Bheimis níos fearr as dá mbeadh níos lú aird ag polaiteoirí ar an bhfón póca

Cén fáth nach ndéanann duine éicint rud éicint? Sin an cheist a rith lenár gcolúnaí agus í ag smaoineamh ar cé chomh fada agus a thógann sé bearta poiblí a chur sa tsiúl

Bheimis níos fearr as dá mbeadh níos lú aird ag polaiteoirí ar an bhfón póca

Tráth dá raibh, bhí ceannairí polaitíochta in ann suí síos agus polasaí a leagan amach toisc gur cheap siad go ndéanfadh sé maitheas don tír. Ní raibh an fón póca ag cur isteach orthu ná an lascadh a gheobhadh siad ó na meáin shóisialta, ná ní rabhadar faoi gheasa ag torthaí pobalbhreithe ná torthaí an chéad toghcháin eile.

An gcuireann sé iontas orainn na laethanta seo go raibh rialtais éagsúla in ann tithíocht den scoth a chur ar fáil, leictreachas a thabhairt do phobail uile na tíre (cuid acu an-scoite amach), bóithre a thógáil thar phortaigh is cnoic, ospidéil a thógáil le ruaig a chur ar an eitinn agus go leor eile? Agus ní shílim go raibh aon ghluaiseacht radacach, ná dream ar bith a chuir ina gcoinne, an raibh?

Thosaigh mé ag smaoineamh níos túisce an tseachtain seo ar cé chomh fada agus a thógann sé bearta poiblí a chur sa tsiúl.

Bhí mo dheartháir Peadar sa mbaile as Meiriceá. Go minic is é an té a thugann cuairt anois is arís an duine is túisce a thugann athruithe faoi deara. Thug sé a rothar leictreach leis as Gaillimh ar chúl a chairr agus rinne sé ‘turas maoithneach’ thart ar ár gceantar dúchais, Bealach a’Doirín go dtí Mainistir Aodáin agus cúpla cúlbhóthar san áireamh.

Thaitin an turas thar cionn leis agus ba smaoineamh maith é an ‘timpeall’ a dhéanamh ar rothar. Thug sé faoi deara go raibh roinnt tithe ósta, a mbíodh aithne mhór orthu, athraithe isteach ina dtithe cónaithe. An t-aon teach ósta a bhí fós ag díol alcóil, ní raibh ann ach beirt seanfhear ag diúl go mall as piontaí pórtair.

Ní fhaca sé aon siopa coirnéil, ná aon áit a bhfeadfaí uachtar reoite ná milseán a cheannach. Bhí siopa ag m’uncail díreach in aice na scoile tuaithe a mbíodh mo mháthair ag múineadh inti (agus ar fhreastail sé féin uirthi), ach níor díoladh aon mhilseán ansin leis na cianta. Níor cheannaigh aon duine an siopa agus tá sé ina fhothrach ar nós go leor eile ar fud na tíre.

Bhí mé ag smaoineamh ar an bpub/teach cónaithe a luaigh sé agus chuimhnigh mé ar ‘eachtra’ bhóthair a tharla dom féin trasna uaidh. Bhí mo dheirfiúr agus mé féin ag baint triail as gluaisrothar ‘Honda 50’ m’athar. Ach trí mhíle síos an bóthar, thuigeamar nach raibh a fhios againn cén chaoi ar oibrigh na coscáin. Ní raibh aon dul as ach é a thiomáint go deas réidh isteach sa díog le hais an bhóthair agus cabhair a lorg sa teach ósta. Rud a fuaireamar toisc go raibh neart custaiméirí ann, ar ndóigh agus d’éirigh linn é a tharraingt amach, a chur sa tsiúl arís agus filleadh ar an mbaile. Gan tada a rá faoin eachtra.

Is seanscéal anois é díothú na bpubanna tuaithe. An airíonn muid uainn iad? Nuair a smaoiním ar na sluaite fear a chaith laethanta istigh iontu ag ól piontaí, caithfidh mé a rá nach n-airím uaim an íomhá sin. Ná ní airím uaim na timpistí bóthair, cuid acu marfach, a tharla toisc nach raibh aon bhealach abhaile ag daoine ach an carr.

Caithfidh mé a admháil gur i ngan fhios domsa a thug an Rialtas reachtaíocht nua isteach a lig cead do dhaoine na tithe ósta a athrú go tithe cónaithe, gan dul tríd an gcóras casta pleanála. Le gairid a tugadh isteach é agus thug mé faoi deara go raibh Maigh Eo ar an gcontae ba mhó a d’iarr athruithe faoin gcóras éasca nua.

Agus muid i lár géarchéim tithíochta cén fáth ar thóg sé an fhad sin ar pholaiteoirí an t-athrú beag sin a dhéanamh? An amhlaidh go raibh daoine áirithe ina choinne? An raibh lucht na dtithe ósta glan ina aghaidh? Bhíodh luach ard ar cheadúnas teach ósta uair amháin – chuir sé go mór le luach an tí – fiú amháin nuair nach raibh an ceadúnas in úsáid. Is cuimhin liom féin nuair a bhí cáil ar Bhealach a’Doirín toisc gur ann a bhí an líon ab airde ceadúnas, bunaithe ar dhaonra – 72 agus daonra 1,200 más buan mo chuimhne. Nó thart air sin.

Tá an pub deireanach i Sráid an Phuint, Tigh Clarke, a thosaigh i mbun gnó in 1824, ar díol anois. Bhí muintir Clarke ina bhun le fada agus cáil air de bharr an chomhluadair agus an chraic a bhíodh ann. Ba é teach ósta áitiúil m’athar é. D’insíodh sé scéalta dúinn faoi na comórtais a bhíodh aige féin agus a chomrádaithe ag an gcuntar – ag réiteach ceisteanna ar nós ‘cé ba thúisce a fuair bás, Micheál Ó Coileáin, nó Art Ó Gríofa?’ Comórtas eile a d’eagraíodh sé ná leaganacha Gaeilge d’ainmneacha na ndeochanna – MacAonghusa (Guinness), Smidic (Smithwick’s ) agus mar sin de.

Táimid ar bís go bhfeicfidh muid an ndíolfar é agus an gcoinneofar na soilse áirithe sin ar lasadh sa tsráid. Tá súil ag gach éinne go gcoinneofar.

Agus mé ag smaoineamh ar an gceist sin agus an chéim bheag bhídeach a tógadh le fadhb tithíochta a leigheas, thosaigh an raic ar fad faoi fhoilsiú tuarascáil an EPA (An Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Comhshaoil). Ar ndóigh nílimid ag teacht i bhfoisceacht scread asail do na buaicphointí comhshaoil a leag muid féin amach tamall ó shin.

Ach siad na hargóintí céanna atáimid a chloisteáil anois agus a chuala muid nuair a aontaíodh iad. Tá na feirmeoirí  go háirithe ag clamhsán agus ag caoineadh de bharr go mb’fhéidir go mbeidh orthu líon na n-eallach sa tír a laghdú.

Shílfeá, agus tú ag éisteacht leo agus leis na polaiteoirí a sheasann leo, go bhfuil rud éigin míorúilteach agus seasmhach ag baint leis an tionscal déiríochta go háirithe. Ach an bhfuil? An bhfuil siad ag iarraidh dallamullóg a chur orainn?

Is é an tionscal talmhaíochta is cionsiocair le 37% de na hastaíochtaí a dhéanann dochar don timpeallacht. Beithígh a chuireann go leor de sin amach san aer.

Deir Chambers Ireland, agus iad ag labhairt thar ceann thionscail eile sa tír, nach fiú ach 1% dár n-ioncam náisiúnta an fheirmeoireacht sa lá inniu. Is cuimhin liom nuair a deireadh muid inár n-aistí tíreolais go raibh an fheirmeoireacht ar an tionscal ba thábhachtaí agus ba mhó a bhí againn. Ach ní hamhlaidh atá anois.

Nuair a cuireadh deireadh leis na rialacha a bhain le cuótaí bainne, tháinig méadú as cuimse ar líon na mba bainne sa tír – beagnach 39% de mhéadú idir 2013 agus 2020. Smaoinigh ar an méid truailliú aeir agus uisce a thagann leis an méadú sin.

An bhfuil polaiteoirí an lae inniu in ann dul i gleic leis an bhfadhb seo? An mbeidh siad in ann neamhaird a dhéanamh don ghleo sna meáin, sa Dáil, ar a dtairseach féin? Agus an mbeidh siad in ann glacadh leis an dearcadh fadbhreathnaitheach agus cinneadh a dhéanamh don am atá le teacht, cinneadh a bheas ar comhchéim leis an scéim leictreachas tuaithe? Nó an mbeidh a n-aird ar fad ar a gcuid fón póca agus ar an olltoghchán?

Fág freagra ar 'Bheimis níos fearr as dá mbeadh níos lú aird ag polaiteoirí ar an bhfón póca'