Beocht sa gcraobh, cliseadh Mhuineacháin, fadhbanna Ros Comáin agus a raibh le foghlaim ó chluichí an tSár-Ochtair

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí móra CLG an deireadh seachtaine agus ar chuid dá raibh le foghlaim uathu

Beocht sa gcraobh, cliseadh Mhuineacháin, fadhbanna Ros Comáin agus a raibh le foghlaim ó chluichí an tSár-Ochtair

Beocht curtha i gcomórtas an tSár-Ochtair

Beocht a chur sa chraobh peile. B’in an aidhm a bhí ag CLG le comórtas an tSár-Ochtair. Sluaite móra i bpáirceanna éagsúla agus iad ag faire ar chluichí idir na foirne is fearr sa tír. Cuireadh drochthús leis an gcomórtas nua an tseachtain seo caite, rud a d’fhág mórán den tuairim nach mbeadh aon rath air, agus beidh CLG buíoch dá réir go raibh cúpla cluiche den scoth ann ag an deireadh seachtaine.

Ní raibh na cluichí Dé Sathairn thar mholadh beirte. Bhí Dún na nGall i bhfad róláidir do Ros Comáin i bPáirc de hÍde agus cé go raibh coimhlint níos géire ann ar an Ómaigh, bheadh sé ag dul thar fóir a rá gur cluiche den scoth a bhí ann.

Ach bhí cluichí an Domhnaigh ar phéire de na cluichí ab fhearr a chonacthas i mbliana. Bhí cluiche iontach sa Droichead Nua, go háirithe sa chéad leath agus d’éirigh le himreoirí na Gaillimhe agus Chill Dara scóranna den scoth a aimsiú.

Bhí cluiche níos fearr fós ann idir Muineachán agus Ciarraí. Ba dheas Rory Beggan agus Conor McManus a fheiceáil i mbarr a réime agus cé go bhfuil obair fós le déanamh ag Ciarraí, tabharfaidh taispeántas den scoth eile ó David Clifford agus feabhas na n-ógánach eile misneach dóibh.

Imreoirí Mhuineacháin. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cliste ar Mhuineachán arís

Bhí beagnach 60 nóiméad caite nuair a d’aimsigh Karl O’Connell pointe do Mhuineachán a d’fhág cúig phointe chun cinn ar Chiarraí iad i gCluain Eois tráthnóna inné. Bhí cuma na maitheasa orthu agus iad ag iarraidh an bua a fháil ar Chiarraí sa chraobh den chéad uair riamh agus áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1988. Chlis orthu áfach agus orthu féin an milleán.

Má chuirtear am breise san áireamh, bhí 15 nóiméad fágtha sa chluiche nuair a d’aimsigh O’Connell an scór sin agus níor éirigh leo ach aon phointe amháin eile a scóráil, cic saor ó Conor McManus. Má tá Muineachán chun dul chun cinn a dhéanamh, caithfidh siad leigheas a fháil ar an laige sin.

Chaith siad tréimhsí fada ag pasáil na liathróide anonn agus anall agus iad ag iarraidh an t-am a mheilt. Fiú i ndiaidh an chúil a fuair David Clifford in am breise, bhí deis iontach amháin eile ag Muineachán scór a fháil. Fuair Darren Hughes seilbh na liathróide 21 méadar amach ón gcúl ach, seachas an fhreagracht a ghlacadh é féin agus tabhairt faoi scór, thriail sé pas láimhe a thabhairt uaidh. Chuaigh an pas sin amú agus b’in sin.

Má chailleann siad anois in aghaidh na Gaillimhe agus má bhuann Ciarraí ar Chill Dara, beidh Muineachán amuigh as an gcraobh agus deis iontach eile ar chluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach curtha amú acu.

Imreoir na Gaillimhe, Damien Comer. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Lá mór eile roimh na Gaillimhigh

Fágann an cluiche comhscóir sin i gCluain Eois go bhfuil Ciarraí anois ag brath ar Ghaillimh chun cáiliú do na babhtaí leathcheannais. Mura n-éiríonn le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán faoi cheann coicíse, beidh port Chiarraí seinnte, is cuma céard a tharlaíonn i ina gcluiche féin in aghaidh Chill Dara.

Agus Gaillimh cáilithe do na babhtaí leathcheannais cheana féin, seans go mbeadh cuid de lucht tacaíochta Chiarraí buartha nach mbeidh croí na Gaillimhe sa chluiche ach seans nach gá dóibh a bheith ag déanamh aon imní faoi sin.

Caillidís nó buaidís rachaidh Gaillimh tríd, ach má chailleann siad is iad Áth Cliath a bheidh rompu sa chluiche leathcheannais, seachas Dún na nGall nó Tír Eoghain.

Tá daoine ann a deir go mbeadh deis níos fearr ag Gaillimh teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann ná sa gcluiche ceannais, ach is beag an baol go bhfuil Kevin Walsh ar dhuine de na daoine sin.

Bainisteoir Ros Comáin, Kevin McStay. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Obair mhór le déanamh ag Kevin McStay agus Ros Comáin

Tá rás Ros Comáin i gcraobh na bliana seo rite agus tar éis do Kevin McStay an maor líne a bhrú agus a bhualadh de liathróid le linn an chluiche a chaill siad i gcoinne Dhún na nGall, tá gach seans ann go mbeidh an bainisteoir ar fionraí do chluiche deireanach na foirne i mbliana, a gcluiche i gcoinne Átha Cliath faoi cheann cúpla seachtain.

An t-aon bhuntáiste amháin a bhaineann le bheith díbeartha cheana ón gcraobh ná go dtabharfaidh sé deis dó tús a chur le plean Ros Comáin don bhliain seo chugainn níos luaithe ná mar a bhí súil aige. Is cinnte go bhfuil neart oibre le déanamh.

Bhí cluiche breá oscailte ann idir Ros Comáin agus Ard Mhacha i mBabhta 4 na gcluichí cáilithe ach nuair a thriail siad an stíl chéanna a imirt i gcoinne Thír Eoghain ag tús chomórtas an tSár-Ochtair, rinneadh slad orthu.

Ba é a bhfreagra air sin ná stíl chosantach a chur i bhfeidhm i gcoinne Dhún na nGall. Faraor, bhí sé soiléir nach raibh mórán cleachtadh ag na himreoirí ar an stíl sin agus cé go raibh scata mór imreoirí thiar i measc na gcosantóirí ag Ros Comáin, ní mórán a rinne siad chun Dún na nGall a stopadh.

Is í an fhadhb atá ag Ros Comáin ná go bhfuil na himreoirí acu chun na foirne laga a bhualadh gan mórán stró ach nach leor a gcumas peile ann féin i gcoinne na bhfoirne is fearr. Imreoidh Ros Comáin i Roinn 1 na sraithe an bhliain seo chugainn agus mura n-éiríonn le McStay feabhas a chur ar chúrsaí, beidh siad ag dul síos díreach chuig Roinn 2 arís.

Fág freagra ar 'Beocht sa gcraobh, cliseadh Mhuineacháin, fadhbanna Ros Comáin agus a raibh le foghlaim ó chluichí an tSár-Ochtair'