Ben Bradlee agus iriseoirí na linne seo

Nuair atá acmhainní gann, bíonn drogall ar eagarthóirí airgead agus am ‘a chur amú’ agus is fearr leo cloí le clár oibre an lae. Cé acu ab fhearr linn - Ivor Callely i ngéibheann nó sa Seanad?

WP_BenBradlee1-1024x828

I bPríosún Pháirc na Cruithneachta a bhí an t-iaraire rialtais, Ivor Callely, nuair a fógraíodh an lá cheana go raibh Ben Bradlee imithe ar shlí na fírinne in aois a 93.

Seans maith nár chuir Ivor mórán suime sa scéal; an dream a bhíonn faoi ghlas sa ‘teach mór’, ní hí nuacht an lae is mó a bhíonn ag déanamh imní dóibh go hiondúil.

Go deimhin, déarfainn go raibh cuid mhaith daoine taobh amuigh de bhallaí an phríosúin a rinne iontas freisin den mhéid cainte a rinneadh faoi Bradlee sna meáin éagsúla le seachtain nó dhó anuas.

Cérbh é féin i ndeireadh na dála, a dúirt siad seo, ach seaneagarthóir nuachtáin eile?

Ach tá cúis an-mhaith gur cheart ómós a thabhairt don iriseoir iomráiteach seo; ní i measc iriseoirí amháin ach gach uile dhuine a chreideann sa daonlathas agus i bprionsabail na saoirse.

B’eisean, i ndáiríre, a chruthaigh an cineál iriseoireachta ar a dtugaimid anois ‘iriseoireacht iniúchach’ nó ‘investigative journalism’ agus a rinne cinnte de go mbeadh áit lárnach aici sa phróiséas daonlathach.

Caolseans go mbeadh leithéidí Callely sa phríosún murach Bradlee. Seans maith gur ómós seachas dímheas a bheadh fós ag dul don Iar-Uachtarán Nixon.

Cá bhfios cé na rógairí eile, i dtírín s’againn féin agus mórtimpeall na cruinne, a bheadh fós i mbarr a réime murach eisean agus an cineál iriseoireachta a chleacht sé?

Ní hamháin go bhfuil laoch iriseoireachta ar lár le bás Bradlee; tá duine de laochra an daonlathais imithe uainn freisin.

Thaispeáin sé dúinn go bhfuil an peann i ndáiríre chomh géar leis an gclaíomh – go bhfuil an fhírinne chomh cumhachtach ar a bealach féin le huachtarán Mheiriceá.

Agus ba cheart dúinn ar fad a bheith buíoch de dá bharr.

Tá an scannán All The President’s Men feicthe ag an gcuid is mó againn, ar ndóigh. Is cuimhin linn creatlach scéal Watergate mura cuimhin linn na mionsonraí.

Ach tá dearmad déanta againn ar na cineálacha meán a bhíodh ann sular thug Bradlee, Woodward agus Bernstein dúshlán Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1974.

Meáin, mar a dúirt Conor Brady ina dhírbheathaisnéis, nach raibh iontu i ndáiríre ach ‘polite gazettes of daily life in a strictly-ordered, socially-stratified, homogenous and conformist society’.

Nó, mar a dúirt mo sheanchara Michael O’Toole go searbhasach uair amháin faoi iriseoirí Bhaile Átha Cliath sna seacaidí, ‘not so much paper tigers as tissue-paper tigers’.

An cineál iriseora nach gcuimhneodh go brách dúshlán na hEaglaise nó institiúidí Stáitín seo againn féin a thabhairt, gan trácht ar Uachtarán Mheiriceá.

Iarradh orm píosa cainte a dhéanamh an lá cheana ag Comhdháil Cleraun, ócáid i mBaile Átha Cliath ag a bpléann maithe agus móruaisle na meán a gcuid fadhbanna.

Tráthúil go leor, tarlaíonn sé gurb í an iriseoireacht iniúchach – agus an bealach is fearr chun tabhairt fúithi – téama na comhdhála i mbliana.

Ba liosta le háireamh na samplaí a thug cainteoir i ndiaidh cainteora de na scéalta móra a briseadh, agus na scannail mhóra a tháinig chun solais in Éirinn le blianta beaga anuas.

Ón gcaimiléireacht i dtionscal na mairteola go dtí cúrsaí pleanála sna hochtóidí agus na nóchaidí, go dtí scéalta Dhónaill Uí Lubhlaí agus Ivor Callely, bhí neart ábhar mórtais againn.

Murach na meáin, agus murach an cineál iriseoireachta a mhúin Ben Bradlee dúinn, tá seans maith ann nach dtiocfadh cuid mhaith de na scéalta seo chun solais go brách.

Ní hí, ar ndóigh, a thaitníonn leis na polaiteoirí. Ach sheasamar an fód, fiú nuair a bhagair an rialtas deiridh acht príobháideachais a rith a chuirfeadh lancaisí dochreidte orainn.

Agus níl amhras ar bith ann ach go bhfuilimid níos fearr as mar shochaí dá bharr.

Ní shin le rá, áfach, nach baol don iriseoireacht iniúchach i gcónaí – mar a meabhraíodh dom go soiléir ag Comhdháil Cleraun agus mé ag éisteacht le cainteoir i ndiaidh cainteora.

Ní hiad na polaiteoirí, ná fiú an dlí, atá ag bagairt orainn an uair seo – ach ciorruithe airgid.

Níl nuachtán ná stáisiún raidió ná stáisiún teilifíse nach bhfuil a bhuiséad laghdaithe go mór le blianta beaga anuas. Agus, thar chineál iriseoireachta ar bith eile, cosnaíonn iniúchadh airgead.

Is iomaí seachtain agus mí, go deimhin, a caitheadh ar scéalta den chineál seo nach bhfaca solas an lae riamh. Uaireanta, ní raibh aon scéal ann; uaireanta eile, bhí fadhbanna dosháraithe dlí leis.

Nuair atá acmhainní gann, níl sé ach nádúrtha go mbíonn drogall ar eagarthóirí airgead agus am ‘a chur amú’ ar an gcineál seo scéil; is fearr leo cloí le hagenda an lae agus, ar a laghad ar bith, a bheith cinnte de go mbeidh siad in ann spás a líonadh.

Tá eisceachtaí ann, buíochas le Dia, ionad iniúchtha RTÉ agus cuid de na páipéir Domhnaigh ina measc.

Ach rinne mé iontas de nuair a d’admhaigh eagarthóir an Irish Times, Kevin O’Sullivan, nach raibh oiread agus iriseoir lánaimseartha iniúchach amháin ar an bhfoireann aige féin.

Is baol, ní hamháin don dea-iriseoireacht, ach don daonlathas féin na ciorruithe seo.

Cé acu ab fhearr linn – Ivor Callely a bheith i ngéibheann nó é a bheith fós ina bhall de Sheanad Éireann?

Thaispeáin Ben Bradlee, go ndéana Dia trócaire ar a anam, thaispeáin sé dúinn cén chumhacht atá againn mar iriseoirí.

Is fúinne atá sé anois, an ghlúin a tháinig ina dhiaidh, gan géilleadh do chúinsí airgid, an fód a sheasamh agus an chumhacht sin a úsáid – ní ar mhaithe linn féin ach ar mhaithe leis an gcine daonna i gcoitinne.

Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury  

Fág freagra ar 'Ben Bradlee agus iriseoirí na linne seo'

  • Séamas Mac Coitir

    Dá mba rud é gur tháinig Laochra na Cásca, 1916, ar ais inniu, agus dá bhfeicidis an aisiléireacht, an fhimínteacht, agus an díomailt airgid atá ar siúl sa tír seo le fada an lá, nach mbeadh siad ró-shásta. S. Mac Coitir.