Bhí bua mór ag comharchumann beag Gaeltachta san Ard-Chúirt ach cén tábhacht a bhí leis?

D’éirigh le cás Chomharchumann Ráth Chairn san Ard-Chúirt an tseachtain seo nuair a cuireadh cinneadh de chuid an Bhoird Pleanála ar ceal. Cad a tharla agus cén tábhacht a bhí lena mbua ó thaobh na Gaeilge?

Bhí bua mór ag comharchumann beag Gaeltachta san Ard-Chúirt ach cén tábhacht a bhí leis?

Cén fáth go ndeachaigh Comharchumann Gaeltachta chun na hArd-Chúirte faoi chinneadh a rinne an Bord Pleanála?

Is léir gur chreid an Comharchumann go ndéanfaí dochar mór do stádas na Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn dá dtógfaí an t-óstán agus an tríocha teach nua a bhí beartaithe ag forbróir áitiúil. Dhiúltaigh Comhairle Contae na Mí don iarratas pleanála sa bhliain 2019 ach rinne an forbróir – Colm Ó Gríofa – achomharc chuig an mBord Pleanála. D’ainneoin gur mhol cigire an bhoird diúltú don iarratas, chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt óstán le 30 seomra leapa agus 30 teach a thógáil i gcroílár an tsráidbhaile Gaeltachta. Cuireadh ‘coinníollacha teanga’ leis an bhforbairt ach mheas an comharchumann go raibh siad rótheibí, róscaoilte agus easnamhach. Má bhí an comharchumann chun an fhorbairt a stopadh ní raibh de rogha acu ach achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ag súil go gcuirfí an cead pleanála ar ceal.

Cad a dúradh sa chúirt?

Bhí stádas Gaeltachta Ráth Chairn agus an tionchar a bheadh ag an óstán agus na tithe nua ar labhairt na Gaeilge sa cheantar i gcroílár an cháis. Cuireadh mionnscríbhinní éagsúla i láthair na cúirte, ar son agus in aghaidh na forbartha. Éanna Ó Cróinín, fear ceoil agus pobail, a leag amach cás an chomharchumainn. Mhaígh Ó Cróinín, cathaoirleach an chomharchumainn, go raibh an ráiteas tionchar teanga a bhí ullmhaithe ag Jim Brogan don fhorbróir míchruinn mar gur chuir sé figiúirí faoi chéatadán na gcainteoirí Gaeilge i Ráth Chairn agus figiúirí do Bhaile Ghib le chéile. Ceantar Gaeltachta i bhfad níos laige ná Ráth Chairn é Baile Ghib. Léiríodh amhras freisin faoi thátal an ráitis tionchar teanga go rachadh an fhorbairt chun leas na Gaeilge sa cheantar de bharr na fostaíochta a chruthófaí san óstán nua.

Céard a bhí le rá ag an mBreitheamh O’Hanlon faoin gcás?

Ba é seo ceann de na breithiúnais dheireanacha a dhéanfaidh an Breitheamh O’Hanlon mar go bhfuil sí ag dul ar scor inniu. Dúirt an breitheamh go raibh conclúidí an ráitis tionchar teanga “gan mhíniú ná anailís”. Dúirt sí gur sháraigh cinneadh an Bhoird Pleanála plean forbartha na Mí, polasaí an Rialtais agus “polasaí seasta agus reachtúil” an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

B’amhlaidh sin toisc nár cruthaíodh gur chun leas na Gaeilge sa cheantar a bheadh an fhorbairt.

Chuir an Breitheamh O’Hanlon an cinneadh ar ceal toisc go raibh measúnú tionchar teanga an fhorbróra “fíorlochtach ó bhonn agus ina neamhní” agus go raibh cinneadh an Bhoird Pleanála “míréasúnach gan bhunús”. D’aontaigh sí freisin le Comharchumann Ráth Chairn gur “coinníoll teanga in ainm amháin” a bhí sa choinníoll teanga ar ghlac an Bord leis agus gur “gá é a chur ar ceal”.

Cén tábhacht a bhain le cinneadh an Bhreithimh O’Hanlon ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de?

Cinneadh an-suntasach é seo a aireofar amach anseo i measc breithiúnais chúirte eile a raibh an-tábhacht leo ó thaobh chás na teanga, breithiúnais amhail Ó Beoláin v Fahy agus Ó Murchú v An Stát. Is cinnte go mbeidh áit sa chéad eagrán eile de An Ghaeilge sa Dlí ag Comharchumann Ráth Chairn v An Bord Pleanála. Tá an cinneadh seo tábhachtach mar tugann sé soiléiriú dlíthiúil ar cheist thábhachtach a bhaineann le cearta teanga. Leag an Breitheamh O’Hanlon síos slat tomhais maidir lena bhfuil i gceist le ráiteas tionchar teanga i gcás forbairtí sa Ghaeltacht. Is léir go gcaithfidh an té a dhéanfadh ráiteas den chineál sin a bheith cáilithe go cuí agus fianaise shoiléir, chruinn a chur ar fáil a chruthaíonn go ndéanfadh forbairt leas na teanga sa Ghaeltacht. De réir fasaigh nó cinntí a rinneadh cheana a fheidhmíonn na húdaráis pleanála agus na cúirteanna. Má tá ciall ag forbróirí agus a gcomhairleoirí dlí scrúdóidh siad go mion an breithiúnas seo sula dtabharfaidh siad faoi iarratas ar chead pleanála sa Ghaeltacht.

Cén bhaint a bhí ag an sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin leis an gcás?

Dúirt an breitheamh gur chabhraigh an cháipéis a chuir an Dr Conchúr Ó Giollagáin faoi bhráid na hArd-Chúirte le ‘pictiúr iomlán soiléir’ a thabhairt don chúirt faoin gcás. Dúirt sí go raibh Ó Giollagáin cáilithe mar shaineolaí sa tsochtheangeolaíocht, sa phleanáil teanga agus san antraipeolaíocht agus gur léirigh a chuid fianaise ‘na botúin’ a bhí sa ráiteas tionchar teanga a rinneadh don fhorbróir. Bíodh is gurb í an chluas bhodhar a thugann cuid áirithe den státchóras do chomhairle agus d’fhíricí Uí Ghiollagáin faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta, is léir go bhfuil meas san Ard-Chúirt ar a thuairim.

Céard faoi na forais stáit, an Roinn agus an tÚdarás, an é gur fhanadar ar leataobh agus an obair seo a fhágáil faoin gcomharchumann áitiúil?

A mhalairt a tharla sa chás áirithe seo. Chuir an tÚdarás agus an Roinn aighneachtaí in aghaidh na forbartha faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Bhí ráiteas Roinn na Gaeltachta an-láidir sa mhéid is gur mhol siad dá gceadófaí an scéim tithíochta i Ráth Chairn gur gá gach teach – 100% acu – a chur ar leataobh do dhaoine le Gaeilge.

An raibh baint ag dlí na hEorpa leis an gcás seo? 

Tagraíodh sa chás do reachtaíocht Eorpach a thugann tacaíocht do mhionlaigh ach bheartaigh an Breitheamh O’Hanlon gan dul i ngleic leis an ngné sin den scéal ó tharla go raibh sé soiléir gur sháraigh cinneadh an Bhoird Pleanála forálacha reachtúla de chuid na an stáit seo.     

An dtiocfaidh aon athrú ar stádas na Gaeilge sa chóras pleanála de thoradh an bhreithiúnais seo?

Ní bheidh aon athrú ar stádas na Gaeilge per se ach tá léirmhíniú cruinn tugtha anois ar a bhfuil i gceist leis an ngné seo den phleanáil. Fasach dlí é a mbeidh aird air sna cúirteanna agus ag lucht rialaithe feasta. Bheifí ag súil go gcuirfeadh sé tús le cur chuige úrnua maidir le ráitis tionchar teanga i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Chuir Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an gcinneadh agus is cinnte go mbeidh sé ina údar misnigh acusan agus ag gníomhaithe eile atá ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos fearr don teanga sa chóras pleanála.

An é seo deireadh an scéil?

D’fhéadfadh an Bord Pleanála achomharc a dhéanamh go dtí an Chúirt Achomhairc in aghaidh chinneadh an Bhreithimh O’Hanlon sa chás seo ar phointe dlí. Dhéanfaí sin dá gceapfaí go raibh prionsabal le cosaint acu nó go raibh botún déanta ag an mbreitheamh ina léirmhíniú ar an dlí.

D’fhéadfadh an forbróir an t- iarratas pleanála a leasú i bhfianaise an chinnidh seo agus iarratas nua a dhéanamh ar chead pleanála. Chuig Comhairle Contae na Mí a chaithfí aon iarratas nua a dhéanamh, an t-údarás pleanála a dhiúltaigh don iarratas an chéad lá riamh.

Fág freagra ar 'Bhí bua mór ag comharchumann beag Gaeltachta san Ard-Chúirt ach cén tábhacht a bhí leis?'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Comhghairdeas le Comharchumann Ráth Chairn as an bhfód a sheasamh sa chás seo. B’ait liom cinneadh an Bhord Pleanála, eagraíocht a thug beithiúnais dearafacha ar son na teanga i gcásanna eile. Ardmholadh an dul don mBreitheamh O’Hanlon a bhí in situ ag an am chuí. Agus go n-éirí léir amach anseo.

  • CCc

    “Bhí ráiteas Roinn na Gaeltachta an-láidir sa mhéid is gur mhol siad dá gceadófaí an scéim tithíochta i Ráth Chairn gur gá gach teach – 100% acu – a chur ar leataobh do dhaoine le Gaeilge.”

    – Fair play dóibh!

    “Chuir an tÚdarás agus an Roinn aighneachtaí in aghaidh na forbartha faoi bhráid an Bhoird Pleanála.”

    – Fair play dóibh!

    “chabhraigh an cháipéis a chuir an Dr Conchúr Ó Giollagáin faoi bhráid na hArd-Chúirte le ‘pictiúr iomlán soiléir’ a thabhairt don chúirt faoin gcás.”

    – Fair play dó!

    “Chuir an Breitheamh O’Hanlon an cinneadh ar ceal toisc go raibh measúnú tionchar teanga an fhorbróra “fíorlochtach ó bhonn agus ina neamhní” agus go raibh cinneadh an Bhoird Pleanála “míréasúnach gan bhunús””

    – Fair play di!

    Comhghairdeas le Comharchumann Ráth Chairn!

    – …Fair play!