigh seachas do réiteach na ngéarchéimeanna ag baile.

Molaim don léitheoir gan aird ar bith a thabhairt orthu, agus gan ligean don Rialtas a gcuid anailíse a úsáid mar leithscéal gan rud ar bith a dhéanamh a réiteoidh fadhbanna na tíre.

Fág freagra ar 'Bímis cúramach, seans go dteastóidh an t-airgead le Banc éigin de chuid na Gearmáine a tharrtháil amach anseo…'