Béim ag Féile na bhFlaitheartach ar Chogadh na Saoirse

Le cuimhne a choinneáil ar Liam Ó Flaithearta agus a dheartháir Tomás a cuireadh tús le Féile na bhFlaitheartach naoi mbliana ó shin

Béim ag Féile na bhFlaitheartach ar Chogadh na Saoirse

Cuirfear tús le Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór, Árainn, Dé Sathairn seo chugainn. Seo í an naoú bliain den Fhéile.

Le cuimhne a choinneáil ar shaol agus ar shaothar na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta agus a dheartháir Tomás a bunaíodh í.

Dhá lá a bhíodh againn go hiondúil ar Inis Mór le linn na Féile ach b’éigean é sin a laghdú anuraidh go dtí lá amháin de bharr na géarchéime sláinte.

Ar an taobh eile den scéal, mhúin Covid-19 ceacht dhúinn; rinne muid amach gurbh fhearr na himeachtaí a roinnt idir ócáidí ar an oileán agus cainteanna ar líne.

In áit trí scóir daoine a bheith ag éisteacht le léacht i halla bhí muid in ann lucht éisteachta líonmhar a shroicheadh anois ar fud an domhain.

Cruthaíodh é sin go binn nuair a thug Póilín Ní Chiaráin léacht bhreá faoi Bhreandán Ó hEithir. Tá a fhios againn gur chuala na mílte a cuid cainte.

Is é sméar mhullaigh an mhodh oibre nua seo go ndéanfaí an chaint sa halla agus go gcuirfí amach freisin í ar líne. Tá sé d’ádh orainn go bhfuil fear ar an gcoiste stiúrtha, Eoin McDonnell, atá sároilte ar an gceird sin.

Tá béim i bhFéile na bliana seo ar Chogadh na Saoirse. Is eol don saol go raibh Liam agus Tomás Ó Flaithearta go huile agus go hiomlán ar son a saoirse a bheith ag Éirinn.

Scríobh Liam úrscéal dar teideal Insurrection.  Mhol sé i gcónaí laochra na Cásca agus an dream a sheas sa mbearna bhaoil sna fichidí.

Maidir le Tomás, is i Meiriceá a bhí seisean le linn Chogadh na Saoirse agus é ar dhuine de na ceannairí a bhí ar an bPáirtí Cumannach ansin.

Ba mhinic é a rá nach mbeadh aon toradh fiúntach ar an troid in Éirinn mura gcuirfí teagasc Shéamais Uí Chonghaile i bhfeidhm.

Thosaigh sé ag foilsiú nuachtáin i 1921 leis an teagasc sin a phoibliú agus le cabhrú ar chuile bhealach le réabhlóid na hÉireann, má ba réabhlóid í.

Bhí súil againn cóipeanna a fháil den nuachtán a bhí aige i gcomhair Fhéile na bliana seo ach ar an drochuair níor éirigh linn iad a fháil.

Tá cara mór le Féile na bhFlaitheartach, Brian Ó Conchubhair, ar fhoireann teagaisc ollscoil Notre Dame.   Chuaigh seisean ar thóir na gcóipeanna. Fuair sé amach go raibh siad in ollscoil in Michigan ach nuair a rinne sé fiosrúchán ansin dúradh leis nach bhféadfaí iad a chur ar fáil de bharr na rialachán a bhaineann le Covid-19.

Ag meán lae Dé Sathairn seo chugainn tabharfaidh an staraí Cormac Ó Comhraí léacht dhátheangach dar teideal Árainn agus Conamara i 1921.

Ag a haon a chlog Dé Sathairn léifidh Máirín Mhic Lochlainn gearrscéal a scríobh Liam Ó Flaithearta dar teideal ‘An Litir’.

Díreach ina dhiaidh sin casfaidh Treasa Ní Mhiolláin amhráin a fheilfeas don ócáid.

I nGairdín Cuimhneacháin na bhFlaitheartach i nGort na gCapall a bheas na himeachtaí seo. Ar aghaidh an tí inar tógadh Liam agus Tomás atá an Gairdín Cuimhneacháin.

Maidir leis na léachtaí a thabharfar ar líne an mhí seo chugainn seo é an leagan amach a bheas orthu: 1pm,  4 Meán Fómhair –Aindrias Ó Cathasaigh, Réabhlóid agus Frithréabhlóid in Éirinn; 3pm, 4 Meán Fómhair—Frank Allen, caint faoi The Informer; 1 pm, 5 Meán Fómhair, Maurice Casey, léacht faoi Mhargaret Barrington; agus 3 pm, 5 Meán Fómhair, léamh drámatúil le Alan O’Brien agus Tara Power ar an ngearrscéal ‘The Outcast’.

Fág freagra ar 'Béim ag Féile na bhFlaitheartach ar Chogadh na Saoirse'