Bhíos thar n-ais san áit ab ansa lem chroí don Nollaig…

Ní hionann Nollaig an lae inniu agus an Nollaig sa tseanaimsir                                                                    

Bhíos thar n-ais san áit ab ansa lem chroí don Nollaig…

Is ea, tá an Nollaig buailte linn arís, nach mór. Ní hionann Nollaig an lae inniu agus an Nollaig sa tseanaimsir. Nuair a deirim ‘sa tseanaimsir’ nílim ag tagairt don naoú haois déag ach do chaogaidí agus do sheascaidí an chéid seo caite. Táim ag tagairt do chuid de na nósanna agus traidisiúin agus piseoga a tháinig anuas ó ghlúin go glúin ach atá imithe den chuid is mó faoin tráth seo.

I dtús báire, bhíodh sé mar nós againn an doras a fhágáil gan glas ná bolta air Oíche Nollag agus tine mhaith a fhágáil sa tinteán roimh theacht an Linbh Íosa agus a mháthair bheannaithe.

Bhíodh coinnle ar lasadh i bprócaí gainimh nó i dtornapaí tollta sna fuinneoga agus an teach go léir maisithe le cuileann na gcaor dearg is le heidhneán.

B’álainn an radharc iad na tithe beaga aoldaite agus iad feistithe, maisithe don Nollaig.

Rud eile a bhí an-tábhachtach, dar liom, ná go mbíodh gach éinne, idir óg agus aosta, páirteach san fhéile, ag soláthar cuilinn, ag glanadh an tí, ag cur suas na maisiúchán agus ag tolladh na dtornapaí nó ag líonadh na bprócaí le gaineamh ón trá.

Bheadh ar fhear an tí turcaí (nó gé) a mharú agus na cleití a bhaint di ansin. Agus na sceitimíní áthais a bhíodh orainne, na páistí, roimh theacht Dhaidí na Nollag! Ba mhinic a d’fhágfadh sé ar an ngannchuid sinn dá mba rud é nár tháinig aon bheart ó Mheiriceá in am is i dtráth! Ach mar a deirtear: an té ná bíonn ag súil le mórán, is mór aige an beagán.

Seo an cuntas atá ag Cormac Ó Cadhlaigh ina leabhar Slí an Eolais ar mhaidin Nollag Mór:

Ansin tar éis an bhricfeasta, bíonn bean a’ tí go cúramach i mbun an dinnéir, mar bíonn fleá mór agus féasta ins gach tigh an lá sin. Na daoine bochta féin, dá laghad é a gcuid den saol, bíonn rud éigin sa bhreis acu i gcomhair an lae sin, mar bíonn gach aon duine ag cur chuige i gcomhair na Nollag, agus bíonn gach aon duine go fial flaithiúil faoi dheoch agus faoi bhia agus faoi airgead . . . bíonn ardáthas ar gach aon duine. Bíonn ceol agus amhráin agus rince sna tithe ag muintir an tí féin. Mar is gnáth le gach aon duine bheith sa bhaile ina thigh féin an lá sin.

Ansin bhí Lá Fhéile Stiofáin – nó Lá an Dreoilín mar a ghlaotaí air. Sa tseanaimsir d’aimsídís dreoilín roimh ré agus théidís timpeall ó thigh go tigh le haghaidheanna fidil orthu agus an dreoilín marbh ar crochadh as craobh chuilinn agus ceol agus amhránaíocht ar siúl acu:

Dreoilín a fuaras-sa thíos ar an Inse

Fé bhráid charraige agus carbhat síod’ air;

Thugas-sa chugaibh é, a lánúin an tí seo,

Agus go mba seacht bhfearr um an dtaca so aríst sibh.

Tá an traidisiún seo beo in áiteanna go fóill cé nach dóigh liom go maraítear an dreoilín bocht a thuilleadh don ócáid. Tá Dreoilín an Daingin faoi lánseol go fóill, buíochas le Dia, agus tá súil agam gur fada a bheidh.

Ansin bhí Oíche Chinn Bliana nó Oíche Chaille mar a ghlaotaí uirthi in áiteanna éagsúla. Thugtaí Oíche na Coda Móire nó Oíche an Dóthain Mhóir uirthi chomh maith. Deirtí, dá n-íosfadh duine a dhóthain an oíche sin, go mbeadh a dhóthain le n-ithe aige don mbliain nua ar fad. Bhíodh sé mar nós bulóg mhór aráin a bhualadh i gcoinne chomhla an dorais agus le linn a buailte deirtí:

Fógraím an gorta go tír na dTurcach

Go bliain ó anocht agus anocht féin go fírinneach.

Deirtí freisin dá mbeadh gaoth aniar ag séideadh ag uair an mheán oíche go mbeadh bliain mhaith thorthúil ag na Gaeil ach dá mba an ghaoth anoir a bheadh ann go mbeadh bliain rathúil ag na Sasanaigh.

Ansan mar chlabhsúr ar an bhFéile bheadh Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag nó Oíche Nollag Beag nó Oíche Nollag na mBan. Deirtí go ndeintí fíon den uisce ag uair an mheán oíche agus bhíodh sé mar nós ag daoine buicéad uisce a fhágaint sa chistin an oíche sin. Chreideadar go diongbháilte go dtarlódh an mhíorúilt. Chreid mo mháthair, ach go háirithe, agus bhí sí imithe anonn go maith sna blianta nuair a d’éirigh sí as an nós a chleachtadh.

Is cuimhin liom féin a bheith ag filleadh abhaile go dtí an Leitriúch aimsir na Nollag breis agus dhá scór bliain ó shin. Nuair a shroiseas Trá Lí, bhí an baile go léir faoi dhraíocht na Nollag. Bhí an déanaí ag titim is bhí na síshoilse ag spréacharnach is ag glioscarnach mar na mílte seod crochta san aer os cionn an bhaile mhóir. Bhí crann mór Nollag i lár na Cearnóige agus bean (cheapas ar feadh soicind nó dhó gurbh í mo mháthair féin a bhí ann) ag díol turcaithe ag cúinne sráide.

Thugas m’aghaidh siar ar an Leitriúch. Bhraitheas rud éigin san atmaisféar, rud éigin neamhghnách, neamhshaolta is mé ag tarraingt ar Chathair Uí Mhóráin agus an muileann gaoithe mar fhathach sa leathdhorchadas ag bun na spéire.

Mar shneachta bog dofheicthe, bhí an Nollaig ag tuirlingt anuas ón spéir os comhair mo dhá shúil. Leanas orm agus fuadar fúm go dtángas i radharc Chnoc Bréanainn agus chuas trí bhaile an Chlocháin agus sráidbhaile Bhréanainn agus gan choinne bhíos ann.

Bhíos thar n-ais san áit ab ansa lem chroí agus mé ag tiomáint suas in aghaidh an aird ag déanamh ar mo cheann scríbe, an tigh inar rugadh agus inar tógadh mé ar Thaobh a’ Chnoic, a bhí i bhfoisceacht urchair mhéaróige de Shrón Bhroin, áit ar mharaigh Cúchulainn an dubhéan deireanach d’ealta mhór d’éin dhubha, más fíor don dinnseanchas.

– Sliocht as saothar dírbheathaisnéise nuafhoilsithe an údair, Thugamar Féin an Samhradh Linn (Coiscéim 2022)

Fág freagra ar 'Bhíos thar n-ais san áit ab ansa lem chroí don Nollaig…'