Beimid uile maraithe ag sramach faoin am go mbeidh an lá thart

Is é atá i gceist le sramach, ná 'substaint' atá sórt cosúil le marla, nó puití, ach tá sramach ann freisin atá cosúil le smaois (dáiríre) nó sramacha seilide

Beimid uile maraithe ag sramach faoin am go mbeidh an lá thart

‘An bhfuil cead againn slime a dhéanamh, Mamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an lá cheana agus cuma sórt fiáin, dúghafa ar a héadan. ‘Céard?’ a d’fhiafraigh mé di, agus iontas orm ag an gcor ba dheireanaí i mo shaol.

Níl a fhios agam fútsa, ach cheap mé riamh gur rud é sramach a ndéanfá do dhícheall a laghad di a ‘dhéanamh’ is a d’fhéadfá.

An chéad rud a dhéanfaidh tú leis na sramacha i do shúil ar maidin, cuir i gcás, ná iad a ghlanadh amach. Nó, dá mbeadh slaghdán ort, bheifeá an-chinnte go gcoinneofá an smuga sramach smaoiseach faoi smacht. Cur chuige ciallmhar é sin, shílfeá.

Ach, sramach a dhéanamh? In aon turas?

‘Tá sé an-éasca,’ a deir sí ansin agus í tosaithe ag cartadh sna preasanna faoin am seo, ‘thaispeáin deirfiúr Éabha dom cén chaoi lena dhéanamh.’

‘An bhfuil aon ghliú againn?’ a d’fhiafraigh sí ansin, práinn ina glór, cos amháin aici ar dhoras an mheaisín níocháin agus í ag dreapadh suas ar an gcuntar ag iarraidh dul chomh fada leis na cófraí arda. ‘Teastaíonn gliú…’

‘Teastaíonn rud éicint,’ a dúirt mé faoi m’anáil agus faitíos ag teacht orm go mbeadh muid uilig maraithe ag sramach faoin am go mbeadh an lá thart.

‘Meas tú an bhfuil sé seo sábháilte?’ a deir mé. ‘Agus, má tá fhéin, ní cheapaim go bhfuil na rudaí uilig a theastaíonn lena dhéanamh sa teach againn.’

‘Tá sé ok, Mamaí,’ a dúirt an ceimiceoir beag agus í ag iarraidh mé a chur ar mo shuaimhneas, ‘tá chuile shórt againn agus tá sé an-sábháilte!’

Níl a fhios agam cén tarraingt atá ag gasúir óga ar an mearadh sramach. Chuala mé trácht gur ón sramach príomhordúil a tháinig muid uilig na milliúin bliain ó shin, ach cé a cheapfadh go mbeadh an cine daonna ag iarraidh filleadh ar an sramach arís?

Cuardaigh ‘slime’ ar YouTube agus feicfidh tú na mílte físeán agus gach cineál sramach a bhféadfá cuimhneamh air. Tá saibhreas déanta ar fhíseáin ina ndéantar cur síos ar bhealaí éagsúla chun sramach a dhéanamh.

’Séard atá i gceist le sramach, ná ‘substaint’ atá sórt cosúil le marla, nó puití, ach ag brath ar cén t-oideas a leanfaidh tú, tá sramach ann freisin atá cosúil le smaois (dáiríre) nó sramacha seilimide.  

Sramach glas, sramach buí, sramach greamaitheach sleamhain cluimhrí agus gealra bándearg ann.

‘Uachtar bearrtha an chéad rud eile atá ag teastáil,’ agus d’imigh sí léi suas an staighre go dtí an seomra folctha áit a bhfuil an t-uachtar bearrtha i dtaisce ag fear an tí ar an tseilf ard. Ach ní aon dúshlán iad seilfeanna arda don té a bhfuil díocas uirthi a sprioc a bhaint amach.

‘Ní cheapaim go mbeidh Daidí róshásta linn má úsáideann muid a chuid uachtar bearrtha le sramach a dhéanamh!’ a d’fhógair mé uirthi agus í imithe cheana féin.

‘Is cuma le Daidí,’ a dúirt sí agus í an-chinnte, ‘ar aon chaoi, ní úsáidfidh mé ach ruainnín beag bídeach.’

Fág freagra ar 'Beimid uile maraithe ag sramach faoin am go mbeidh an lá thart'