B’fhéidir go bhfuil Tír Eoghain níos cruaite chun catha

Níl ach aon cheist amháin le freagairt an uair seo ag Maigh Eo: an bhfuil siad maith a ndóthain?

B’fhéidir go bhfuil Tír Eoghain níos cruaite chun catha

Ní dócha go bhfuil aon fhoireann ná aon chontae i stair Chumann Lúthchleas Gael a ramhraíonn agus a bhláthaíonn chomh mór sin ar an bhfaltanas, ar an ndíspeagadh agus ar an mbeag is fiú a taibhsítear dóibh a bheith déanta dóibh is a dheineann Tír Eoghain.

Táid ina máistrí ar shruth na coitiantachta a iompú droim thar n-ais agus earraíocht a bhaint as an smálú a deintear orthu – bíodh san ann nó as, bíodh sé tuillte nó a mhalairt.

Sin é an taobh, don gcéad uair le ana-thamall, go bhfuil Maigh Eo agus a lucht leanúna níos ciúine ná mar is dual dóibh agus iad ag déanamh isteach ar an gcluiche ceannais. Níl fonn orthu ionga a ghéilleadh i gcogadh na bolscaireachta agus na píobaireachta a troidtear ins na laethanta agus na huaireanta an chloig roimis chaitheamh in airde na caide.

Faoina cúig a chlog tráthnóna amárach, áfach, agus iad ag dul sa ghleo i gcluiche ceannais na hÉireann arís, níl ach aon cheist amháin le freagairt an uair seo ag Maigh Eo: an bhfuilid maith a ndóthain? Gach púca agus gach taibhse ó chluichí ceannais eile a ghabhann chucu amárach, ní fhágfaidh siad aon rian ar an imirt. Gach tromluí a bhí riamh acu, agus tá a fhios aige Dia bhíodar i gcluichí ceannais acu, ní dócha gur baol dóibh amárach iad.

Thar aon bhliain go nuige seo go rabhadar ar an ardán ar lá mór na caide, ní dóigh liom go mbeidh macallaí na staire ag cur as do Mhaigh Eo an uair seo.

Ba dhóigh leat, agus a bhfuil fulaingthe acu, go mbeadh muintir Mhaigh Eo lán de bhuairt is de ghruaim ach ag labhairt le deoraithe Mhaigh Eo i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo, tá a gcroí chomh héadrom le druid. Trí chomhartha ar dhuine faoi ghruaim, a deirtí: luath liath, éadan rocach agus siúl cromtha.

Ní chímse aon ribe liath ar mo chairde ó Mhaigh Eo, tá a ngnúis chomh mín le síoda agus chífir amárach iad ag siúl go díreach anuas Bóthar Jones agus Bóthar Chluain Life, a nguaillí dírithe amach acu agus a gcroí ag pléascadh trína n-ucht le mórtas.   

Bhíodh sé de mhísheans le Maigh Eo nuair a bhídís ar thóir na craoibhe blianta eile go mbíodh sárfhoirne na linne rompu ar an ród – an Via Dolorosa sin atá curtha díobh chomh minic sin acu. An uair seo, níl rompu ach foireann eile agus buíon eile imreoirí atá ag iarraidh an chraobh a bhuachtaint don gcéad uair ar a gcuma féin.

Tá tábhacht le rudaí mar sin ar laethanta ar nós an lae amárach.

Conor Meyler. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An cheist sin arís, áfach: an bhfuil Maigh Eo maith a ndóthain? Cén fhianaise atá againn go bhfuil ar a gcumas deich nóimeataí is trí fichid gan cháim a thabhairt dúinn chun gorta deich mbliana is trí fichid a bhriseadh?

An bhfuil taispeántas amháin cothrom, corraitheach agus críochnúil iontu? Nó an bhfuilid chun paistí atá breac le botúin agus le liobarnacht a mheascadh an athuair le himirt mhíorúilteach, mar a dheineadar in aghaidh na Gaillimhe agus Átha Cliath?

Ainneoin a raibh de sprid le feiscint is le braistint sa teacht aniar a léirigh Maigh Eo in aghaidh Átha Cliath an mhí seo caite, cá raibh an intleacht chaide a déarfadh leat go bhfuil sé iontu cuid des na ceisteanna a chuirfidh Tír Eoghain amárach orthu a réiteach?

Pé ní a dúradh agus a déarfar faoi bhua Thír Eoghain coicíos ó shin agus pé caint a deineadh (agus tabhair faoi ndeara go raibh dóthain cainte déanta) faoi shoineantacht Chiarraí, caithfear an intleacht agus an éirim i gcur chuige Thír Eoghain a aithint. Deintear talamh slán de go mbeidh an uile imreoir luite amach air féin le dícheall agus le saothar ach is ceard eile ar fad é a bheith ábalta a léamh nuair atá imreoir i seilbh na caide i dtrioblóid.

Ní mór na cosantóirí atá chomh géarchúiseach sa cheard seo le Kieran McGeary, Conor Meyler agus Michael O’Neill. Níl uathu ach a bholadh agus bíonn siad istigh le láimh chúnta dá gcosantóirí nádúrtha – leithéidí Ronan McNamee agus Pádraig Hampsey, fear atá ag fás is ag bláthú ina ról mar cheann feadhain ar bhuíon seo Thír Eoghain.     

Níl aon amhras ná go bhfuil Tír Eoghain ar cheann de na foirne is fearr amuigh chun dul amach ar a gcéilí comhraic tar éis aithne a chur aon bhabhta amháin orthu. Tá sé léirithe go paiteanta sna cluichí le Ciarraí idir shraith agus chraobh an samhradh seo gur leor nod don eolach.

Ba léir, chomh maith ón tslí a chuadar i ngleic le stíl an réiteora go raibh scolaíocht fachta acu san ealaín seo agus go rabhthas ag fuineadh de réir na mine. Dála an chluiche sin coicíos ó shin, beidh léite luath go maith ag imreoirí Thír Eoghain ar stíl agus ar sholúbthacht Joe McQuillan amárach.

Ná ceap ar feadh nóimeat go bhfuilim ag déanamh neamhní de chumas Mhaigh Eo agus dá n-éirim siúd féin i mbun seilbhe.

Nílim ná é.

Ach mar sin féin, is dóigh liom go ngéillfeadh an té is tréine ar thaobh Mhaigh Eo gur foireann iad a shantaíonn an imirt scaoilte, an fiántas, an easpa struchtúir. Nuair a bhí ord agus eagar ag baint le cluiche leathcheannais na míosa seo caite agus le cluiche ceannais Chonnacht roimis sin, ní raibh Maigh Eo istigh leo féin.

Enda Hession. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Go dtí gur thosnaigh an t-ionadaí Enda Hession á shearradh féin i gceart agus gur tháinig Jordan Flynn agus Darren Coen chun páirce le pointí gleoite ní bhraitheas go raibh Maigh Eo tar éis a mbuille a aimsiú in aghaidh Átha Cliath.

Bunaithe ar an ndíobháil a deintear go stairiúil do Mhaigh Eo i bhfíorthosach cluichí ceannais (ní féidir faillí a dhéanamh go hiomlán i gceachtanna na staire amárach), an acmhainn dóibh fanacht nó go mbeidh an cluiche ag éalú uathu arís chun iad féin a tharrtháil? Ní dóigh liom gur seift chruthanta í sin chun cluiche ceannais a bhuachtaint.

Leis an méid sin ar fad ráite, is beag foireann atá chomh diongbháilte le foireann seo James Horan ag ceartú, ag leasú, ag paisteáil is ag treabhadh leo beag beann ar a bhfuil imithe tharstu san imirt. Níl géilleadh acu do leithscéalta ná éileamh acu ar mhaide croise. Táid chomh righin stubarnálta d’fhoireann is a tháinig as an gcontae riamh.

An t-aon imní atá orm, áfach, ná gur scáthán iad ar an ndream eile ó chontae Uí Néill.

Ní chuirfinn an comhscór as an áireamh ach tá rud éigin ag rá liom go bhfuil Tír Eoghain níosa chruaite chun catha agus gur leo a bheidh an lá.   

Fág freagra ar 'B’fhéidir go bhfuil Tír Eoghain níos cruaite chun catha'