‘Bheadh Éamon ina uachtarán an-mhaith’ – Ó Cuív molta mar rogha Fhianna Fáil don toghchán ag Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar

Dúirt an Teachta Dála John Connolly nach dtuigeann sé cén fáth nach n-ainmneodh Fianna Fáil iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta níos déanaí i mbliana

‘Bheadh Éamon ina uachtarán an-mhaith’ – Ó Cuív molta mar rogha Fhianna Fáil don toghchán ag Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar

Tá sé molta ag John Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, go gcuirfeadh a pháirtí Fianna Fáil an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív chun cinn mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta a bheidh ar siúl i mbliana.

Níl sé fógartha go fóill ag an Taoiseach Micheál Martin cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé i gceist ag a pháirtí iarrthóir a chur chun cinn don toghchán. Tá Éamon Ó Cuív, an t-iarthaoiseach Bertie Ahern, agus an t-iaraire oideachais Mary Hanafin á lua mar bhaill den pháirtí a d’fhéadfaí a chur chun cinn.

D’éirigh Éamon Ó Cuív as polaitíocht na Dála an bhliain seo caite, agus dúirt a chomharba i nGaillimh Thiar John Connolly in agallamh le The Galway Advertiser gur mhaith leis féin dá gcuirfí Ó Cuív chun cinn.

“As na hiarrthóirí uilig a bhfuiltear ag caint orthu, is dóigh liom go mbeadh Éamon ina uachtarán an-mhaith. Níl a fhios agam an bhfuil sé ag déanamh a mhachnaimh faoin toghchán,” a dúirt Connolly.

Dúirt an Teachta Dála, a toghadh den chéad uair in olltoghchán na bliana seo caite, go raibh sé ag dul deacair air a thuiscint cén fáth nach gcuirfeadh an páirtí iarrthóir chun cinn don Áras. Níor chuir Fianna Fáil isteach ar thoghchán uachtaránachta ó chuir siad Máire Mhic Giolla Íosa chun cinn i 1997.

“Tá mé ag streachailt lena thuiscint cén fáth nach gcuirfeadh muid isteach ar an toghchán, nó tacú le hiarrthóir do ról Cheann an Stáit. Thabharfadh sé le fios mura dtacóimis le hiarrthóir nach bhfuil tábhacht leis an ról, agus nach bhfuil tábhacht leis an bpáirtí don toghlach. Dom féin, ní féidir glacadh le ceachtar den dá thuairim sin,” a dúirt Connolly.

Dúirt sé go raibh cúpla duine á lua ag baill an pháirtí ach gur faoin bpáirtí parlaiminte agus faoin taoiseach féin a bheadh sé cinneadh a dhéanamh faoi iarrthóir a chur chun cinn.

Níos luaithe an mhí seo, dúirt Ó Cuív le Tuairisc nach mbeadh sé féin ag súil le cinneadh ó cheannasaíocht an pháirtí go dtí mí Mheán Fómhair. Dúirt sé gur “buntáiste” a bheadh ann don pháirtí fanacht agus nach mbeadh spéis cheart ag an bpobal sa toghchán go dtí go bhfógrófaí dáta.

Dúirt sé go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael níos gaire dá chéile ná mar a bhí riamh cheana ach nach léir dó go bhfágann sé sin go dtacódh gnáthbhaill Fhianna Fáil le hiarrthóir Fhine Gael, Mairéad McGuinness, dá gcinnfeadh an páirtí gan iarrthóir dá gcuid féin a chur chun cinn.

Fág freagra ar '‘Bheadh Éamon ina uachtarán an-mhaith’ – Ó Cuív molta mar rogha Fhianna Fáil don toghchán ag Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Meastú an bhfuil forlámhas ag Gaillimh Thiar ar an Uachtarlann.