Tá beirt Oifigeach Pleanála Teanga nua tosaithe i mbun oibre i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe. Is é Tomás Ó hÓgáin, a bhí ina OPT sna Déise go dtí seo, a chuirfidh plean teanga Ghaeltacht oirthear Chathair na Gaillimhe i bhfeidhm sa ‘Bhruach Thoir’ – an chuid sin den Ghaeltacht oifigiúil a shíneann ó Bhaile an Bhriotaigh soir go hAbhainn na Gaillimhe. Micheál Ó Mainín, a bhí ina OPT i mBaile Locha Riach, atá ceaptha ina OPT do ‘Gaeilge ABC’ – Abhantrach, Bearna, agus Cnoc na Cathrach.
Bhí Aoife Ní Chonghaile, as na Doiriú, i ról an Oifigigh Pleanála Teanga i mBearna agus Cnoc na Cathrach ó bhí mí Mheán Fómhair 2023 ann. Ba é Mícheál Mac Aoidh, atá anois ina Oifigeach Forbartha le hÁras na nGael i gcathair na Gaillimhe, a bhí ina OPT sa Bhruach Thoir roimhe seo.
Beidh Tomás Ó hÓgáin lonnaithe i dTigh Mhaidhc Pháidín, ceannáras an Bhruaigh Thoir i Mionlach agus beidh Micheál Ó Mainín ag obair as ceannáras Ghaeilge ABC in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach.
Dúirt Micheál Ó Mainín go mbeidh a ról nua “thar a bheith difriúil” leis an obair a bhí á déanamh aige i mBaile Locha Riach mar gheall ar an líon mór daoine atá ina gcónaí sa limistéir pleanála teanga.
“Tá an daonra i bhfad níos mó ann, is é an LPT leis an daonra is mó sa tír. Beidh sé thar a bheith difriúil le Baile Locha Riach, agus beidh sé dúshlánach mar cheantar Gaeltachta a bhfuil go leor Béarlóirí ann. Caithfear an meon a athrú agus daoine nua a mhealladh i dtreo na Gaeilge.
“Beidh mé ag déanamh an ruda chéanna a bhí mé a dhéanamh i mBaile Locha Riach – ag triail líonra Gaeilge a thógáil, ainneoin go bhfuil an áit mar chuid den Ghaeltacht. Níl ach 5% ag labhairt na Gaeilge go laethúil, ach mar sin féin is líon mór daoine an 5% sin mar gheall ar an méid daoine atá ina gcónaí ann – thart ar 670 duine,” a dúirt Ó Mainín le Tuairisc.
Dúirt sé go bhfuil “bunús maith” i mBearna agus i gCnoc na Cathrach agus go mbeidh sé ag tógáil ar an obair a rinne Aoife Ní Chonghaile roimhe cainteoirí Gaeilge na háite a tharraingt le chéile agus iad a chur in aithne dá chéile.
“Beidh mé ag díriú isteach ar chúrsaí oideachais. Bhí ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ann agus leanfar ar aghaidh leo sin, ach beidh mé ag díriú ar na scoileanna agus naíonraí atá sa cheantar freisin. Tá i bhfad níos mó gnólachtaí lonnaithe anseo ná mar atá i gceantair eile Ghaeltachta agus beidh mé ag cinntiú go nglacfaidh siad páirt i nGradaim Ghlór na nGael agus go gcuirfidh siad seirbhís ar fáil i nGaeilge,” a dúirt sé.
Tá Bearna agus Cnoc na Cathrach ar cheann de na 21 LPT nach bhfuil ach OPT amháin ceadaithe dóibh. Dúirt Ó Mainín nach luíonn sé sin le ciall i bhfianaise an daonra mhóir atá san LPT agus gur chóir duine eile a fhostú leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm ann.
“Bhí oifigeach forbartha ann in éineacht liom i mBaile Locha Riach agus níl ach ceithre nó cúig mhíle duine sa cheantar sin. Tá i bhfad níos mó daoine i mBearna agus Cnoc na Cathrach agus níl ach oifigeach pleanála teanga amháin ann. Tá beirt i gCois Fharraige agus ba cheart go mbeadh beirt i mBearna agus Cnoc na Cathrach freisin,” a dúirt sé.
D’fhaomh aire stáit na linne Jack Chambers plean teanga an Bhruaigh Thoir agus plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach in 2021. Pleananna seacht mbliana atá i gceist agus an maoiniú €100,000 sa bhliain atá ag gach limistéir pleanála teanga ar fáil lena gcur i bhfeidhm.
Bhí Micheál Ó Mainín agus Tomás Ó hÓgáin beirt i measc na n-oifigeach pleanála teanga a labhair i dTithe an Oireachtais anuraidh faoi na dúshláin atá roimh na hoifigigh pleanála teanga ar fud na Gaeltachta.
Dúirt Ó Mainín gur dúshlán mór i gcónaí “an t-imeallú” a dhéantar ar an nGaeilge sa rialtas agus sa chóras stáit agus go raibh sé “fíordhúshlánach” obair na pleanála teanga a dhéanamh gan “tacaíocht cheart ó chuile leibhéal an stáit”.
Dúirt Tomás Ó hÓgáin gurbh é an dúshlán ba mhó a bhí roimh na pleanálaithe teanga ná easpa infheistíochta an Stáit sna seirbhísí i nGaeilge atá riachtanach do phobal na Gaeltachta. Dúirt sé ag an gcoiste Oireachtais go raibh an baol ann “nach n-éireoidh leis an gcóras Pleanála Teanga seo sa mheán- agus san fhadtéarma” mura gcuirfidh an stát “infheistíocht chuí” ar fáil.
Fág freagra ar 'Beirt Oifigeach Pleanála Teanga tosaithe i mbun oibre i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe '