Bí go deas leis an easóg nó is duit féin is measa é

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo an bheainín uasal nó an easóg atá againn...

Bí go deas leis an easóg nó is duit féin is measa é

Ainmhí glic is ea an easóg. Dúirt mo sheanmháthair go raibh siad lá ag baint fhataí, seisear nó mórsheisear acu, tuairim is caoga bliain ó shin síos i ngabháltas Ard an Ghainimh agus fuair siad nead easóg istigh i leacht cloch agus bhí easóga óga ann aici agus iad ag ithe a ndinnéir. Nuair a bhí siad réidh leis an dinnéar d’éirigh siad suas agus thóg siad na cinn óga agus chuir siad i bhfolach fé bhalla iad.

Thosaigh siad ag baint na bhfataí arís agus is gearr go bhfaca siad an tsean-easóg ag teacht chucu arís. Chuaigh sé go dtí an canna bainne a bhí acu le n-ól. Thosaigh sé ag caitheamh “smugairlí” isteach ins an gcanna. Bhí siad ar fad ag féachaint air. D’imigh sé ansin agus chuir ceann de na buachaillí na cinn óga isteach ins an nead arís. Ní raibh leathuair fágtha nuair a tháinig an tsean-easóg arís go dtí an nead agus chonaic sé na cinn óga ann.

Amach leis arís as an nead agus tháinig sé go dtí an canna arís agus na daoine ag féachaint air. Chaith sé leathuair agus coimhlint an droma idir é fhéin leis an gcanna a iompú ar fhaitíos go n-ólfadh siad é mar bhí nimh ann aige nuair a chaith sé na smugairlí ann.
Is fíor an scéal é sin.

Áine Ní Fhathaigh, Baile Chláir, Co na Gaillimhe

https://www.duchas.ie/en/cbes/4649674/4645541/4650934?ChapterID=4649674

Bhí easóg agus luch mhór ag troid lá amháin. Bhí siad ag troid ansin go dtáinig fear, thosaigh an fear ag breathnú orthu agus chonaic sé go raibh an luch mhór ag gnóthachtáil. Shíl sé cuidiú leis an easóg. Chuaigh sé taobh thiar den luch mhór agus shíl sé cic a thabhairt dhó, ach rug an luch ar a mhéir agus ghortaigh sé é.

Ansin stop an troid agus chuaigh an fear abhaile. Bliain ina dhiaidh sin d’éirigh an mhéar an-tinn. Bhí an fear ag dul ag dochtúirí ach níor fhéad siad aon mhaith a déanamh dhó. Bhí sé ina shuí lá amháin ar an teallach agus a chois sínte amach uaidh. Tháinig an easóg isteach agus bileog [duilleog] ina béal aici. D’fhág sí an bhileog ar an mhéir thinn agus tháinig biseach air.

Micheál Ó Catháin (55), Ceathrú an Bhrúnaigh, Gaillimh

Fág freagra ar 'Bí go deas leis an easóg nó is duit féin is measa é'