Beirt iarshaighdiúirí as Meiriceá ag siúl ar son na síochána agus iad ag fanacht ar a dtriail in Éirinn…

Lá Fhéile Pádraig seo caite gabhadh Ken Mayers agus Tarak Hauff ag Aerfort na Sionainne nuair a d’fhéach siad le heitleán míleata le Meiriceá a chuardach

Beirt iarshaighdiúirí as Meiriceá ag siúl ar son na síochána agus iad ag fanacht ar a dtriail in Éirinn…

Tarak Hauff agus Ken Mayers

Feictear dhom gur suarach an aird atá na Tráchtairí Móra a thabhairt ar an mbeirt iarshaighdiúirí as Meiriceá atá ar thuras fada siúil sa tír seo ar son na síochána.

Siúl as Luimneach go Cionn Mhálanna i dTír Chonaill a chuir siad rompu.

Shroich siad cathair na Gaillimhe inné.

Is iad an bheirt atá i gceist Ken Mayers agus Tarak Hauff.

Tá Ken 82 bliain d’aois agus Tarak 77 bliain.

Lá Fhéil’ Pádraig seo caite gabhadh iad ag Aerfort na Sionainne nuair a d’fhéach siad le heitleán míleata le Meiriceá a chuardach mar go raibh amhras orthu go raibh airm agus armlón inti. Coinníodh i bpríosún Luimnigh iad ar feadh coicíse.

Tír neodrach atá in ainm is a bheith againne ach tá a fhios ag fia agus ag fiolar go bhfuil fórsaí Mheiriceá ag baint lánúsáide as Aerfort na Sionainne.

Go deimhin níor chuir Leasuachtarán Mheiriceá Mike Pence fiacail ann ar a chuairt go contae an Chláir nuair a dúirt sé gur fo-ionad míleata de chuid Mheiriceá é Aerfort na Sionainne.

Níor tháinig gíog ná míog as rialtas na hÉireann á bhréagnú.

Bhí athair Ken Mayers i Muirshaighdiúirí Mheiriceá le linn an Dara Cogadh Domhanda agus fad is a mhair cogadh na Cóiré. Chuaigh sé féin iontu nuair a chríochnaigh sé a chuid oideachais.

Bhí sé ar dualgas ar feadh ocht mbliana go leith sa gCianoirthear agus i Vítneam.

In earrach na bliana 1960 a tháinig amhras air faoi pholasaí eachtrach Mheiriceá agus iad ag déanamh inlíochtaí cogaidh sa Téaváin. Bliain ina dhiaidh sin bhí sé ar Oileán Vieques i bPórtó Ríce.

Bhí leath an oileáin tógtha ag an arm le haghaidh cleachtadh gunnadóireachta. Ordaíodh do na saighdiúirí líne lámhachóirí a dhéanamh trasna an oileáin agus piléar a chur i nduine ar bith a rachadh thar an líne.

Cén bhrí ach ba shaoránaigh Mheiriceánacha muintir an oileáin.

Fuair sé amach ina dhiaidh sin go raibh Meiriceá ag traenáil Cúbach le hionradh a dhéanamh ar Chúba, rud a tharla i gCuan na Muc.

Ach ba í an iarraidh a mharaigh an mhuc ar Ken uair dá raibh sé ar scriostóir amach ó chósta Vítneam sa mbliain 1964. Ba léir dó na bréaga a bhí ceannairí Mheiriceá a inseacht an uair sin le leithscéal a fháil le Vítneam a ionsaí.

Ní ligfeadh a choinsias dó glacadh le polasaí eachtrach Mheiriceá níb fhaide. D’éirigh sé as an arm ar fad i 1966.

Chaith Tarak trí bliana san 105th Airborne Division ó 1959 go dtí 1962. Bhí an t-ádh dearg air, a dúirt sé, go raibh sé scortha sular cuireadh saighdiúirí go Vítneam.

Bhí uafás air faoi na hainghníomhartha a rinne Meiriceá i Vítneam agus chuaigh sé go huile agus go hiomlán leis an bhfeachtas in aghaidh an chogaidh sin.

Ba é Ed Horgan a chuir Ken agus Tarak ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in Aerfort na Sionainne. Iarshaighdiúir de chuid arm na hÉireann é Ed.

D’inis sé dóibh gur tír neodrach í Éire go hoifigiúil ach nach é amháin go mbíonn saighdiúirí, gunnaí agus armlón ag dul trí Aerfort na Sionainne ach go dtugtaí príosúnaigh an bealach sin freisin lena gciapadh i dtíortha a bhfuil ardscil acu sa gcéastóireacht.

Deir Tarak go bhfuil Meiriceá i mbun cogaidh i 14 tír ar fud an domhain. Maraítear na mílte daoine agus táthar ag scrios na timpeallachta tuilleadh.

Is iad fórsaí Mheiriceá is mó ar fad a dhónn peitriliam. Cé hionadh sin agus os cionn míle bunáit mhíleata acu sa mbaile agus thar lear.

Tá Ken agus Tarak coinnithe ina ngialla in Éirinn, d’fhéadfá a rá. Rialaigh an chúirt nach dtabharfaí cead dóibh dul abhaile go Meiriceá go dtí go gcuirfí ar a dtriail iad i dtosach. Rinneadh amach go mb’fhéidir nach dtiocfaidís ar ais go hÉirinn i gcomhair na trialach.

Ní raibh ciall ná réasún leis an gcinneadh sin, a deir Ken: áthas a bheadh orthu a theacht os comhair na cúirte arís. Cuid den fheachtas síochána a bheadh ann.

Thabharfadh sé deis iontach eile dhóibh cúis na síochána agus na neodrachta a chur os comhair mhuintir na hÉireann agus an domhain.

Fág freagra ar 'Beirt iarshaighdiúirí as Meiriceá ag siúl ar son na síochána agus iad ag fanacht ar a dtriail in Éirinn…'