Beidh toradh na gcainteanna Breatimeachta ag brath ar an bhfreagra a thabharfar ar cheithre cheist

Ní léir go fóill an bhfuil rialtas Boris Johnson i mbun idirbheartaíochta ar bhonn an tseanfhocail a deir go ‘múineann gá seift’

Beidh toradh na gcainteanna Breatimeachta ag brath ar an bhfreagra a thabharfar ar cheithre cheist

Tá trí bliana caite ag Michel Barnier mar phríomh-ionadaí an Aontais Eorpaigh sna cainteanna ar an Bhreatimeacht, agus cleachtadh fada aige mar sin ar na buanna a theastaíonn i gcomhair na hoibre.

“Is cosúil le dreapadóireacht sléibhe an Breatimeacht,” a dúirt sé Barnier hiriseoirí sa Bhruiséil Dé hAoine. “Ní foláir a bheith aireach, dúthrachtach agus foighdeach.

Bhí sé ag caint tar éis dó comhrá a mhair dhá uair an chloig go leith a bheith aige leis an Stát-Rúnaí Breatimeachta Steve Barclay, comhrá ar phléigh sé ina dhiaidh sin le hambasadóirí an AE é.

Tuigtear go raibh dóchas teoranta ina chur síos, agus dá bharr sin go mb’fhéidir go rachfaí i mbun cainteanna go luath sa ‘tollán’ – téarma a úsáidtear sa Bhruiséil do chainteanna nach ndéanann ceachtar taobh aon chur síos orthu fad is atá siad ar siúl.

Ní léir agus an colún seo á scríobh cén t-údar atá leis an dóchas, dá theoranta é, a bhí follasach sa mhéid a bhí le rá ag Barnier Dé hAoine agus ag Leo Varadkar an lá roimhe sin.

Is in aon abairt amháin sa chomhráiteas a d’eisigh an Taoiseach agus Boris Johnson tar éis dóibh bualadh lena chéile in Cheshire a bhí na briathra a spreag an dóchas. 

Dúirt an bheirt gur shíl siad go raibh conair ar fáil i dtreo réitigh a fhéadfaí a dhéanamh. Chuir an Taoiseach aguisín dóchais leis an gcomhráiteas nuair a dúirt sé go bhféadfaí réiteach a aimsiú roimh dheireadh na míosa, cé gur admhaigh sé nach bhféadfaí timpistí a chur as an áireamh.

Thug Leo Varadkar agus príomhurlabhraí an AE le fios nach bhfuil a seasamh bunúsach athraithe. Tá sé ionann agus cinnte mar sin gur athrú ar thairiscint na Breataine a thug ar Michel Barnier athoscailt na gcainteanna a mholadh. Tá sé ionann agus cinnte freisin gur leagan nua den chúlstad a mhol an tAontas a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart amháin a phléifear anois. 

Beidh toradh na gcainteanna ag brath mar sin ar cheithre cheist a fhreagrófar go luath:

  1. An bhfuil tairiscint phraiticiúil curtha ar an mbord ag rialtas na Breataine?
  2. An bhfuil an tairiscint á plé acu é le dea-rún agus mar chomhréiteach a mbeadh Boris Johnson toilteanach iarraidh dáiríre ar fheisirí parlaiminte glacadh leis?
  3. An leor í, má ghlactar leis sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath, chun móramh in Westminster a shásamh?
  4. Mura mbeidh an DUP sásta leis an gcomhréiteach, an dtabharfaidh Johnson agus a pháirtí aon aird orthu?

Nuair a fhreagrófar na ceisteanna thuas, léireofar an bhfuil rialtas Johnson i mbun idirbheartaíochta ar bhonn an tseanfhocail a deir go ‘múineann gá seift’.

Faoi láthair, b’fhiú gach ráiteas agus ráfla ó rialtas na Breataine a mheá de réir an tseanfhocail atá nua-chumtha ag scríbhneoir an cholúin seo: múineann taithí amhras.

Fág freagra ar 'Beidh toradh na gcainteanna Breatimeachta ag brath ar an bhfreagra a thabharfar ar cheithre cheist'

  • Seán Mag Leannáin

    Ar chuir Boris dallamullóg ar Leo sa ghairdín?