Bhuaigh an fhoireann is fearr sa tír craobh na hÉireann sa bhliain eisceachtúil seo

Féachann ar gcolúnaí siar an tseachtain seo ar chluichí móra dheireadh an tséasúir

Bhuaigh an fhoireann is fearr sa tír craobh na hÉireann sa bhliain eisceachtúil seo

Sara dtéann sibh amach ar thóir an dreoilín caithfimid súil siar arís ar céard a tharla i gcraobh iomána 2020 agus díreoimid an tseachtain seo ar chluichí móra dheireadh an tséasúir.

Stopamar an tseachtain seo caite agus na craobhacha cúige imeartha agus Luimneach agus Cill Chainnigh cáilithe do bhabhta leathcheannais na hÉireann.

Bhí cluas leis an raidió arís againn maidin Dé Luain an 16 Samhain agus an tarraingt á déanamh do na babhtaí ceathrú ceannais. An Clár i gcoinne Phort Láirge agus Tiobraid Árann i gcoinne na Gaillimhe an dá chluiche a tarraingíodh.

Satharn deas grianmhar geimhridh (an rud is annamh …) bhí cath go dtí an deireadh againn i Luimneach idir an Ghaillimh agus Tiobraid Árann. Cúl ó Aidan Harte trí nóiméad ón deireadh a thug an bua do na Gaillimhigh. Taispeánadh cárta dearg do chúlaí Thiobraid Árann Cathal Barrett ceathrú uaire isteach sa dara leath, cinneadh a bhí dian go leor ar na Tiobraid Árannaigh agus d’fhág sin faoi mhíbhuntáiste iad go dtí an deireadh. 3-23 in aghaidh 2-24 an scór deiridh.

Sa choimhlint eile, bhí scór ard againn chomh maith, 3-27 ag na Déise agus 3-18 ag contae an Chláir. Bhain gortú rúitín do laoch an Chláir Tony Kelly go luath sa chluiche agus bhí sé an-chiúin ar feadh tréimhsí fada. Bhí an lá leis na Déise agus neart agus díocas chun oibre le sonrú arís iontu. Bua foirne a bhí ann, agus ar na daoine a d’imir go maith dóibh bhí Kevin Moran, Calum Lyons, Tadhg De Búrca, Jamie Barron, Stephen Bennett agus Dessie Hutchinson, a fuair dhá chúl.

An tseachtain dár gcionn, tráthnóna Sathairn Samhna eile, bhí bua gan choinne ag Port Láirge. Bhí siad naoi gcúilín chun deiridh i gcoinne Chill Chainnigh sa chéad leath ach faoin am go raibh caoga nóiméad caite bhíodar ar comhscór. Ceithre chúilín chun tosaigh a bhí siad ag deireadh na himeartha i bPáirc an Chrócaigh. Bua iontach foirne a bhí arís ann agus buachaillí Phort Láirge, na fir ionaid san áireamh, lán den fhéinmhuinín agus den díocas. Bhí laochra ag na Déise ó cheann ceann na páirce ach bronnadh gradam Laoch na hImeartha RTÉ ar Stephen Bennett agus é tuillte go maith aige. Is trua ar shlí nach raibh slua ann chun an taispeántas iontach seo a fheiceáil, ach b’fhéidir ar shlí eile go gcuirfeadh slua isteach ar leaideanna na nDéise.

An lá ina dhiaidh bhain Luimneach áit amach sa chluiche ceannais nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh. Fuair Joe Canning ceithre chúilín iontacha ó phocanna sleasa don Ghaillimh ach bhain drochghortú dó agus an cluiche, a bhí an-iomaíoch go dtí an deireadh, beagnach thart.

Cé a chreidfeadh ag tús an tséasúir gur idir Luimneach agus Port Láirge a bheadh an chraobh? Sea bhí Luimneach ar bharr an ghearrliosta ag mórán, ní raibh na Déise i measc an chéad leathdhosaen foirne ar an liosta céanna.

Ar an 13 Nollag 2020 imríodh cluiche ceannais na hÉireann i staid a bhí beagnach folamh. Thug Luimneach taispeántas foirne den chéad scoth uathu ón gcéad nóiméad go dtí an tríú nóiméad is seachtó. Bhíodar níos fearr ar ná a gcéilí comhraic ar fud na páirce agus bhí na leatosaithe, go háirithe, ar fheabhas. Tá an-chreidiúint ag dul do Phort Láirge nár ghéill siad in aon chor, ach bhíodar faoi mhíbhuntáiste ollmhór nuair a bhí ar Thadhg De Búrca an pháirc a fhágáil tar éis 20 nóiméad.

Ach bhuaigh an fhoireann is fearr sa tír craobh na hÉireann sa bhliain eisceachtúil seo.

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise do léitheoirí Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Bhuaigh an fhoireann is fearr sa tír craobh na hÉireann sa bhliain eisceachtúil seo'