Bhíodh an Beano agus an Dandy ar fáil againne anseo in Aill na Brún…

Níl amhras ar bith nár mheall an ‘Beano’ gasúir chuig léitheoireacht níos téagartha

Bhíodh an Beano agus an Dandy ar fáil againne anseo in Aill na Brún…

Tuigtear dom go bhfuil deireadh le teacht leis an ngreannán cáiliúil ar a dtugtar an Beano. Is é an feall é. Tá sé á fhoilsiú ón mbliain 1938. Is ann a léamar inár n-óige eachtraí Roger The Dodger, Dennis The Menace agus a lán eile.

Tá an saol ag athrú go tréan ar ndóigh agus tá teacht ag gasúir an lae inniu ar scéalta den chineál sin ar an teilifís, ar an idirlíon agus ar an bhfón póca.

Éiríodh as foilsiú an ghreannáin The Dandy nuair a bhí sé 75 bliain ar an saol sa mbliain 2012. Nuair is mó a bhí éileamh air bhí os cionn dhá mhilliún cóip de á dhíol in aghaidh na seachtaine. Thit sé sin go dtí 8,000 cóip sa tseachtain sa deireadh.

Is ceart a lua go raibh Bunty agus Judy ann do na cailíní. Tá siad sin imithe freisin.

Rinneadh iarracht brí a chur sna greannáin sin ach ba deacair é a dhéanamh. Cuireadh leagan de ghreannán ar fáil ar líne ach níor mhair sé ach sé mhí.

Níl amhras ar bith nár mheall na greannáin gasúir chuig léitheoireacht níos téagartha. Dúirt an t-úrscéalaí agus an craoltóir Melvyn Bragg go léadh sé féin na greannáin go cíocrach ina óige. Páiste aonraic a bhí ann agus ba mhór an sólás dó a bheith ag dul trí na greannáin ar a shuaimhneas.

Maidir leis na greannáin a bheith ina gcúnamh don léitheoireacht b’fhéidir nach dteastódh a leithéidí feasta. Tá sé ráite ag bunaitheoir Microsoft Bill Gates go mbeidh intleacht shaorga in ann léamh a mhúineadh do ghasúr in imeacht ocht mí dhéag amach anseo.

Cá bhfios nach múinfear Gaeilge ar an mbealach céanna, chomh sciobtha céanna? Má tharlaíonn sé ní bheidh gá ar bith níos mó le Conradh na Gaeilge!

Tá daoine ann nach gcreidfeadh é ach bhíodh an Beano agus an Dandy ar fáil againne anseo in Aill na Brún nuair a bhí mise i mo ghasúr. Bhí bean Ghearmánach ina cónaí sa mbaile is gaire dhúinn, Cill Chiaráin, agus thugadh sí greannáin dúinn agus muid ar ár mbealach abhaile ón scoil.

Níl a fhios agam fós féin cén fáth a dtugadh ach is cinnte go mbíodh an-fháilte againn rompu. Bhaineadh muid an-sásamh freisin as greannáin faoi na buachaillí bó agus faoin dara cogadh domhanda.

Chomhairligh múinteoir amháin dúinn gan a bheith á léamh ar chor ar bith ach dúirt múinteoir eile go bhfoghlaimeodh muid beagán Béarla astu.

Is dócha gurbh iad na scéalta a scríobh Cathal Ó Sándair ba chosúla leis na greannáin. Rinne seisean saothar a bhí dochreidte amach is amach. Ba mhór i gceist aige Réics Carló. Foilsíodh 160 leabhar den chineál sin leis.

Dúirt Alan Titley an méid seo faoi: ‘Is é gaisce scríbhneoireachta Chathail Uí Shándair an gníomh aonair pinn is iontaí i stair an úrscéil Ghaeilge. Ní thagann aon scríbhneoir úrscéalta eile i ngiorracht tobar dúigh dó ó thaobh toirte, iomadúlachta nó raidhse a shaothair.’

Bhí an méid seo le rá ag Máirtín Ó Cadhain i léacht a thug sé sa mbliain 1949: ‘Níorbh í an úrscéalaíocht, an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an drámaíocht ná eile an chéad tuar go raibh borradh ag teacht faoi litríocht na Gaeilge, ach go raibh daltaí scoile i mBaile Átha Cliath ag léamh leabhra Chathail Uí Shándair, faoi na suíocháin i ngan fhios do na hoidí.’

Fág freagra ar 'Bhíodh an Beano agus an Dandy ar fáil againne anseo in Aill na Brún…'

  • Tom Bolster

    Agus ar feadh tréimhse ró-ró-ró ghearr I lár na gCaogaidí bhí iarracht iontach misniúil againn i bhfoirm ghaelach an LEIPRECHÁIN (Ó Ath Luain)!!
    Tom Bolster

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Agus ná déan dearmad ar TAIDHGÍN TRAON AN LEANBH LÁIDIR.