Beidh ‘veto’ ag an DUP maidir le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh – Jeffrey Donaldson

Deir ceannaire an DUP in Westminster gurb iadsan a shocróidh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin reachtaíocht atá molta ag an dá rialtas sa phlean d’athbhunú Stormont

Beidh ‘veto’ ag an DUP maidir le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh – Jeffrey Donaldson

Tá ráite ag an DUP go mbeidh veto acu maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.

Mhaígh ceannaire an DUP in Westminster ar maidin gurb iadsan a shocróidh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin reachtaíocht atá molta ag an dá rialtas sa phlean d’athbhunú an fheidhmeannais, New Decade, New Approach.

Féachfar ar ráiteas Donaldson mar chuid den iarracht atá ar bun ag na páirtithe móra a chur ina luí ar a lucht tacaíochta gurb iadsan a sheas an fód faoi cheist an achta Ghaeilge sna cainteanna.

Mhaígh ceannaire an DUP Arlene Foster ar maidin go raibh an reachtaíocht atá molta don Ghaeilge go “hiomlán éagsúil” ón reachtaíocht a moladh cheana.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean nua an dá rialtais d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont trí bliana ó thit sé.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir, ach dúirt Jeffery Donaldson go mbeadh ról “an-tábhachtach” ag ceannaire an DUP maidir le socrú cad a bheadh sna caighdeáin. Is le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a thabharfadh an Coimisinéir na dualgais teanga don státchóras isteach.

“Fágann sin go mbeidh ról an-tábhachtach, ról cinniúnach, ag an DUP maidir le dréachtú na gcaighdeán sin agus le cad a bheidh iontu,” arsa Jeffery Donaldson ar raidió BBC Uladh.

Nuair a fiafraíodh de Donaldson arbh ionann é sin agus a rá go bunúsach go mbeadh ‘veto’ ag an DUP maidir le haon reachtaíocht don Ghaeilge, dúirt sé gur “mar sin a oibríonn Stormont”.

“Feidhmíonn Stormont ar an mbonn go gcaithfidh cead trasphobail a bheith ann do na rudaí seo.” 

Dúirt Donaldson nach gcuirfeadh an DUP i gcoinne chur chun cinn na Gaeilge ach nach ligfí d’aon duine í “a bhrú” ar dhaoine.

“Ní ghéillfimid do chaighdeáin a bhrúfadh an Ghaeilge ar dhaoine nach labhraíonn í, bíodh sin ar chomharthaí bóthair, nó bíodh Gaeilge sna scoileanna i gceist nó bíodh sé go gcaithfeadh duine Gaeilge a bheith aige chun post a fháil,” arsa Donaldson.

Tá cuóta do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí curtha as an áireamh go sonrach sa phlean a fógraíodh aréir agus níl cás cigilteach na comharthaíochta luaite ar chor ar bith ann.

Ghlac an DUP aréir leis an bplean a d’fhógair an Tánaiste Simon Coveney agus Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Táthar ag súil le ráiteas faoin scéal go luath ó Shinn Féin agus ó lucht an fheachtais ar son achta Gaeilge.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean New Decade, New Approach, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Tá ráite ag an Tánaiste Simon Coveney gur “dul chun cinn mór” ó thaobh na Gaeilge é a bhfuil molta i New Decade, New Approach.

Dúirt sé gurb í ceist na Gaeilge an t-údar aighnis is mó sna cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais agus gur thóg an mhír sa phlean faoi chúrsaí teanga níos faide ná aon mhír eile.

Acht teanga don Ghaeilge amháin a bhí á lorg ag Rialtas na hÉireann, Sinn Féin agus lucht feachtais.

Cé nach bhfuarthas sin tá roinnt moltaí sa phlean nua a chuirfeadh le seasamh na teanga sa Tuaisceart dá gcuirfí i bhfeidhm iad.

Fág freagra ar 'Beidh ‘veto’ ag an DUP maidir le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh – Jeffrey Donaldson'