‘Bhí a gcairde Tigh Darby ach bhí na leaids amuigh ag traenáil’ – Nollaig chiúin ag Naomh Anna roimh an gcluiche mór

Is ag traenáil agus ag iarraidh an Covid-19 a sheachaint a chaith peileadóirí Naomh Anna an Nollaig ach b’fhiú an íobairt má éiríonn leo Craobh Idirmheánach Peile Chonnacht a thabhairt leo amárach

‘Bhí a gcairde Tigh Darby ach bhí na leaids amuigh ag traenáil’ – Nollaig chiúin ag Naomh Anna roimh an gcluiche mór

Foireann Naomh Anna, Leitir Móir. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ní scríobhfar aon leabhar faoin Nollaig thiar i gCeantar na nOileán in 2021 ach d’fhéadfadh sí fós a bheith ina cuid thábhachtach de scéal Naomh Anna, Leitir Móir agus peileadóirí an chumainn ag iarraidh Craobh Chonnacht a thabhairt leo den dara huair riamh an deireadh seachtaine seo.

D’fhág tionchar Omicron agus an Covid-19 gur Nollaig chiúin a bhí ag daoine ar fud na tíre agus b’amhlaidh do phobal cheantar na n-oileán thiar in iardheisceart Chonamara. Agus na tithe ósta oscailte go dtína hocht, bhí deis bheag ag daoine píosa spraoi a dhéanamh ach ní bhfuair peileadóirí Naomh Anna an méid sin féin fiú agus iad gafa lena n-ullmhúcháin don chluiche mór.

Tar éis dóibh Craobh Idirmheánach na Gaillimhe a bhuachan mí na Samhna, bhuaigh fir Naomh Anna ar churaidh Liatroma, Droim Dhá Thiar, agus ar sheaimpíní Mhaigh Eo, Gaeil Mhaigh Eo, chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige, mar a dtabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Faithleach Ros Comáin amárach (Staid an Phiarsaigh, 1.30pm).

Is ar an 11 Nollaig a bhuaigh Naomh Anna ar Ghaeil Mhaigh Eo sna babhtaí leathcheannais ach ó tharla gur socraíodh gur sa mbliain nua a d’imreofaí an cluiche, ní raibh aon scíth acu ón traenáil i rith na Nollag.

“Choinnigh muid orainn ag imeacht,” a deir Ciarán Óg Ó Flatharta, bainisteoir na foirne. “Thóg muid Lá Nollag agus Lá ’le Stiofáin saor ach, seachas sin, bhí muid ag traenáil chuile Dé Máirt, chuile Dé Céadaoin agus arís ansin Dé Domhnaigh.”

Is beag atá éasca ná tarraingteach faoi bheith amuigh ag traenáil ar Pháirc an Mháimín sa dorchadas, sa bhfuacht agus sa bpuiteach am ar bith, gan trácht ar aimsir na Nollag, ach deir Ó Flatharta go raibh a chuid imreoirí sásta luí isteach ar an obair agus iad ag iarraidh gaisce a dhéanamh le chéile.

“Bhí muid amuigh an oíche roimh Oíche Nollag, an 23ú. Bhí a gcairde uile Tigh Darby ach bhí na leaids amuigh ag traenáil. Léiríonn sé sin an spiorad atá sa bhfoireann seo, leaids óga iad ach tá siad ag iarraidh é a dhéanamh. Bhí Tigh Darby oscailte go dtína hocht an oíche sin ach bhí na leaids amuigh ar an bpáirc go dtí 8.30pm nó thart air sin ag déanamh na hoibre.”

Fiú agus pé ceiliúradh a bhí ann á sheachaint ag imreoirí Naomh Anna, ní raibh siad in ann éalú ó lorg an Omicron. Bhí an cluiche ceannais in aghaidh Naomh Faithleach le bheith ann Dé Sathairn seo caite ach d’fhág cúrsaí Covid go raibh ar an gcumann iarratas a dhéanamh an cluiche a chur ar athlá.

Chuir an fhadhb cheannann chéanna as do Naomh Faithleach, agus d’iarr cumann Ros Comáin, as a stuaim féin, go gcuirfí an cluiche siar. Chinn Comhairle Chonnacht seachtain bhreise a thabhairt don dá fhoireann agus tá súil ann anois nach mbeidh tionchar ag an víreas ar thoradh an chluiche.

“Bhí muid d’uireasa go leor le coicís anuas,” a deir Ó Flatharta, “bhí go leor ar iarraidh orainn, idir leaids a bhí ag féinleithlisiú nó leaids a raibh an Covid orthu, ach tá siadsan ar ais anois, buíochas le Dia.

“Bíonn os cionn 30 ag traenáil go minic againn agus bhí muid síos go 19 nó 18 só bhí sé deacair é a réiteach ach tá muid ag teacht chugainn féin arís.”

Deir Ó Flatharta gur mór an buntáiste é go bhfuil painéal mór ag Naomh Anna i mbliana. Ba léir sin sa chluiche leathcheannais in aghaidh Ghaeil Mhaigh Eo. Bhí Naomh Anna ceithre phointe chun deiridh agus fear gann agus níos lú ná deich nóiméad fágtha. Ach bhí an-tionchar ag an ionadaí, Ferdia Breathnach ar an teacht aniar a rinne Naomh Anna agus ba é freisin a chruthaigh an cúl cinniúnach d’Éamonn Ó Loingsigh san am breise.

Ferdia Breathnach agus Éamonn Ó Loingsigh. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

“Tá scuad mór ann. Tá thart ar 36 uile againn. Tá go leor acu an-mhaith agus tá de mhí-ádh orthu nach bhfaigheann siad deis,” arsa Ó Flatharta.

“Bíonn seisear tosach ar an bpáirc ach tá ochtar, nó níos mó, ann a dhéanfadh an jab ach an deis a thabhairt dóibh. Tá mí-ádh ceart ar chuid acu nach mbíonn siad ag imirt.”

Cinnte, cumas na n-imreoirí uile is cúis le rath Naomh Anna go dtí seo i nGaillimh agus i gConnachta. Chomh maith le cluiche leathcheannais an chúige, bhí fir Chonamara i ladhar an chasúir in aghaidh an Dúin Mhóir i gcluiche ceannais an chontae. Is é an captaen agus an leathchúlaí Ciarán Bairéad a spreag an fhoireann lena chúl gar do dheireadh na himeartha sular scóráil Warren Seoige cúilín an bhua agus an t-am caite.

An teacht aniar sin atá ar a gcumas, bhí sé ag teastáil freisin sna babhtaí leathcheannais chun Oileáin Árann a shárú agus fiú chomh fada siar le babhtaí na ngrúpaí, bhí Naomh Anna go mór i mbaol. Chaithfidís Micheál Breathnach, a d’imir i gcluichí ceannais 2018 agus 2019, a bhualadh le seacht bpointe le teacht amach as an ngrúpa agus b’in díreach a rinne Naomh Anna.

Nuair a fhiafraím de  bhainisteoir na foirne cá as a dtagann an misneach agus an chomrádaíocht sin, deir sé gur dílseacht dá gceantar is cúis leo.

“Is áit bheag é seo, baile beag. Tá Leitir Móir, Leitir Mealláin, Garmna, an Trá Bháin, Béal an Daingin agat, pobal beag é. Tá muid uile le chéile agus tá na leaids ag iarraidh é a dhéanamh dá chéile.”

Beidh deis eile acu dul sa mbearna bhaoil dá gceantar dúchais amárach agus má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann láidir Naomh Faithleach, déanfar an dara Nollaig a cheiliúradh thiar sna hoileáin.

Fág freagra ar '‘Bhí a gcairde Tigh Darby ach bhí na leaids amuigh ag traenáil’ – Nollaig chiúin ag Naomh Anna roimh an gcluiche mór'

  • KH

    Píosa ana-bhreá. Go n-éirí go geal le Naomh Anna Leitir Móir.

  • Coleman

    Bhi game maith acu ach cal siad