Bhí meangadh mór ó chluais go cluais ar Salman Rushdie nuair a casadh orm é…

Nuair a chastaí orm é bhí Salman Rushdie croíúil agus ar a shuaimhneas

Bhí meangadh mór ó chluais go cluais ar Salman Rushdie nuair a casadh orm é…

Ar an 8 Samhain 2016 a casadh Salman Rushdie orm ag cóisir i Nua-Eabhrac. Bhí meangadh mór air ó chluais go cluais. Bhí sé théis vóta a chaitheamh den chéad uair i dtoghchán i Meiriceá níos túisce an lá sin, agus go luath an oíche sin bhí glactha leis go forleathan fós go mbeadh an bua ag Hillary Clinton.

Bhí Salman Rushdie ag mothú go maith faoi go ndearnadh saoránach Meiriceánach de. Bhí an chuma air gur fheil Nua-Eabhrac dó. B’ionadh liom an chéad uair a d’ith mé dinnéar leis sa gcathair: is é sin gur chosúil gur tháinig sé gan aon lucht slándála feiceálach leis agus go bhféadfadh sé imeacht agus dul abhaile gan a chuid gardaí cosanta a chur ar an eolas. Bhí mé ag ceapadh gur aimsigh sé bealach le bheith slán sábháilte gan scéal mór ná beag a dhéanamh faoi. Níor fhiafraigh mé de faoi. Ní raibh mórán suime aige labhairt faoina shábháilteacht féin ná na seansanna a thóg sé.

I Meiriceá bhí sé ina ghníomhaí, i measc rudaí eile. Agus é ina uachtarán ar PEN America nuair a tharla ionsaithe 9/11 thuig sé go mba dhócha go mbeadh Meiriceá níos dúnta isteach, níos faití roimh an saol mór.

D’fhéadfaí go n-éireodh cúrsaí níos measa i Nua-Eabhrac. Dá bhrí sin bhunaigh sé an PEN World Voices Festival i Nua-Eabhrac agus é mar chuspóir aige cuireadh a thabhairt dá oiread scríbhneoirí agus a d’fhéadfadh sé as gach uile chearn den domhan go Meiriceá ionas nach mbeadh an clár oibre seineafóibeach ar lean rialtas Bush dó i réim i Nua-Eabhrac.

Sa mbliain 2004 chuir Rushdie léacht ar bun i Nua-Eabhrac dar teideal ‘State of Emergency’, do scríbhneoirí a bhí i gcoinne na cinsireachta diongbháilte a bhí tagtha chun cinn sna Stáit Aontaithe. ‘Tagann daoine go dtí na Stáit Aontaithe mar go bhfuil an-mheas acu ar an tsaoirse cainte. Sin a mheall mise anseo. Is mór an feall smaoineamh anois air go bhfuil sé sin i mbaol,’ a dúirt Rushdie leis an nuachtán Francach Libération a thuairiscigh: ‘Sul má tháinig sé ar an stáitse, cháin Salman Rushdie an méadú smachta a bhí rialtas Bush a chur ar na meáin.’ Dúirt Rushdie: ‘Le 82 bliain, throid PEN ar son na saoirse seo i dtíortha eile. Tá sé tábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb seo nuair a thagann thar ár dtairseach féin.’

Sa mbliain 2010, chuir Rushdie síos ar dhioscúrsa Mheiriceá leis an gcuid eile den domhan mar ‘comhrá na mbodhrán’.

Nuair a chastaí orm sna blianta sin é bhí Rushdie croíúil agus ar a shuaimhneas. De bharr gur thug chuile dhuine faoi deara é aon uair a thagadh sé isteach i seomra, bhí sé de nós aige a bheith seachantach, fanacht ar an gcúlráid. In imeacht na mblianta, ba ghearr go raibh sé ina phearsa phoiblí i Nua-Eabhrac agus níos mó suime aige i saoirse cainte ná ina chruachás féin. B’éasca a cheapadh dá réir go raibh níos lú práinne ag baint leis an mbaol ina raibh sé.

San am a raibh sé fós ina chónaí faoi gharda is faoi chosaint airdeallach sa Bhreatain, casadh orm faoi dhó é agus bhí an dá choinne sin a bhí agam leis an-suimiúil. I mí Eanáir 1993, ceithre bliana i ndiaidh an fatwa, tháinig Rushdie go hÉirinn. Tamall roimhe sin, nuair a casadh orm i Londain é, dúirt sé liom go raibh sé i dteagmháil le Dick Spring, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha ag an am, agus labhair leis faoin seans a bheadh ann taisteal go Meiriceá le Aer Lingus de bhrí gur dhiúltaigh an chuid is mó d’aerlínte na Breataine é a iompar trasna an Atlantaigh.

I mBaile Átha Cliath, bhí sé soiléir gur mhaith leis an oiread daoine agus áiteanna a fheiceáil agus a d’fhéad sé. Chuir Mary Robinson fáilte roimhe. Thug sé óráid i gColáiste na Tríonóide ag comhdháil faoi shaoirse an phreasa dar teideal ‘Let In The Light’. Chuaigh sé chuig Túr Joyce. Agus, ar chuireadh ó Dermot Bolger, a bhí ina bhall den Chomhairle Ealaíon ag an am, tháinig sé i gcomhair lóin chun bualadh le scríbhneoirí Éireannacha i bhfoirgneamh na Comhairle Ealaíon i gCearnóg Mhuirfean.

Is cuimhneach liom Michael Hartnett a bheith ann, agus Anthony Cronin, agus bhí mise i mo shuí idir John Banville agus Hugo Hamilton.

Tamall roimh an gcuairt, d’fhiafraigh duine eicínt díom an bhféadfainn smaoineamh ar aon rud faoi leith a mba mhaith le Salman a dhéanamh tráthnóna Sathairn i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir.

Níl a fhios agam céard a tháinig orm ach de bharr go raibh sé sáinnithe istigh chomh fada sin mhol mé go mb’fhéidir go mbainfeadh sé taitneamh as dul amach ag siúl ar Bhinn Éadair. Rinneadh go leor comhairliúcháin leis na Gardaí agus leis an Aonad Speisialta a d’aontaigh go bhféadfaidís dianslándáil a chur ar fáil le haghaidh na siúlóide sin.

Bhí taithí ag Salman a bheith á thiomáint thart ó áit go háit faoin am sin. Fiú nuair a chuaigh muid thar an Trá Thuaidh níor chuir sé ceist faoi cá raibh ár dtriall. Bhí an spéir gorm agus ní raibh sé rófhuar. Bhí sé socair, suaimhneach agus chuir sé suim i chuile rud. D’fhiafraigh sé díom arb as teaghlach de chuid na huasaicme é John Banville.

Nuair a shroich muid Ceann Bhinn Éadair, thug mé faoi deara gur chreid sé go mbeadh sé ag dul go háit eicínt, go mbeadh ceann scríbe cinnte ann.

‘An mbíonn sé chomh garbh seo i gcónaí?’ a d’fhiafraigh sé nuair a chonaic muid méid Chuan Bhaile Átha Cliath os ár gcomhair amach. Bhí an radharc go hiontach dháiríre.

An t-aon fhadhb a bhí ann ná nár chuir, nach gcuireann agus nach gcuirfidh Salman Rushdie suim i dtírdhreach choíche. Ní hé sin is spéis leis. Is breá leis an cultúr agus castachtaí an tsaoil. Is croiniceoir cathracha plódaithe é, agus tá sé níos mó ar a shástacht sna cinn mhóra – Londain, Bombay, Nua-Eabhrac. Is mó a spéis ins na nithe a tharlaíonn lenár linn féin, i gcultúir atá faoi bhrú.

Ní raibh mórán de chultúr le fáil ar Bhinn Éadair aige agus ba é an t-aon bhrú a bhí orainn ná ár gcuairteoir a thabhairt ar ais go dtí an chathair chomh luath agus ab fhéidir. Ach d’éirigh sé bríomhar nuair a insíodh dó faoi Leopold Bloom agus Molly a bheith ag cúirtéireacht anseo, agus d’éirigh sé níos gafa fós nuair a thaispeáin mé teach Conor Cruise O’Brien dó ar an mullach. Theastaigh uaidh a fháil amach cá mhéad ama a chaitheadh an Cruiser, mar a thugtaí air, ann.

Tá mé ag ceapadh go raibh sé ag déanamh iontais go roghnódh duine áit chomh rite le cónaí ann. Ach bhí sé dea-mhúinte i gcónaí agus dá bhrí sin ní bhfuair mé amach ariamh céard go díreach a bhí ar a intinn.

Ó mo thaobhsa de ní raibh ann ach buille faoi thuairim. Agus buille eile faoi thuairim uaim go mba faoiseamh dó é nuair a thiomáin muid ar ais thrí shráideanna broidiúla na cathrach.

Nuair a foilsíodh an chéad úrscéal eile uaidh, The Moor’s Last Sigh, agus mise ag taisteal in éindí leis ar chuid dá thuras leabhair, chun píosa a scríobh faoi do Esquire, níor fhiafraigh mé de cérbh é an rud ba mheasa faoin fatwa.

Bhí imní orm go ndéarfadh sé go mba í an tsiúlóid uafásach úd ar Chnoc Bhinn Éadair í.

I mí Eanáir, in ainm Dé!

Ar an turas leabhair sin, bhí beirt d’fhoireann slándála Rushdie dár dtionlacan go dlúth. Bhí duine amháin acu, mar chaitheamh aimsire dó féin beagnach, ag déanamh PhD i mBéarla. Agus bhí lán cófra éadaí buaite ag an duine eile i gcomórtas de chuid Esquire.

D’admhaigh mise go maolchluasach go raibh baint bheag eicínt agam féin le comórtais Esquire agus ba mhórchomaoin a cuireadh orm dá bharr sin agus muid ag tiomáint chuig féile litríochta lenár n-údar iomráiteach.

Tá locht mór amháin ar Salman Rushdie. Níor chríochnaigh sé Middlemarch le George Eliot ariamh. Agus níl an chosúlacht air go mothaíonn sé ciontach dá bharr. Agus muid sa gcarr phléigh mise agus an garda a bhí ag déanamh PhD gaisce éachtach scóipiúil an leabhair.

Ba é bun agus barr an scéil nár ghá do Salman Rushdie aon cheisteanna faoin fatwa a fhreagairt ar an turas ó Londain go Cheltenham. Le linn don bheirt ghardaí agus dom féin éirí níos teasaí faoi chomórtais Esquire agus faoi phósadh Dorothea agus Casaubon, d’fhan Rushdie ina shuí ansin go ciúin.

Bhí an chuma air go raibh sé sásta nach raibh aon duine ag cur isteach ná amach air.

Micheál Ó Conghailei gcomhar le Niklas Finka d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'Bhí meangadh mór ó chluais go cluais ar Salman Rushdie nuair a casadh orm é…'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Smaoineamh fíormhaith é seo altanna ó mórscríóbhneoirí teangacha eile seachas an Ghaeilge a fhoilsiú i bhfoirm aistriúcháin.
    Go n-éirí libh.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Maidir leis an concheap seo (saothair scríbhneoirí fiúntacha Béarla a aistriú agus a chur ar fáil ar leathanaigh thuairisc.ie) is coincheap ar chóir don nuachtán a fhorbairt. Tá an poiteinsiúil ann chun an foilsiúchán a chosaint ó leadrán áirithe a bhaineann le saol cung na Gaeilge.