Bhí Nollaig níos suaimhní ag giorriacha na hÉireann i mbliana

Is cinnte go bhfuil formhór mór daoine ar son an ghiorria bocht scáfar

Bhí Nollaig níos suaimhní ag giorriacha na hÉireann i mbliana

Bhí Nollaig níos suaimhní ag giorriacha na hÉireann i mbliana ná a bhí blianta eile. Mar gheall ar an víreas Covid-19 cuireadh cosc sealadach ar chúrsáil sa tír seo.

Ní barántas é sin go gcuirfear cúrsáil ar ceal ar fad, cé go bhfuil feachtas láidir tosaithe anois aríst leis an aidhm sin a bhaint amach.

Is gearr ó thug an Teachta Dála Paul Murphy bille os comhair na Dála a stopfadh an spórt barbartha seo, mar a thug sé ar an gcúrsáil. D’iarr sé go gcuirfí €1,000 fíneála agus sé mhí príosúin ar dhaoine a mbeadh baint ná páirt acu le cúrsáil.

Thug an Teachta Dála neamhspleách Maureen O’Sullivan bille den chineál céanna chun cinn ceithre bliana ó shin.

Rinne an Teachta Dála neamhspleách Tony Gregory iarracht sa mbliain 1993.

Is é an deacracht a bhí ann, agus atá ann, go raibh Fine Gael agus Fianna Fáil araon ar son na cúrsála.

Tá cosc ar chúrsáil bheo sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus in Aontas na hEorpa ar fad beagnach.

Is mar sin atá an dlí sa mBreatain agus fiú amháin i dTuaisceart Éireann.

Is spéisiúil an dearcadh atá ag Comhaontas Glas agus ag Sinn Féin ar an gceist.

Maíonn Comhaontas Glas go bhfuil siad ar son cúrsáil a chosc. Rinne siad iarracht é a chur de pholasaí sa gclár rialtais ach aríst bhí freasúra Fhine Gael agus Fhianna Fáil róláidir.

Is é an dearcadh atá ag Sinn Féin is aistí ar fad. Bíodh is go bhfuil cúrsáil mídhleathach sna sé chontae níl Sinn Féin sásta a theacht ar thaobh an ghiorria.

Rialacháin níos géire le nach gcuirfear an giorria thar a fhulaingt atá ag teastáil, a deir siadsan. Is éasca é sin a rá ná a dhéanamh.

Ceaptar na mílte giorria chuile bhliain agus coinnítear i mboscaí cúnga iad go dtí go ligtear amach chuig cúnna craosacha iad le dhul ag rásaíocht ina ndiaidh.

Basctar agus brúitear agus sclártar a lán acu. An chuid acu a n-éiríonn leo éalú is deacair a cheapadh go mbíonn mórán saoil i ndán dóibh. Bíonn an scéin a chuireann an tuairteáil ar fad iontu rómhór.

Ar dhuine de na pearsana cáiliúla atá páirteach sa bhfeachtas ar son an ghiorria atá ar bun faoi láthair tá Pamela Anderson. Sin í an bhruinneall phéacach a bhíodh sa gclár teilifíse Baywatch.

Scríobh sí chuig an Taoiseach le gairid ag impí air a theacht i gcabhair ar an ngiorria.
Dream croíúil, cairdiúil, gnaíúil iad muintir na hÉireann, a dúirt sí agus ba cheart go dtuigfidís an cás go maith.

Bheadh amhras ort scaití faoi ghnaíúlacht chlanna Gael, ach is cinnte go bhfuil a bhformhór mór ar son an ghiorria bocht scáfar.

Nuair a rinne an Sunday Independent pobalbhreith faoin ábhar fuair siad amach go raibh 80% den dream a d’fhreagair ar son cosaint a thabhairt don ghiorria.

Is cosúil gurb é an leigheas is ciallmhaire ar fad ar an scéal giorria iarainn a úsáid seachas giorria beo.

Tá an cineál sin cúrsála an-choitianta sna Stáit Aontaithe. Leagtar amach cúrsaí speisialta ansiúd leis an ngiorria iarainn a chur orthu. Lena ndéanamh chomh gar agus is féidir don chúrsa nádúrtha, cuirtear cor agus casadh anseo agus ansiúd iontu le haithris a dhéanamh ar chúrsa giorria sa bhfásach a bheadh ag iarraidh éalú ó chú.

Sa mbliain 1993 tugadh isteach dlí sa tír seo le musail a chur ar na cúnna ach ní mórán maitheasa a rinne sé sin. Tá cú a bhfuil musal air in ann damáiste an-mhór a dhéanamh do ghiorria nuair a bhuaileann sé faoi agus é faoi lánluas.

Fág freagra ar 'Bhí Nollaig níos suaimhní ag giorriacha na hÉireann i mbliana'

  • Mícheál de Róiste

    Ní mairítear ach céatadán fíor bheag anois sa chursáil óir na gobáin a chaitheann na cointe sna rásanna. Tugtar leigheas dóibh in aghaidh na cruimhe púchán a cuireann le faid a saoil sar a scaoiltear saor iad. Bíonn cosaint acu ó na madraí rua an fhad a mbíonn siad i ngéibheann agus bíonn na cumainn chúrsála gníomhach go leor ag faire ar a gcuid tailte agus ag cur ruaig ar phóitseálaithe agus lucht cúrsála mídleathacha. Is léir ón eolas a bhfaightear ó na taganna cluaise a chuirtear orthu nach maireann an gnáth ghiorria ach bliain go leith. Bíonn síorchoimhlint eatarthu agus na sionnach. Gabhadh seanlaoch seacht mbliana d’aois sna heangachaí gar liom tráth.É sin ráite sé mo bharúil tréan gurb é an namhaid is mó a chuireann le meath na ngiorraithe sa tír seo anois ná an stíl nua dian d,fheirmeoireacht atá i réim. Caithtear gaisneas a bhaint as gach órlach is cúinne den fheirm chun cloí le rialachaí na ndeontaisí. Tá síor draenáil ar bun ar na curraigh is na riascanna agus gach áit le seisc nó féar fada ina bhfaighfeadh an giorria dídean agus leaba dearg dó féin. Cuirtear crainnte ar na móinte fairsing nach bhfeileann dóibh agus feictear loscadh sléibhe ag dul thar fóir anois a chuireann as dóibh go mór. Caithfear cúlú siar ón bhfeirmeoireacht míthrócariúil atá bunaithe ró mhór ar árdú an bhaint agus praghasannaí de shíor ag dul in íseal. Marach é beidh a port seinnte ag an giorria, an crotach, an cearc fraoigh,an pilibín míog. an naoscach agus go leor leor eile.