‘Ní láidreoidh ceannteidil Bille cearta teanga’ – Coimisinéir

Rinneadh plé ar chearta teanga ag Comhdháil a d'eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu

 

Tuairisciú beo á dhéanamh ar Chomhdháil an lae inniu
Tuairisciú beo á dhéanamh ar Chomhdháil an lae inniu

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill inniu gur chosúil gur beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun chearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh aon rud i gceannteidil an Bhille a láidreodh an reachtaíocht teanga taobh amuigh de na leasuithe molta a bhaineann le ceart an duine ainm agus seoladh Gaeilge a úsáid agus “mionathruithe teicniúla”.

Bhí an Coimisinéir ag caint ag Comhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge a reáchtáladh in Óstán Wynn i mBaile Átha Cliath inniu. I láthair ag seisiún na maidine ag ar pléadh láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla, bhí Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó, Éamon Ó Cuív TD (FF), Seán Kyne TD (FG), an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gurb í an gníomh is suntasaí a rinneadh ó ceapadh ina Choimisinéir é anuraidh ná foilsiú Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla, ach gur beag aird a tugadh sna ceannteidil chéanna ar na moltaí a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga.

“Ar ndóigh, fáiltím roimh na gnéithe sin a chuireann le ceart an tsaoránaigh, an ceart a bhaineann leis an leagan Gaeilge d’ainm agus de sheoladh a úsáid, an cur chuige a chinnteoidh go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch. Ach seachas iad sin agus mionathruithe teicniúla eile, níl aon rud sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga,” a dúirt an Coimisinéir Ó Domhnaill ar maidin.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) gur aontaigh sé leis an gCoimisinéir faoin mbille agus go dtagann sé le moltaí an Choimisinéara agus Conradh na Gaeilge. Mhol sé freisin go láidreofaí ról an Choimisnéara Teanga sna leasuithe atá le déanamh ar an mBille.

“Ba cheart láidriú a dhéanamh ar ról an Choimisinéara Teanga, ba cheart go mbeadh an chumhacht aige profáil a dhéanamh ar gach acht a thagann trí Thithe an Oireachtais go bhfeicfear an tionchar a bheadh ag na hAchtanna sin ar an bpobal Gaeilge, mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Luaigh Rónán Ó Domhnaill Coimisinéir Teanga na Breataine Bige ina chuid cainte féin. Fuair an Bhreatain Bheag réidh le córas na scéimeanna teanga tamall ó shin agus molann sé go ndéanfaí amhlaidh sa tír seo.

“Is faoi scéimeanna teanga a dhéantar socraithe le heagraíochtaí stáit ar na seirbhísí seo. Scéimeanna a aontaítear ina gceann is ina gceann, le gealltanais dhifriúla i ngach ceann acu sin gan fios ag an saoránach céard go díreach a bhfuil sé ina theideal.

“Tá sé feicthe againn freisin go mbaineann ualach riaracháin le daingniú scéimeanna teanga. I láthair na huaire, tá 94 iarratas ar scéimeanna a aontú fós ag seasamh amach, agus nach mór 60% de na hiarratais sin ag seasamh amach le hos cionn 3 bliana. Ní haon fhreagra ar an bhfadhb seo go méadófaí tréimhse na scéimeanna reanga ó 3 go dtí 7 mbliana faoi mar atá molta sna ceannteidil. Is é seo cur chuige an mhéarfhadachais,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Dúirt Seán Kyne TD (FG) go raibh sé den tuairim gur rófhada an t-achar seacht mbliana do scéim teanga ach gur róghairid an t-achar trí bliana. Dúirt sé freisin gurbh fhearr leis go mbeadh cuóta níos airde de chainteoirí Gaeilge sa státchóras.

“Ba chóir go mbeadh sé ina riachtanas go mbeadh Gaeilgeoirí ag obair taobh amuigh den chomhairle áitiúil. Ba cheart go mbeadh Gaeilgeoirí ag obair in ospidéil agus araile, go háirithe i gceantair Ghaeltachta; ba cheart go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge don phobal,” a dúirt an Teachta Kyne.