Cé acu ab fhearr – Christy Ring nó Mick Mackey?

An urraim agus an t-ómós atá ag dul i gcónaí do na hiománaithe a d’imir i bhfad siar

Cé acu ab fhearr – Christy Ring nó Mick Mackey?

Mick Mackey agus Christy Ring

Agus é i mbun pinn i 1973 ar bhás do Lory Meagher, dúirt an t-údar agus an t-iriseoir spóirt Pádraig Puirséil an méid seo: “In my lifetime only three hurlers have been able to draw huge crowds by the lure of their name alone. Lory Meagher, Mick Mackey and Christy Ring.

Chonaic comhfhreagraí na gCluichí Gaelacha sa nuachtán Scéala Éireann agus bunaitheoir na hirise Gaelic Weekly an triúr i mbarr a maitheasa. Nuair a bhí a bhfuil thuas ráite aige, ba í a thuairim nach bhféadfaí iad a chur i gcomparáid lena chéile mar nárbh as an múnla céanna a tháinig ceachtar acu.

Chomh maith leis sin ar ndóigh is fíor nach ag an am céanna a bhí ceachtar den triúr i mbarr a maitheasa. Bhí Meagher 34 bliain d’aois nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Luimneach i 1933 agus Mackey ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann den chéad uair an lá sin. Bhí cúig Chluiche Ceannais imeartha ag Mackey agus cúig bhonn Sraithe Náisiúnta buaite aige faoin am ar thug Christy agus Corcaigh Corn Mhic Cárthaigh leo i 1941.

Tugann na blianta ar saolaíodh iad léargas níos fearr ar mo scéal – Meagher 1899; Mackey 1912; Ring 1920.

Sa lá atá inniu ann agus an Cluiche Ceannais stairiúil idir Luimneach agus Corcaigh ar leic na tairsí, is deacair a shamhlú go bhféadfadh aon iriseoir spóirt aontú leis an mbarúil a thug Pádraig Puirséal faoin triúr agus aon duine d’iománaithe móra na linne seo á bplé.

Ní hé nach bhféadfaí cás a dhéanamh go bhfuil agus go raibh Joe Canning, Henry Shefflin agus T.J. Reid, cuir i gcás, chomh sciliúil, stuifiúil céanna le ceachtar den triúr eile. Ach sé lomchlár na fírinne go bhfuil an iomáint athraithe ó bhonn nach mór – imreoirí anois chomh haclaí le lúthchleasaithe gairmiúla, ag maireachtáil faoi chomhairle shaineolaithe beatha, fuinnimh agus eolaíochta chuile lá – iad ag léiriú máistreachta ar shliotar atá níos éadroime agus níos fearr ar pháirceanna imeartha a bhíonn go minic ar chuma an chairpéid.

Joe Canning na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Gné amháin nach bhfuil athraithe is ea an urraim agus an t-ómós atá ag dul i gcónaí dóibh siúd a d’imir i bhfad siar. Sin an fáth ar chuala agus a bhfaca tú an méid a scríobhadh agus a dúradh faoi Mick Mackey agus faoi Christy Ring le seachtain.

Tiománaithe leoraí ab ea iad beirt, ach ba bheag cosúlachtaí eile a bhí eatarthu ach amháin go mba iománaithe den scoth iad.

Ba é Mackey ba théagartha – cúpla cloch mheáchain níos troime ná an Corcaíoch. Ba é freisin ba shuáilcí agus ba laethúla. Ar a bhealach amach ón gcúl tar éis dó scór a aimsiú níos mhiste leis a chur in iúl do chéile comhraic go raibh bob buailte aige air.

Ar an lámh eile, ar a admháil féin, dúirt Ring nach cuimhneach leis gur labhair sé le haon duine a bhí á mharcáil riamh le linn imeartha.

Bhí seisean i bhfad níos doimhne, fear ciúin, cráifeach go mba bheag eile a bhí ar a intinn riamh ach a mhuintir, a chuid oibre agus a chuid iomána.

Ar ndóigh, mar a tharlaíonn, an triúr imreoirí de chuid na linne seo atá luaite agam, bhí agus beidh díospóireacht ann faoi cé acu de na seanfhondúirí ab fearr – an té a rugadh i gCaisleán Uí Chonaill agus a d’imir le hÁthán, nó an fear a chaith a óige ar an gCluain nó gur chuir sé faoi i gCathair Chorcaí, áit ar imir sé le Fánaithe an Ghleanna.

Iarracht gan tairbhe tabhairt faoina leithéid. Tá siad ann a déarfadh go mba é Mackey ba thréine agus ba láidre, ach nár mhór dó an sliotar a bheith ina ghlaic aige sula bhfeicfí a chuid éifeachta i gceart. Ar an taobh eile d’fhág rostaí Uí Rinn go mba eisean ba sciliúla.

Christy Ring i 1956

Níl aon réiteach ar argóintí den chineál sin – sa spórt nó in aon réimse eile den saol. Sé an t-amhránaí ceoldrámaíochta Beniamino Gigli ab fhearr a thug leis é. Ba i lár an chéid seo caite a bhí seisean ina neart. Leathchéad bliain roimhe ba é Enrico Caruso ba cháiliúla sa ngairm. Nuair a dúirt duine éicint le Gigli go rabhthas ag tabhairt ‘Caruso the second’ air féin, ba é a dúirt sé “I will always be Gigli the first!”.

Murar labhair Christy Ring le haon duine riamh ar pháirc na himeartha, tá comhrá gairid idir é agus Mackey ar cheann de na grianghraif is cáiliúla a bhaineann leis an iománaíocht.

Ag fágáil na páirce do Christy agus é gortaithe le linn Chluiche Ceannais na Mumhan 1957 idir Corcaigh agus Port Láirge shiúil Christy laistiar den chúl ina raibh Mackey ar dhuine de na maoir a bhí ar dualgas ann. Rug an ceamaradóir ar an gcomhrá.

Níor inis ceachtar den bheirt riamh céard a dúradh, rud ar ndóigh a thug deis do go leor eile a gcraiceann féin a chur ar an scéal.

Bhí Ring (1979) agus Mackey (1982) básaithe le fada faoin am a dtáinig fuascailt ar na cúpla focal. In alt a scríobh Michael Moynihan san Examiner i Márta 2010 a facthas sin, bunaithe ar chomhrá a bhí idir Christy agus cara dá chuid Dan Barrett.

“’You didn’t get half enough of it,’ a deir an maor. ‘I’d expect nothing different from you,’ a deir an fear leonta!

Fág freagra ar 'Cé acu ab fhearr – Christy Ring nó Mick Mackey?'