B’fhéidir nár cheart aon chluiche idirchontae a imirt i mbliana

Tá seans iontach ag CLG na himreoirí club a chur i lár an aonaigh

B’fhéidir nár cheart aon chluiche idirchontae a imirt i mbliana

Comhartha stop taobh amuigh de Pháirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Táimid ag maireachtaint leis an éiginnteacht le beagnach bliain anois.

Ach tá léas éigin dóchais againn agus an vacsaín á tabhairt do dhaoine ar fud na tíre le mí anois.

Mar is eol dúinn, tá an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach tar éis trí vacsaín a cheadú don Aontas Eorpach ach fós níl aon chinnteacht faoi cathain a bheidh tromlach de shaoránaigh sa stáitín beag s’againne vacsaínithe.

Dar ndóigh tá an tír fós faoi shrianta leibhéal a 5 a leanfaidh go dtí an 5 Márta. Ach deir an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil ‘aon bharántas ann’ go gcuirfear deireadh leis na srianta céanna ar an dáta sin.

Tá CLG ag fanacht ar an gcéad ráiteas eile ó NPHET agus an rialtas maidir le séasúr 2021.

Roimh Nollaig foilsíodh féilire cuimsitheach idirchontae 2021 is bhí dátaí ann do na cluichí faoi aois ó 2020 a bhí le críochnú mí Eanáir. Bhí cluichí dúshláin ceadaithe tosnú an deireadh seachtaine seo agus an tsraith náisiúnta le tosnú deireadh seachtaine deiridh na míosa.

Bhí craobhacha na sraithe iomána le bheith ann deireadh seachtaine 10-11 Aibreán agus craobh na Mumhan sa pheil le tosnú an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.

Bhuel tá na pleananna sin imithe le sruth anois.

Bhí an tarraingt do na craobhacha cúige le déanamh an tseachtain seo chugainn. Tá sé sin curtha ar ceal freisin. Ansin Dé Luain seo caite, tháinig Fergal McGill, stiúrthóir clubanna, imreoirí agus riarachán cluichí CLG amach le ráiteas go bhfuil gach seans ann go rithfeadh séasúr 2021 na gclubanna isteach i mí Eanáir 2022. Ach bhí sé ag iarraidh ar chlubanna a bheith foighneach agus seans a thabhairt don chóras nua seo an dá shéasúr, ceann don chontae agus ceann don chlub. Ach, mar is gnáth, táthar ag caitheamh go holc leis na himreoirí club.

Ní bheidh aon chluiche craoibhe nó sraithe idirchontae ná faoi aois ann go dtí deireadh mhí an Mhárta ar a luaithe. I mo thuairimse, bheadh sé i bhfad níos réalaíche a rá nach mbeidh aon chluichí againn go dtí deireadh Aibreáin.

Dar ndóigh níl ansin ach tuairimíocht agamsa.

Pé uair a thosnaíonn na cluichí is dócha nach mbeidh cead ag mórán leantóirí a bheith ag freastal ar na cluichí sin go dtí lár an tsamhraidh más mar sin a bheidh.

’Sea tá sé seo ábhairín cunspóideach ach mura mbíonn na cluichí tosaithe faoi lár mhí Aibreáin, an bhfuil aon seans nach n-imreofaí aon chluichí idirchontae in aon chor i mbliana, go ndéanfadh CLG cinneadh gan bacadh leo i mbliana? Tá a fhios agam go mbeidís ag cailliúint amach ar airgead a fhaigheann siad ó na cearta craoltóireachta. Ach ní chaillfidís aon airgead eile agus samhlaigh an méid airgid a shábhálfadh na boird chontae.

Tá seans iontach acu anois na himreoirí club a chur i lár an aonaigh.

Bheadh gach imreoir sa tír in ann imirt. Is seans iontach é. Idir pheil agus iomáint chonaiceamar mórán cluichí iontacha club ar fud na tíre anuraidh.

Níl sé ceart ná cóir, le linn tréimhse eisceachtúil mar seo, clubanna na tíre a bheith ag fanacht arís ar an séasúr idirchontae.

Caithfidh duine éigin an fód a sheasamh. B’fhéidir gur cheart do Chumann na nImreoirí club teacht amach agus an moladh a dhéanamh an bhliain seo, nó pé méid den bhliain a bheidh againn, a thabhairt do na clubanna.

In am an ghátair ‘is fearr leath ná meath’.

Fág freagra ar 'B’fhéidir nár cheart aon chluiche idirchontae a imirt i mbliana'

  • C O Daltúin

    maith thú John tá an ceart agat go díreach.