Bheadh ort a bheith an-cheanúil ar líomóidí chun €125 a íoc ar an leabhar seo!

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, moltar seoidleabhair don té a mbeadh bord caife aige agus saothar grianghrafadóireachta a léiríonn miotas an ama atá thart

Bheadh ort a bheith an-cheanúil ar líomóidí chun €125 a íoc ar an leabhar seo!

Bheadh ort a bheith an-cheanúil ar líomóidí chun €125 a íoc ar an leabhar seo! Mar sin féin, tá daoine a chaitheann an méid sin agus i bhfad níos mó ná sin ar leabhair de chuid Taschen – seoidleabhair don té a mbeadh bord caife aige, ball troscáin nach earra gann níos mó é in Éirinn ár linne.

Is plátaí lámhdhaite ón 18ú haois atá sa leabhar seo de chuid J.C. Volkamer, garraíodóir paiseanta as Nuremberg, tráth nach raibh torthaí citris sna hollmhargaí againn – ná an t-ollmhargadh féin, ar ndóigh.

Ba leor an focal líomóid chun a mheabhrú don léitheoir i lár na hEorpa go raibh an ghrian ag feitheamh leis ó dheas. Ceann de na línte filíochta is cáiliúla sa Ghearmáinis ná Kennst du das Land wo die Citronen bluehn? (An eol duit an tír ina mbláthaíonn na líomóidí?)

Tá cineálacha éagsúla torthaí citris á léiriú ann, 170 ar fad, a chuirfidh uisce le d’fhiacla!

Is féidir é a ordú anseo.

Na Seanlaethanta

Past Time
Grianghraif le Paul Shambroom
Aiste le Tim Davis
Foilsithe ag Fall Line Press, 2020
110 leathanach
Toisí: 9½x10½” 

Na seanlaethanta. Dia go deo leis na seanlaethanta. An rabhadar níos fearr ná na laethanta seo? Bhí, i ngach slí – a déarfadh daoine áirithe. An ag cur dallamullóg orthu féin a bhíonn siad leis an gcaint sin?

Chloisfeá polaiteoirí áirithe á rá san – iad ar an eite dheis de ghnáth. Na seanlaethanta . . . cé chomh fada siar is a chaithfeá dul chun teacht ar an bParthas úd a d’imigh uainn? Siar go Teamhair? (Cuimhnigh, ní raibh tae ná caife acu i dTeamhair, ná uachtar reoite, ná fón cliste, ná . . . líon isteach do liosta féin de na nithe sin nach bhféadfá maireachtáil dá n-uireasa).

An mbíonn na Gaeil ag féachaint siar rómhinic? Chomh fada siar le 1937 bhí duine de na criticeoirí Gaeilge ab fhearr a bhí riamh ann, duine a scríobh faoin ainm Craiftine, ag gearán faoin gclaonadh sin atá ionainn – agus é ag scríobh in iris darbh ainm An Gaedheal – cheapfá ó ainm na hirise sin gur ag féachaint siar a bheadh lucht eagair agus léitheoirí na hirise sin ar ré órga éigin:

“Sin é tragóid na filíochta Gaoluinne – easpa fáis, an ró-chion ar an mbéaloideas, an leisce chun an sean-rud dfhágaint, an síor-fhéachaint siar. Ach is locht é sin a bhaineann linn mar chine  . . .”

Is é atá sa leabhar Meiriceánach Past Time ná miotas an ama atá thart, á léiriú ag an gceamara.

Fág freagra ar 'Bheadh ort a bheith an-cheanúil ar líomóidí chun €125 a íoc ar an leabhar seo!'