Biden leaindeáilte i mBéal Feirtse, ‘an tsíocháin a choimeád slán’ a sprioc

Beidh cruinniú ar maidin ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá le Príomh-Aire na Breataine agus rachaidh sé ansin go dtí campas nua Ollscoil Uladh, mar a dtabharfaidh sé aitheasc

Biden leaindeáilte i mBéal Feirtse, ‘an tsíocháin a choimeád slán’ a sprioc

Beidh cruinniú ag Joe Biden agus Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine, ar maidin inniu agus tús á chur ag Uachtarán na Stát Aontaithe lena thuras ceithre lá in Éirinn.

Bhí Rishi Sunak ag Aerfort idirnáisiúnta Bhéal Feirste aréir chun fáilte a chur roimh Joe Biden, a thuirling ansin ar Air Force One go gairid roimh 9.30pm.

In éineacht le Biden agus é ag teacht ón eitleán, bhí a dheirfiúr Valerie Biden Owens, a mhac Hunter Biden agus toscaire speisialta na Stát chun an Tuaiscirt, Joe Kennedy III.

Sular fhág sé Meiriceá, dúirt Biden gurb í príomhchúís a thurais ná “an tsíocháin a choimeád slán”.

Meastar go mbuailfidh Sunak agus Biden le chéile inniu san óstán i lár na cathrach inar fhan an tUachtarán aréir.

Tá tacaíocht láidir léirithe ag Biden do Chreat Windsor, an margadh faoin bprótacal iarBhreatimeachta.

Tar éis an chruinnithe sin, tabharfaidh Biden a aghaidh ar champas nua Ollscoil Uladh sa gcathair mar a dtabharfaidh sé aitheasc.

An comóradh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin ábhar a chuid cainte, ceaptar.

I ngiolc a sheol an tUachtarán féin, dúirt sé go mbainfeadh sé leas as an ócáid chun “tiomantas a thíre do chaomhnú na síochána agus cothú an rathúnais” sa Tuaisceart a dhearbhú.

Beidh cainteanna ag Biden le ceannairí phríomhpháirtithe polaitiúla an Tuaiscirt ansin.

Is maith an seans go ndéanfar tagairt éigin do neamhfheidhmiú an Fheidhmeannais a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, a bhuíochas do bhaghcat an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh.

Ar Chontae Lú a thabharfaidh Joe Biden a aghaidh tar éis ócáid na hOllscoile, áit dúchais James Finnegan, a shin-seanathair.

Tabharfaidh Biden cuairt ar Chairlinn ar Leithinis Chuaille mar a bhfuil cónaí ar chuid dá dhaoine muinteartha.

Ceaptar go dtabharfaidh sé cuairt ar an gcaisleán Normannach i gCairlinn sula ngabhfaidh sé go Dún Dealgan le sciuird de shiúl na gcos a thabhairt ar lár an bhaile.

Amárach Déardaoin a bhuailfidh an tUachtarán Biden le hUachtarán na tíre seo, Micheál D Ó hUigínn agus leis an Taoiseach Leo Varadkar.

“An comhoibriú dlúth atá eadrainn faoi réimse leathan dúshlán domhanda” a bheidh á phlé ag an Uachtarán Biden ag an dá chruinniú sin, a deir John Kirby, Comhordaitheoir na Cumarsáide Straitéisí Chomhairle Náisiúnta Slándála na Stát Aontaithe.

Ach a mbeidh a chuairt ar an uachtarán Ó hUigínn déanta, labhróidh an tUachtarán Biden le Tithe an Oireachtais. is é Biden an ceathrú hUachtarán ar Mheiriceá a rinne sin – John F Kennedy i 1963, Ronald Reagan i 1984 agus Bill Clinton i 1995.

Oíche Déardaoin reáchtálfar féasta oifigiúil don Uachtarán Biden i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

I Maigh Eo, contae dúchais eile a shinsir, a chaithfidh sé an lá deireanach dá thuras tar éis dó eitilt as Baile Átha Cliath go dtí Aerfort Iarthar Éireann maidin Dé hAoine.

Tabharfaidh sé cuairt ar scrín na maighdine i gCnoc Mhuire agus ar Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo sula ngabhfaidh sé go Béal an Átha, mar a gcuirfidh sé deireadh lena chuairt.

Tabharfaidh sé óráid taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muireadhach sa mbaile mór agus tuairiscítear go raibh an-tóir ag daoine ar chead freastal ar an ócáid sin.

Thagair John Kirby don 27,000 bríce a dhíol Edward Blewitt, sin-sin-sin-seanathair an Uachtaráin Biden leis an Ardeaglais sin in 1827.

“Úsáideadh na brící sin chun an ardeaglais bhreá sin a thógáil agus a neartú agus chuidigh siad le Edward Blewitt ticéid a cheannach dó féin agus dá theaghlach blianta ina dhiaidh sin le seoladh go Meiriceá in 1851.

“Tá an tUachtarán ag súil go mór leis an turas agus an deis seo a fháil leis na ceangail stairiúla atá idir ár dhá thír a cheiliúradh, ceangail atá láidir idir pobal an dá thír go fóill,” a deir Kirby.

Tá srianta slándála an-dian curtha i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann agus tá fainic curtha ar an bpobal go mbeidh moill ar an trácht aon áit a mbeidh an tUachtarán ar cuairt.

Fág freagra ar 'Biden leaindeáilte i mBéal Feirtse, ‘an tsíocháin a choimeád slán’ a sprioc'

  • Seanán Ó Coistín

    “Leandáilte”?? In ainm Chroim…

    Céard faoi “Tá Béal Feirste sroichte ag Biden” nó “Tá Biden tagtha go Béal Feirste”.