Bhuail uaigneas aisteach mé nuair a chuala go raibh Máirtín Tom Sheáinín le dul ar scor

Tá a chlár deireanach ar RTÉ RnaG á chraoladh inniu ag Máirtín Tom Sheáinín – braithfimid uainn é

Bhuail uaigneas aisteach mé nuair a chuala go raibh Máirtín Tom Sheáinín le dul ar scor

Tá rudaí áirid a fhanann i mo chuimhne agus mé ag breathnú siar ar laethanta m’óige, agus baineann go leor acu le maidin Dé Domhnaigh agus muid ag fás aníos in Inis Meáin. Aon uair a chloisim ceol aitheantais Sunday Miscellany, feicim mo Mhaime sa scáthán, amuigh sa hallín, agus í ag iarraidh slacht eicínt a chur ar mo chuid gruaige agus í ag déanamh trisleán i ngruaig mo dheirféar, Nóirín. Tá mé in ann boladh an hairspray a fháil, agus cuimhním ar an deifir a bhíodh orainn agus muid á n-ullmhú fhéin don Aifreann. ‘Beidh an Sagart ar an altóir agus muid fós ag cuartú bróga’, a deireadh Mama. I ndiaidh an Aifrinn, siar linn chuig teach mo Mhamó, beannacht Dé léi, le blogam tae a bheith againn, le héisteacht le Baile an Droichid  agus le Togha agus Rogha.

Beidh cuimhne agam go deo ar an ngáire a dhéantaí agus ar an ómós a bhíodh againn ar fad don méid a bhíodh á rá agus muid ar fad bailithe timpeall ar an raidió, ag éisteacht le glór Joe Steve, beannacht Dé leis freisin, and ansin le glór Mháirtín Tom Sheáinín. Ba mhinic linn waltz a dhéanamh i lár na cistine, nó an staicín eorna, agus muid ag iarraidh focail an amhráin ‘Gleoiteog John Darba’ a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Ó tharla go bhfuil an ‘best before date’ ó thaobh na craoltóireachta beagnach caite air, mar a dúirt duine eicínt leis ar an gclár Ardtráthnóna an lá deireanach, thosaigh mé ag smaoineamh siar ar na laethanta sin arís agus ar an ról lárnach a bhí agus atá ag an raidió agus ag Máirtín Tom Sheáinín go háirid i saol agus i gcultúr mhuintir na Gaeltachta. Cibé má bhí sé ar siúl sa gcúlra, nó má bhí tú ag fanacht go nglaofaí amach iarratas áirid, bhí glór Mháirtín Tom Sheáinín ansin i gcónaí. Ba chuid d’fhuaimrian na seachtaine a bhí ann, agus cuid lárnach de mhaidin Domhnaigh.

Ag am Oireachtais, bhíodh muid ag éisteacht agus an cóipleabhar oscailte agus liosta réitithe againn, agus Máirtín ag cur na n-iomaitheoirí i láthair dúinn. Níor thuig muide cá raibh Muiceanach Idir Dhá Sháile, agus ní mórán spéise a bhí againn i gcúrsaí biongó a bhíodh ar siúl i hallaí na mórthíre, ach chruthaigh MTS ceangal eadrainn ar fad; líonraí luachmhara nár thuig mé agus mé óg, ach a bhfuil ardmheas agam orthu anois. Chuir sé amhráin, píosaí ceoil, scéalta agus muintir na Gaeltachta i bhfad is i gcéin os ár gcomhair agus thug sé pobal uilig na Gaeilge le chéile in aon chlár amháin go minic.

Is dóigh gur thit mé as cleachtadh bheith ag éisteacht leis an raidió agus mé ar an meánscoil agus ní mórán raidió a bhíodh ar siúl agam agus mé ag freastal ar an ollscoil ach an oiread, le bheith fírinneach faoi.

Nuair a bhínn uaigneach nó ag iarraidh iarratas a chasadh do bhreithlaethanta difriúla, áfach, is ar Togha agus Rogha a dhíreoinn i gcónaí. Agus muid lonnaithe anois i Sligeach, agus beirtín bheaga againn fhéin, tugaim faoi deara go bhfuilimse anois ag éisteacht le Sunday Miscellany, agus ag cíoradh gruaige agus ag tabhairt cluas éisteachta

d’Aifreann ó Chúil Aodha nó ó Ghaoth Dobhair agus ag damhsa sa gcistineach leis na buachaillí nuair a thosaíonn fonn na Sally Gardens, ag múineadh focail na n-amhrán dóibh, ag míniú dóibh cé hé John Beag, agus ag fanacht go foighdeach le beannacht Mháirtín don tseachtain amach romhainn: ‘thar rud ar bith eile, go dtuga Dia slán sibh ar fad’.

Bhuail uaigneas aisteach mé nuair a léigh mé go raibh Máirtín Tom Sheáinín le dul ar scor. Uaigneas nó eolchaireacht eicínt i ndiaidh an bhaile a bhuail mé ar dtús, tuiscint go raibh deireadh ré i gceist. Bhí a chuideachta chroíúil lárnach i saol na seachtaine agus i saol mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta. Smaoinigh mé ansin ar an saibhreas iontach a bhronn Máirtín Tom Sheáinín ar a chuid éisteoirí le tríocha bliain (agus drioball leis) anuas. Gabhaim buíochas leis as ucht an saibhreas sin a roinnt linn, agus guím sláinte air agus é ar an taobh eile den ‘mhic’. Ní bheidh an Domhnach mar a bhí, ach le cúnamh Dé, gheobhaidh sé an ‘glaoch ar ais’ ó am go chéile, agus cloisfidh muid scéalta, seanchas agus sean-nós uaidh go luath agus go minic arís. Go dtuga Dia slán é.

#goraibhmaithagatMTS

Fág freagra ar 'Bhuail uaigneas aisteach mé nuair a chuala go raibh Máirtín Tom Sheáinín le dul ar scor'

  • Áine

    Píosa álainn agus is amhlaidh an scéala sa teach seo. Aireoidh muid uainn é ach ba mhaith é fhad agus a bhí sé ann. Ag guí sonas, sláinte agus spraoi do Mháirtín sa saol atá roimhe. É sin ráite tá súil agam nach mbeidh deireadh le clár Ardtráthnóna nó a mhacasamhail. Tá sé tuillte ag an bpobal. Bhítí ag coinneáil comhluadair le croíphobal Raidió na Gaeltachta agus go háirithe ag an am seo agus daoine thar a bheith uaigneach sa mbaile, tá gá lena leithéid. Caithfear ag leanacht ag tabhairt spléachadh ar shaibhreas agus ar thobar na Gaeltachta .. go leanúnach…. tá sé suimiúil gur dhúirt Mairéad thuas gur fhill sí ar an tógáil a fuair sí fhéin sa mbaile…. tá sé tábhachtach go mbeadh na rudaí atá tábhachtach don ghlúin níos sine dhá roinnt ag leic an teaghlaigh leis an gcéad ghlúin eile…. sin an dóchas is mó atá acu ceangal mothúchánach a choinneáil leis…
    Dia leat a Mháirtín Tom Sheáinín

  • Cluain Sceach

    Níl a shárú ar fáil. Súil agam nach bhfuil deireadh cloiste …

  • Jean

    Ní raibh sé in am dhó imeacht. Tá sé óg go fóill agus neart fuinnimh ann. Tá sé ag teastáil uainn, pobal na Gaeilge. Dia leat a Mháirtín, agus go raibh míle míle maith agat as chuile rud. Ní bheidh do leithéid ar an raidio aríst!