Bheadh sé deacair ‘infreastruchtúr’ ar an teorainn a sheachaint i gcás Breatimeacht gan mhargadh – An Tánaiste

Dúirt urlabhraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh go raibh sé ‘sách soiléir’ go mbeadh teorainn chrua ag teastáil sa chás go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann

Bheadh sé deacair ‘infreastruchtúr’ ar an teorainn a sheachaint i gcás Breatimeacht gan mhargadh – An Tánaiste

Tá ráite ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go mbeadh sé deacair ‘infreastruchtúr’ ar theorainn na hÉireann a sheachaint sa chás go n-imeodh an Bhreatain as an AE gan aon mhargadh a bheith déanta.

Dúirt sé áfach nach nglacfadh an Rialtas le teorainn chrua agus nach rabhthas ag pleanáil chuici.

Tagann ráiteas an Tánaiste sna sála ar dheimhniú an AE go gcuirfí teorainn chrua i bhfeidhm in Éirinn sa chás go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann.

Cé go ndúirt urlabhraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh inniu go raibh sé “sách soiléir” go mbeadh teorainn chrua ag teastáil sa chás sin, seo an chéad uair don Choimisiún géilleadh gurbh amhlaidh a bheadh.

Tá ceist na teorann crua i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh seachanta arís agus arís eile ag Rialtas na hÉireann agus iad suite de gur leor an cúlstop chun a leithéid a sheachaint.

Dúirt urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh Margaritis Schinas inniu, áfach, go raibh sé soiléir cad a tharlódh i dtaobh cheist na teorann sa chás go n-imeodh an Bhreatain gan aon mhargadh a bheith déanta acu.

“Más ag cur brú orm atá tú agus ag iarraidh go dtabharfainn buille faoi thuairim faoi cad a d’fhéadfadh tarlú in Éirinn sa chás nach mbeadh aon mhargadh ann, is dóigh liom go bhfuil sé sách soiléir go mbeidh teorainn chrua ann,” arsa Schinas.

Dúirt an t-urlabhraí nach raibh aon cheist ann ach go raibh an tAE ar son na síochána agus go seasann siad le Comhaontú Aoine an Chéasta ach nach raibh aon dul as ach go mbeadh teorainn chrua ann i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh.

Tá Rialtas na hÉireann ar a ndícheall le tamall fada ag iarraidh a leithéid de ráiteas a sheachaint.

An tseachtain seo caite féin bhain conspóid mhór le comhrá faoin ábhar seo idir an Tánaiste Simon Coveney agus an Aire Iompair Shane Ross, comhrá a síleadh a bheith príobháideach.

Dúirt Coveney le Ross nár chóir dó tagairt go poiblí do sheiceálacha teorann ar eagla go mbeifí míshásta leis an Rialtas agus go gcuirfí an milleán orthu amach anseo as teorainn fhisiciúil a thabhairt ar ais.

Fág freagra ar 'Bheadh sé deacair ‘infreastruchtúr’ ar an teorainn a sheachaint i gcás Breatimeacht gan mhargadh – An Tánaiste'