Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 13 cás nua deimhnithe

Deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí gurb é ‘an réchúis an bhagairt is mó anois’ san fheachtas i gcoinne an Covid-19

Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 13 cás nua deimhnithe

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 13 cás nua den ghalar deimhnithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe. Trí chás nua a deimhníodh le lá anuas.

30,234 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,368 cás ó dheas den teorainn agus 4,866 cás ó thuaidh.

2,258 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,714 duine ó dheas den teorainn agus 544 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh Cov-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo deimhníodh nárbh amhlaidh an scéal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, LeasPhríomh-Oifigeach na Roinne Sláinte:

“Tá an-dul chun cinn déanta, ach tá an víreas fós ag scaipeadh agus, faoi mar atá ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an réchúis an bhagairt is mó anois.”

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), faoi Dé hAoine seo caite, an 12 Meitheamh, bhí 802 duine básaithe de bharr Covid-19. 

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Bhain os cionn leath den 802 bás a chuir NISRA ar an taifead le hionaid chúraim.

Léirigh na staitisticí nua chomh maith go bhfuair 972 duine níos mó bás sa Tuaisceart le 11 seachtain anuas ná mar a fuair bás sa tréimhse chéanna le blianta beaga anuas.

Níl ach beirt a bhfuil Covid-19 orthu nó a meastar Covid-19 a bheith orthu sna haonaid dianchúraim ó thuaidh agus 31 othar a bhfuil an galar orthu atá sna hospidéil.

49 ráig den ghalar atá in ionaid chúraim, ach tá 104 ráig a bhí sna hionaid sin curtha faoi chois.

Idir an dá linn, tá an leibhéal foláirimh i dtaobh an choróinvíris sa Tuaisceart imithe ó leibhéal 4 go dtí leibhéal 3.

Dúirt an tAire Sláinte Robin Swann gur “rud mór” a bhí ann an leibhéal a bheith athraithe agus gur léirigh sé “an teacht aniar” a bhí á dhéanamh.

Fág freagra ar 'Beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 13 cás nua deimhnithe'