Bhí rialtas na Breataine sásta maoiniú a chur ar fáil don nuachtán Gaeilge Feirsteach Lá ar an gcoinníoll nach lonnófaí an nuachtán i Muillean Shráid Conway in iarthar Bhéal Feirste.
De réir tuairisce san Irish News ar maidin, rinne rúnaí Ghlór na nGael iarratas ar mhaoiniú ó rialtas na Breataine do Lá i 1985, ach léirigh oifigeach i Stormont amhras i dtaca leis an bplean go lonnófaí an nuachtán sa Mhuilleann.
De réir cáipéisí stáit a scaoileadh le déanaí, thug an t-oifigeach le fios go raibh diúltaithe cheana féin ag rialtas na Breataine maoiniú a chur ar fáil do ghnóthaí eile sa Mhuileann toisc go rabhthas buartha faoi líomhaintí maidir le “paramilitary influences”. De réir tuairisc an lae inniu, d’iarr Pat Carvill ó Lár-Runaíocht Stormont ar Rúnaí Stáit an Tuaiscirt Tom King cinneadh a dhéanamh faoi iarratas Lá ar mhaoiniú. Mheas an t-oifigeach nach raibh aon chúis ann go ndiúltófaí don iarratas, ach chuir sé ar a shúile do Tom King “that Sinn Féin has recently acquired a small number of shares in Lá“.
Dúradh gur thug Máirtín Ó Muilleoir, a bhí ina chomhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin ag an am, an t-eolas sin faoi na scaireanna go poiblí go gairid roimhe sin. Tá Ó Muilleoir, a cheannaigh Lá tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, anois ina Aire Airgeadais i Stormont.
Tuairiscítear gur thug oifigeach in Oifig Thuaisceart Éireann le fios d’airí rialtais i mí na Samhna 1985 gur dhiúltaigh rialtas na hÉireann d’iarratas eile ó Lá ar chúinsí buiséid amháin. “The Irish government believe the paper is eminently worthy of support and they would see political advantage if HMG were able to provide some funds,” a dúirt an t-oifigeach, de réir na tuairisce ar an Irish News inniu.
I mí Eanáir 1986, dheimhnigh an Rúnaí Stáit Tom King go bhféadfaí maoiniú a cheadú do Lá fad is nach mbeadh an nuachtán lonnaithe i Muileann Shráid Conway.
Bhí Lá ina nuachtán seachtainiúil go dtí 2003 nuair a athsheoladh é mar nuachtán laethúil. Foilsíodh an t-eagrán deiridh de Lá Nua i mí na Nollag 2008.
Fearn
Cad é seo? Lá-leaks?
Concubhar
Is ait liom go gcuirtear an oiread sin stór i dtaifid poiblí a scaoiltear amach ó am go chéile. An bhfuil aon amhras ar éinne go scríobhann stát seirbhísing a leithéid le cinntiú nach damnófar iad féin nuair a thugtar na taifid chun solais. Seo tuairisc i dTuairisc bunaithe ar a leithéid de thaifead. In ainneoin is go bhfuil na daoine go léir a d’oibrigh le Lá ag an am sin beo beathach níl aon leid gur chuaigh duine ar bith ó Tuairisc i dteagmháil leo nó liom (míneoidh mé ar ball). In áit sin is tuairisc é seo atá bunaithe ar thaobh amháin den scéal. Ní amháín sin ach ní h-é an cuid is mó den scéal é fiú agus tá roinnt de na sonraithe atá ann mí chruinn – mar shampla, bhíos ag obair leis an nuachtán nuair a d’iompaigh sé ó bheith ina nuachtán seachtainiúil go dtí nuachtán laethúil in athuair i 2003. 28 Aibreán 2003 le bheith beacht agus cruinn. Ní h-amhlaidh go ndéanfainn dearúd ar an dáta. De réir tuairisc Tuairisc áfach is i 2005 a d’iompaigh sé ina nuachtán laethúil. Ar ndoigh sin an rud a dúradh i Vicipéid – tá sé athruithe agamsa anois – agus cén mhaith ceist a chur ar phríomh fhoinse nuachta nó fíor iriseoireacht a dhéanamh nuair atá vicipéid ann? Ar ndoigh deirtear freisin i dtuairisc Tuairisc gur ansan a athraíodh a ainm go dtí Lá Nua. Níl seo cruinn ach an oiread – níor tharla sin go dtí 2007 mar thoradh ar chomórtas ar thairiscint chun foilseachán nuachta laethúil a d’eagraigh Foras Na Gaeilge a bhuaigh Lá i 2006. Arís is féidir na fíricí seo a sheiceáíl le foinsí a sheasfaidh leo go poiblí seachas bheith ag brath ar iriseoireacht Wikipedia – mar a dheineann go leor foilseacháin faoi lathair, ní Tuairisc amháin. Léiríonn tuairiscí mar seo go bhfuil easnamh mór in iriseoireacht na Gaeilge go fóill ó tháinig deireadh le ré órga na h-iriseoireachta Gaeilge agus anois sin fagtha le h-athchúrsáil leathbhacáilte ar sean scéalta gan tabhacht ó Tuairisc.ie.
Tuairisc .ie
Go raibh maith agat, a Chonchubhair, a chara. Tá an dáta sin ag deireadh an scéil curtha ina cheart anois.
sean
Ta cupla botun san alt toisc nach bhfuil saoi gan locht. Ach bionn fiuntas agus ardchailiocht ag baint le scealta nuachta ar Tuairsc.ie de ghnath.
Pól Ó Braoin
Is deas an rud é go bhfágtar an seans ann do dhaoine eolasacha teacht isteach le ceartúcháin chuí ach tá ardmholadh tuillte ag Tuairisc mar sin féin. Marach Tuairisc ní bheadh nuacht ar bith i nGaeilge ann le léamh agam.