Bille cearta do gach Mamaí don bhliain 2018…

Ar lorg Martin Liútar aimsir an Reifirméisin, beidh liosta á ghreamú ag ár gcolúnaí in áit shiombalach, an cuisneoir seans

Bille cearta do gach Mamaí don bhliain 2018…

Anois agus deireadh na bliana linn, tá mé ag cuimhneamh siar ar an mbliain. Chuimhnigh mé ar chomh buíoch is atá mé as chuile shórt i mo shaol, mo chlann agus mo chairde, mo shláinte agus eile. 

Ach, ós rud é gur tráth rúin na hathbhliana atá ann, bhí sé chomh maith agam a admháil go bhfuil roinnt rudaí a ritheann liom gur mhaith liom a athrú sa mbliain atá amach romhainn. 

Tá mé in amhras go mb’fhéidir go raibh coup d’état sa teach i ngan fhios dom. Ceapaim go mb’fhéidir go bhfuil sé in am agam mo chearta mar mháthair a chur in iúl arís.

Ba mhaith liom bille cearta a chur in oiriúint do mháithreacha (más athair thú, tá fáilte romhat an liosta cearta seo a úsáid freisin) in 2018. 

Ar lorg Martin Liútar aimsir an Reifirméisin, beidh mo liosta á ghreamú agam in áit shiombalach, an cuisneoir seans, nó i lár scáileán na teilifíse.

Alt 1: Tá cead labhartha ag gach máthair, Mamaí, Mama agus Mam. Tá cead aici labhairt ar an bhfón nó aghaidh ar aghaidh le daoine nach iad a páistí féin iad gan éinne a bheith ag léim ar a cloigeann, ag caitheamh rudaí léi ná ag caint isteach ina cluas.

Alt 2: Tá cead ag gach máthair seilbh a ghlacadh ar aon ní atá á úsáid mar uirlis troda, áirítear sa liosta sin zaipire na teilifíse, nó aon rud a aimsítear faoi chúisíní an toilg.

Alt 3: Tá sé de cheart ag gach máthair seilbh a bheith aici ar agus úsáid a bhaint as ceann de na huirlísí troda is contúirtí agus is cumhachtaí dá bhfuil ann – an ráig chiontachta.

Alt 4: Tá sé de cheart ag máithreacha cruinniú le mná eile ar bhonn síochánta. Uair sa tseachtain, beidh sé de chead ag gach máthair bualadh le cara/ cairde in haonar.

Alt 5: Tá sé de cheart ag gach máthair diúltú don fhulaingt aisteach, ghránna. Má tá scannán ina bhfuil ainmhithe in ann caint feicthe ag máthair uair amháin cheana, níl aon iachall uirthi breathnú air an dara huair agus tá cead aici an seomra a fhágáil nó a leabhar a léamh go suaimhneach.

Alt 6: Tá sé de cheart ag gach máthair rudaí a bheith ina seilbh aici nach mbaineann leis an gcócaireacht, an glanadh ná an húvaráil. Ní ceadmhach d’éinne na rudaí seo a thógáil amach as a seomra is a chaitheamh amach an fhuinneog, síos na staighre ná a shruthlú síos an leithreas (ná fiafraigh cén fáth).

Alt 7. Tá sé de cheart ag gach máthair a críonnacht a bhronnadh ar a clann is ní chuirfear aon cheist ach glacfar leis an mbronntanas. Má deireann máthair, le barr críonnachta, go dteastaíonn cóta le dul amach mar go bhfuil sé préachta fuar taobh amuigh, glacfar go humhal leis an gcomhairle chiallmhar sin.

Alt 8: Tá sé de cheart ag gach máthair cosc a chur ar aon duine ná páiste an cheist ‘cén fáth?’ a chur uirthi ar maidin nó go mbeidh an chéad chupán caife an lá sin ólta aici.

Alt 9: Tá sé de cheart ag gach máthair balúin atá pléasctha nó  a bhfuil an t-aer imithe astu a aimsíonn sí caite i lár an urláir a chur isteach sa mbosca athchúrsála gan aon agóid a bheith ann faoi.

Alt 10: Tá sé de cheart ag gach máthair grá gan teorainn a bheith aici dá páistí go deo na ndeor (in ainneoin gach aighneas).