Tús áite ag Bille na dTeangacha Oifigiúla ar chlár reachtaíochta an Rialtais

Ach éiginnteacht mhór fós faoi cén uair a fhoilseofar é agus idir pholaiteoirí agus eagraíochtaí teanga den tuairim nár chóir é a fhoilsiú ar chor ar bith

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá an Leasú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla i measc na bpíosaí reachtaíochta atá ar chlár an Rialtais do sheisiún fómhair na Dála ar cuireadh tús leis inné.

Cé go bhfuil an Bille leasaithe ar Acht na dTeangacha ar ‘Liosta A’ chlár reachtaíochta an Rialtais – an liosta den reachtaíocht a bhfuil sé i gceist tús áite a thabhairt di le linn an téarma Dála seo – ní hé seo an chéad uair ag an mBille Teanga a bheith ar an liosta seo agus tá go leor geallúintí tugtha faoina fhoilsiú cheana.

Thug an Taoiseach Enda Kenny le fios sa Dáil ag deireadh na bliana seo caite go bhfeicfí an Bille sa Dáil “go luath i mí Eanáir” na bliana seo agus tá beagnach ceithre bliana ann ó cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Cuireadh moill eile ar fhoilsiú an Bhille nuair a d’fhógair Joe McHugh i mí an Mheithimh go raibh tús á chur aige le próiseas comhairliúcháin nua i measc na Ranna Stáit.

Idir an dá linn, dúirt idir pholaiteoirí an fhreasúra agus eagraíochtaí teanga nár chóir an reachtaíocht teanga a fhoilsiú gan “athrú ó bhonn” a dhéanamh uirthi.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) go mbeadh sé in amhras faoin ngeallúint is déanaí ón Rialtas go bhfoilseofar an Bille le linn an téarma Dála seo.

“Bheadh amhras orm faoi sin, mura mbeadh athrú mór tagtha ar na ceannteidil. Ní fhaca muid go raibh aon láidriú sna ceannteidil a foilsíodh níos túisce i mbliana ach gur lagú a bhí i gcuid mhaith acu seachas ceann nó dhó fánach. Céim ar gcúl don Ghaeilge a bheadh ann dá bhfoilseofaí an Bille le linn an téarma seo gan athrú mór orthu sin,” a dúirt sé.

Tá moltaí déanta ag Conradh na Gaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga araon i dtaobh na reachtaíochta. I measc na moltaí sin moltar go mba cheart a chinntiú go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin.

B’fhearr le Conradh na Gaeilge mura bhfoilseofaí an Bille gan glacadh leis na moltaí.

“Níl muid ag iarraidh an Bille a bheith pléite sa Dáil mar tá na ceannteidil chomh lochtach sin. Mura bhfuil an Rialtas chun glacadh leis na moltaí a rinne an Conradh agus an Coimisinéir Teanga, ní fiú é a fhoilsiú,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.

Dúirt an tIar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív (FF) nárbh fhiú an Bille leasaithe a phlé sa Dáil gan an reachtaíocht a ‘athrú ó bhonn’.

“Níor mhaith liom a fheiceáil go bhfoilseofaí é gan athrú ó bhonn a dhéanamh air agus go mbeadh bille dearfach ann a bheadh ar leas na Gaeilge. B’fhearr liom go bhfágfaí foilsiú an Bhille go dtí go mbeadh Rialtas a bheadh i bhfabhar na Gaeilge ann,” a dúirt sé le Tuairisc.ie aréir.

Nuair a foilsíodh ceannteidil an Bhille sa bhliain 2014 dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh aon rud iontu a láidreodh an reachtaíocht teanga taobh amuigh de na leasuithe molta a bhaineann le ceart an duine ainm agus seoladh Gaeilge a úsáid agus “mionathruithe teicniúla”.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra, is beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Fág freagra ar 'Tús áite ag Bille na dTeangacha Oifigiúla ar chlár reachtaíochta an Rialtais'