Beifear ag faire go géar ar Phríomh-Chonstábla an PSNI

Tá síneadh ama tugtha do Phríomh-Chonstábla an PSNI Simon Byrne in ainneoin an iliomad conspóidí

Beifear ag faire go géar ar Phríomh-Chonstábla an PSNI

Mór idir na haimsirí. Tá síneadh ama trí bliana mar Phríomh-Chonstábla an PSNI ceadaithe do Simon Byrne d’ainneoin iliomad conspóidí le linn a sheirbhís ceithre bliana go dtí seo. B’aisteach lena lán daoine go mbeadh fear trí scór bliain d’aois ag iarraidh blianta fada breise a chaitheamh, faoi bhrú polaitiúil go minic, le buiséad easnamhach sa bpríomhchonstáblacht ‘is mó iniúchta in iarthar na hEorpa’.

Thacaigh gach ball de Bhord na bPóilíní leis an síneadh trí bliana agus bhí caint ar shíneadh níos faide fós. Ní mór don Roinn Cirt an cinneadh a fhaomhadh ach rinneadh talamh slán de go ndéanfaí sin. Conradh cúig bliana a bhí aige in 2019 nuair a ceapadh é tráth arbh é breith na coitiantachta gur duine eile a gheobhadh an post.

Bhí blianta fada seirbhíse ag Simon Byrne mar phóilín sinsearach i bhfórsaí éagsúla sa mBreatain Mhór roimhe sin. Díreach sular ceapadh mar cheannaire ar an PSNI é chinn fiosrú neamhspleách nach raibh bunús le líomhaintí bulaíochta ina leith mar Phriomh-Chonstábla Cheshire. Sé an cúigiú príomhchonstábla ar an PSNI é agus faoi 2027 beidh téarma seirbhíse níos faide ná Hugh Orde déanta aige, an té ba mhó a moladh agus ab fhaide sa phost go dtí seo.

Is cosúil gur bhunaigh Bord na bPóilíní a gcinneadh síneadh ama a cheadú dó ar ar bhain sé amach mar Phríomh-Chonstábla agus ar a chuid pleananna agus aidhmeanna do na blianta amach romhainn. Níl mórán ar eolas go poiblí faoi na pleananna don todhchaí ach is léir óna shaol oibre sa Bhreatain gur maith leis tabhairt faoi leasuithe ar mhodhanna oibre. Tá roinnt athruithe déanta aige ar chleachtais oibre san PSNI go dtí seo agus méadú déanta ar úsáid na teicneolaíochta.

Seans nár theastaigh ón mBord aghaidh a thabhairt ar fheachtas earcaíochta do Phríomh-Chonstábla nua an bhliain seo chugainn tráth a bhfuil fadhbanna móra airgeadais ag an PSNI agus a thuilleadh cruatain á bhagairt. Ar éigean a bheadh na sluaite sa tóir ar an bpost faoi na coinníollacha sin. Ach thairis sin, ní foláir go ndeachaigh pleananna Simon Byrne don tseirbhís phóilíneachta i bhfeidhm ar an mBord mar idir mhaith agus olc a bhí a thréimhse in oifig.

Liosta le háireamh iad na conspóidí a tharraing sé air féin. Nuair a ceapadh é in 2019 leag sé an-bhéim ar an bpóilíneacht phobail a fhorbairt. Ba léir, áfach, nach air sin amháin a chaithfeadh póilíní díriú i bhfianaise mharú an iriseora Lyra McKee cúpla mí roimhe sin. Idir déileáil leis na heasaontóirí poblachtacha agus dílseoirí a bhí sáite sa choiriúlacht bheadh ar an gceannaire nua an dá thrá a fhreastal. Ní raibh taithí ag Byrne ar chás ar leith Thuaisceart Éireann agus níorbh fhada gur chuir sé a chos ann.

Taobh istigh de leathbhliain bhí air leithscéalta a ghabháil faoina rá go mbainfí a bpáistí de pharaimíleataigh agus as teachtaireacht Lá Nollag a eisiúint a tharraing raic. Grianghraf de féin agus póilíní armtha le raidhfilí taobh amuigh de stáisiún na bpóilíní i gCrois Mhic Lionnáin a bhí sa teachtaireacht inar mhol sé na fir agus dúirt ‘go raibh sibh slán’. Ní nach ionadh glacadh leis mar mhasla i ndeisceart Ard Mhacha agus b’éigean do Byrne a bhriathra a shlogadh.

Is iomaí tuaiplis eile a deineadh ach bhí an chaoi ar láimhseáil an PSNI agóid in aghaidh an chiníochais i measc na gcinn ba mheasa. Tar éis mharú George Floyd i Meiriceá d’eagraigh Black Lives Matter léirsithe síochánta i nDoire agus i mBéal Feirste. Bhí srianta Covid i bhfeidhm agus d’fhan na léirseoirí i bhfad óna chéile ach gearradh fíneáil ar bhreis is trí scór. Ba mhór idir sin agus sochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey an mhí chéanna, Meitheamh 2020, nuair nár chuir an PSNI isteach ná amach ar an mílte a ghlac páirt. Níos deireanaí b’éigean na fíneálacha a chealú agus leithscéal a ghabháil le Black Lives Matter nuair a rialaigh Ombudsman na bPóilíní go raibh iompar na bpóilíní ina leith éagórach agus claonta.

Ba í láimhseáil shochraid Bobby Storey a tharraing an chonspóid ba nimhní a chothaigh suaitheadh sa pholaitíocht agus sa phóilíneacht.

Míonna ina dhiaidh, tar éis fiosrú a raibh póilín as Sasana ina bhun, sheol an PSNI comhad chuig an Oifig Ionchúiseamh Poiblí. Chinn an tseirbhís sin nach raibh cúis le freagairt de bharr doiléire na rialacha maidir le Covid agus toisc go ndeachaigh an lucht eagraithe (Sinn Féin) i gcomhairle leis an PSNI roimh ré. Bhí an DUP ar buile agus d’éiligh Arlene Foster, an Chéad-Aire ag an am, go n-éireodh Simon Byrne as oifig. Dhiúltaigh sé. Tamall roimhe sin cháin náisiúnaithe agus poblachtánaithe é faoi eachtra eile.

Tá taithí aige mar sin ar cháineadh oifigiúil ó Ombudsman na bPóilíní agus ar fhaobhar a dteanga ó pholaiteoirí ach is mian leis fanacht sa phost. Ní fada ó dúirt sé nach raibh sé indéanta cúraimí an PSNI ar fad a chomhlíonadh faoi na ciorruithe ar an mbuiséad atá bagartha. Beifear ag faire go géar féachaint céard atá beartaithe.

Fág freagra ar 'Beifear ag faire go géar ar Phríomh-Chonstábla an PSNI'