Bhí torthaí gan choinne againn ag Corn Domhanda na mBan, ach tá na boic mhóra ag teacht

Den ocht bhfoireann a bheidh ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais inniu agus amárach, chríochnaigh seacht gcinn acu ar bharr a ngrúpa sa chéad bhabhta

Bhí torthaí gan choinne againn ag Corn Domhanda na mBan, ach tá na boic mhóra ag teacht

Foireann peile na Fraince

Cé gur ar éigean go bhféadfadh aon duine toradh Bhabhta na nGrúpaí a thuar go cruinn i mbliana, ní raibh an oiread sin torthaí gan choinne againn i mBabhta an 16 le roinnt laethanta anuas.

Mar a dúirt mé an deireadh seachtaine seo caite, ba í teip na Gearmáine teacht amach as a ngrúpa an toradh gan choinne ba mhó go dtí seo, agus an dara foireann is fearr ar domhan de réir an rangaithe ag dul abhaile tar éis trí chluiche. Tháinig na boic mhóra slán, den chuid is mó, sa bhabhta deireanach, áfach.

Chuir bua na Sualainne ar Stáit Aontaithe Mheiriceá iontas ar go leor agus an beart déanta ag na Sualannaigh a bhuíochas do na ciceanna éirice drámatúla ag an deireadh. Ach níl na Meiriceánaigh ag imirt go maith le tamall agus chinntigh toradh an chluiche sin gur foireann eile a bheidh ag tabhairt an choirn abhaile leo agus na Stáit Aontaithe, seaimpíní an domhain in 2015 agus 2019, cloíte.

Tá an tábhacht a bhaineann le bheith i mbarr do mhaitheasa le feiceáil roimh na babhtaí ceathrú ceannais freisin. Den ocht bhfoireann a bheidh ag imirt inniu agus amárach, chríochnaigh seacht gcinn acu ar bharr a ngrúpaí sa chéad bhabhta. Is iad na Spáinnigh, a chríochnaigh sa dara háit i nGrúpa C, an t-aon eisceacht agus bhí bua cumasach acu ar an Eilvéis, a bhuaigh Grúpa A. Fágann sin gur cheart go mbeadh cluichí den scoth againn sna babhtaí ceathrú ceannais.

Is í an tSeapáin an t-aon fhoireann atá fágtha sa chomórtas a bhuaigh Corn Domhanda na mBan roimhe seo agus imreoidh siad i gcoinne na Sualainne. Ba cheart go mbeadh coimhlint iontach ann agus príomhscórálaí an chomórtais go dtí seo, Hinata Miyazawa, in aghaidh chosantóirí láidre na Sualainne, Magdalena Eriksson ó Chelsea agus Amanda Ilestedt ó PSG. Bhí cuma an-láidir ar chosaint na Sualainne in aghaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá an lá cheana ach ní dheachaigh siad ar an ionsaí mórán sa chluiche céanna agus beidh le feiceáil an mbeidh an cur chuige céanna acu inniu.

Sular thosaigh Corn Domhanda na mBan, ba í foireann na Fraince mo rogha chun an comórtas a bhuachan agus táim fós ar an intinn chéanna. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar cheann d’óstaigh an chomórtais amárach, an Astráil, agus beidh an cluiche seo dúshlánach don dá fhoireann. Measaim go mbeidh an Fhrainc in ann teacht tríd. Agus Kadidiatou Diani agus Eugenie Le Sommer acu i measc na dtosaithe, beirt a scóráil in aghaidh Mharacó sa chluiche deireanach, beidh sé an-deacair iad a stopadh.

Ní beidh an Astráil gan údar dóchais, áfach. Tá ag éirí go maith leo sa chomórtas agus tacaíocht iontach faighte acu sa bhaile. Bhí atmaisféar iontach ag na cluichí uile go dtí seo agus tugadh spreagadh mór dóibh sa chluiche deireanach nuair a d’fhill captaen agus laoch na foirne, Sam Kerr, ar pháirc na himeartha. Dea-scéal do na hAstrálaigh gur imir Kerr a céad chúpla nóiméad sa chomórtas agus í ar ais ó ghortú.

Sa dá chluiche eile a bheidh againn i mBabhta an 16, imreoidh an Spáinn i gcoinne na hÍsiltíre agus casfaidh Sasana ar an gColóim. D’fhéadfadh gur coimhlintí géara a bheidh sna cluichí seo, ach déarfainn gurb iad an Spáinn agus Sasana a rachaidh tríd chun aghaidh a thabhairt ar an tSeapáin agus ar an bhFrainc sna babhtaí leathcheannais. Feicfidh muid linn.

Fág freagra ar 'Bhí torthaí gan choinne againn ag Corn Domhanda na mBan, ach tá na boic mhóra ag teacht'