Bhí an mhaith a dhéanann an spórt soiléir in uafás bhris mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall

Bhí clubanna CLG ina gcrann taca ag muintir Dhún na nGall agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as uafás na timpiste bóthair inar maraíodh ceathrar fear óg

Bhí an mhaith a dhéanann an spórt soiléir in uafás bhris mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall

Is minic, agus is rómhinic is dócha, go mbímid ag cáineadh agus ag caitheamh achasáin i dtreo cumainn agus fochumainn spóirt ar na saolta seo. Níl Cumann Lúthchleas Gael á rith i gceart de réir dealraimh. Tá abláil cheart á déanamh ar chúrsaí caide, agus bhí sé de neamh-mheabhair ag ard-oifigigh an Chumainn costas na dticéad a dh’ardach tráth nach bhfuil puinn speilpe ar chosmhuintir na caide agus na hiomána, agus dronna orthu le hualach oibre d’iarraidh maireachtaint. Agus ná tosnaigh ar an FAI…

Ach bhí an mhaitheas a dheineann cumainn spóirt do dhaoine agus do phobail le feiscint go ríshoiléir le linn na seachtaine seo caite agus muintir Ghaeltacht Iarthuaisceart Dhún na nGall fé bhrat bróin agus iad dall ag ochlán i ndiaidh dóibh ceathrar tréanfhear a cailleadh de dheasca tionóisce bóthar. Ba dhiamhair an phúir é, plúr na bhfear óg, gan iad ach sna fichidí luatha de bhlianta, bailithe leo in aon oidhe thubaisteach amháin. B’olc mar thragóid é d’aon phobal, ach ar shlí éigin, ba dhóigh leat go bhfuil sé níos measa i bpobal beag tuaithe.

Agus físeáin de na sochraidí ag teacht chugainn trí bhosca na teilifíse, rith sé liom go raibh an timpeallacht ag cur le huaigneas na hócáide; buaine agus buanseasmhacht na hEaragaile i gcodarsnacht le leochaileacht agus le laige bheatha an duine.

Ó ghiolcadh an gealbhain an mhaidin in éis na tragóide, bhí CLG Chloich Cheann Fhaola ina chrann taca ag muintir na háite agus iad d’iarraidh ciall a bhaint as uafás na hoíche roimhe sin. Osclaíodh an clubtheach chun go mbeadh áit ag daoine teacht le chéile mar phobal le gol. As sin go Déardaoin, nuair a cuireadh na laochra san úir, bhí an Cumann ann dá bpobal féin, agus do na pobail eile a bhí ag caoineadh. B’iadsan a bhí ag maoirsiú na tráchta ag na tórraimh, agus bhí imreoirí agus oifigigh an chumainn ina ngarda onórach agus a mbráithre ar a n-aistear deireanach chun na cille.

Bhí an rud ceannann céanna á dhéanamh ag CLG Ghaoth Dobhair, agus is dubh an croí atá ag an nduine nach mbeadh tocht ina scornach ag féachaint ar imreoirí an chumainn agus coirn acu, ag tionlacan an eileatraim ina raibh cónra a gcara. Níor cheart gur mar sin a bheadh.

Bhí cumainn sacair Ghleann Átha Aontaithe agus Ceiltigh Dhún Lúiche faru; is mó cath a chaitheann comharsana ar a chéile ar pháirc na himeartha, ach bhí na ceithre chumann ina n-éinne amháin an tseachtain seo d’imigh tharainn, agus iad aontaithe ag an ochlán.

Agus é ag scríobh fén dtionchar a bhí ag an mbás ar a chumann féin, Cumann Naomh Seosamh Dúire-Gort Lomán, dúirt Christy O’Connor go mbíonn an bás mar a bheadh bithiúnach nó gadaí a bhriseann isteach inár saol agus a ghoideann rudaí uainn nach bhfaighfear tharnais go deo iad. Nuair a cailleadh duine de shaighdiúirí an chumainn úd, Ger Hoey, deir O’Connor go raibh an cumann ina thearmann, nó ina shanctóir dóibh. Bhí leigheas éigin le fáil ó ghlórtha agus ó phaisean na leanaí agus iad ag imirt agus ag traenáil ar an bhfaiche. Nuair a cailleadh a iníon féin Róisín, níor fhág Christy an tigh ar feadh trí lá, agus ba é an chéad áit a ndeachaigh sé ach ar fhág sé an baile ná síos go dtí a chumann. Bhraith sé nach raibh aon ní i gceart sa tsaol ag an am ach an camán agus an sliotar, agus go bhfuair sé sólás éigin uathu.

Sin barr bua agus an chuid is fearr den spórt, é ag cabhrú agus ag maoirsiú an phobail trí na laethanta is dorcha agus is duairce.

Trócaire sa chré ar Mhícheál Ó Rabhartaigh, Shaun Harkin, Daniel Scott agus John Harley.

Fág freagra ar 'Bhí an mhaith a dhéanann an spórt soiléir in uafás bhris mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall'

  • Bernadette Ní Dhuibhir

    Is maith iad uilig a chuidigh i rith na laethanta dorcha a bhí againn an tseachtain seo a chuaigh thart, ár mbuíochas tuillte acu agus curtha i scríbhinn go deas agat.