Beidh sé mar chúis aithreachais go lá mo bháis agam nár chuireas bib an mhaoir foirne orm…

Agus cáineadh á dhéanamh ar Jason Sherlock agus ar ról an mhaoir foirne, cuimhnímis ar a riachtanaí is atá a leithéid agus ar cheartaiseacht lucht a gcáinte

Beidh sé mar chúis aithreachais go lá mo bháis agam nár chuireas bib an mhaoir foirne orm…

B’fhurast aithint ó chaint Pat Spillane ar an gclár League Sunday ar theilifís RTÉ aréir nach bhfuil puinn ama caite aige ar an dtaobhlíne le haon foireann le dealramh le déanaí.

Agus é ag déanamh tagartha don eachtra, dá bhféadfaí a leithéid a thabhairt air, idir maor foirne Átha Cliath Jason Sherlock agus imreoir de chuid na Gaillimhe ina gcluiche sraithe i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh, dúirt an Spealánach gur dhóigh leis nach raibh aon ghá leis an maor foirne ar an dtaobhlíne in aon chor sa lá atá inniu ann.

Chun a cheart a thabhairt d’iar-imreoir Chiarraí ní raibh sé ach ag cur macalla leis an rud atá ráite go mion minic ag riarthóirí agus lucht leanúna na gcluichí le bliain nó dhó anuas. Tá riarthóirí ag éirí bréan bailithe don bhfear le bib an mhaoir foirne ag rith isteach ar pháirc na himeartha na haon tseans a fhaigheann sé toisc go gcuireann sé cuma mhíshlachtmhar agus cló mírialta ar an imirt. Tá an lucht leanúna, leis, ag éirí cortha den mhaor foirne toisc go measann a bhformhór nach bhfuil sé ach ag iarraidh aird a dhíriú air féin.

Tá cuid acu, cuimhním ar Dan Shanahan Phort Láirge, Diarmuid O’Sullivan Chorcaí, Jason Sherlock Átha Cliath agus Liam Hassett Chiarraí go háirithe, a thapaíonn pé deis a fhaigheann siad chun ruathar a thabhairt faoin bpáirc isteach. Go deimhin féin, bhí an chuma ar an scéal i dTrá Lí Dé Sathairn seo caite go raibh ag teip ar fhoighne an réiteora féin, David Coldrick, le Liam Hasset agus é i mbun a chúraim.

Pé dearcadh atá ag réiteoirí, riarthóirí, lucht leanúna agus lucht anailíse ar nós Pat Spillane ina dtaobh, is bunriachtanas ag aon fhoireann agus ag aon bhainistíocht an maor foirne agus ba chóir pé cosaint is gá a thabhairt dá ról agus dá stádas laistigh den gcluiche féin.

Is léir nach dtuigeann lucht a gcáinte ról an mhaoir foirne i gcluichí CLG. Is léir go bhfuil fonn orthu cleachtas na gcluichí iasachta a tharrac chucu féin nuair a deirid go mba chóir deireadh a chur leis an maor foirne ar an dtaobhlíne. Ba bhreá le daoine áirithe muna mbeadh ar an dtaobhlíne le linn cluichí ach an bainisteoir. Ba bhreá leis na daoine seo go mbeadh réimse teicniúil ann don mbainisteoir agus é gafa i gculaith breá Armani mar a bhíonn i gcluichí sacair. Nó b’fhéidir é teite in airde staighre ar fad lena ríomhaire glúine mar a bhíonn lucht an rugbaí. Ba bhreá leo é mar cuireann sé clóca snasta na gairmiúlachta ar an gcúram agus ní gá dúinn bheith inár staicíní áiféise amaitéaracha a thuilleadh, dar leo.

Pé acu an áil linn é nó nach áil, áfach, tá cluichí na nGael fós amaitéarach ina gcur chuige agus gura fada eile a bheidh amhlaidh, a deirimse.

Gura fada eile a bheidh gá ag an mbainisteoir le crann taca agus le teachtaire ón dtaobhlíne. Gura fada eile a bheidh Jason Sherlock, Liam Hassett, Tony McEntee agus a leithéid isteach is amach ar pháirc na himeartha nuair a fhaigheann siad aga chuige.

An dtaca seo cúig bliana ó shin is ea a tosnaíodh ag cur srianta agus laincisí (nó smacht agus béasa ag brath ar do dhearcadh ina leith) ar lucht bainistíochta ar an dtaobhlíne. Ba é Liam Ó Néill a bhí ina Uachtarán ag an am agus bhí sé go mór sa treis i gcur i bhfeidhm agus i riaradh na rialacha nua.

Taobh amuigh de roghnóir iomána Chill Chainnigh ag an am, Martin Fogarty, ní mór a labhair amach go poiblí ina gcoinne. Bhí ciall le caint Uí Fhógartaigh in 2013 agus ag cuimhneamh siar ón mbliain 2018 anois air, caint fháidhiúil ab ea í.

Dúirt Fogarty ag an am gur beag tuiscint a bhí acu siúd a chuir na srianta i bhfeidhm ar ról na bainistíochta ar an dtaobhlíne. Dúirt sé, chomh maith, gur beag suim a chuireann cuid acu in obair na bainistíochta. Dá gcuirfidís, ní bheidís ag cur srianta i bhfeidhm, dar leis.

‘An rud ná fuil briste, ní gá a dheisiú’ a dúirt Fogarty cúig bliana ó shin agus ag féachaint anois air, bhí an ceart ar fad aige.

Tuigim féin agus mé ar an dtaobhlíne, go minic mar mhaor foirne lem’ chumann féin, an gá atá leis an ról agus le ról an roghnóra ar an dtaobhlíne.

Beidh sé mar chúis aithreachais agus aiféala go lá mo bháis agam nár chuireas bib an mhaoir foirne orm i gcluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne na Maighe i dtús na bliana seo.

Nuair atá imreoirí óga ar bheagán taithí á gcur faoi oiliúint ag lucht bainistíochta ar feadh bliana nó dhó agus nuair atá oiread dua agus allais agus ama caite acu ins an oiliúint sin, ’sé an rud is lú atá dlite dóibh ná go mbeadh cead acu teachtaire a chur isteach is amach chun treoir a thabhairt nuair is mó atá an fhoireann ina ghátar.

Nuair is léir go bhfuil gá le focail mholta, nó le deisiú nó le briathra boga chun an teas a bhaint as rud, ba chóir go mbeadh cead ag maor foirne ar an bpáirc chun a chuid a rá. Nuair is ríshoiléir go bhfuil meatachán réiteora ag géilleadh do thionchar an fhreasúra, tá ról le himirt ag an maor foirne leis. Ní chun achrann ná aighneas a chruthú ach chun cothromaíocht agus riar na córa a chinntiú.

Dá réir sin, agus caint an lae inniu ag díriú ag Jason Sherlock agus ar ról an mhaoir foirne, cuimhnímis ar a riachtanaí is atá a leithéid agus ar cheartaiseacht lucht a gcáinte.

Fág freagra ar 'Beidh sé mar chúis aithreachais go lá mo bháis agam nár chuireas bib an mhaoir foirne orm…'

  • Seán

    Dia leat a Dhara, agus tréaslaim do cheapacháin nua leat le RTÉ RnaG.

  • Seán M

    Ard fhear, a Dhara. Tacaím leat! (Bíodh nach bhfuil na maoir chéanna gan locht ó am go chéile). Go maire tú do nuacht mar Bhainisteoir nua-cheaptha le RTÉ RnaG (n’fheadar an mbeidh maor foirne uait ansin…..)

  • léitheoir

    Cuid ana-thábhachtach den bhfoirinn iad na maoir reatha sin agus an buidéal íocshláinte a bheireann siad leo. Is mór ag na himreoirí iad in am an ghátair go háirithe glas-stócaigh a bhíonn ‘amuigh chuige’. Cuid den drámatúlacht is ea iad don lucht féachana leis. Cad é bearradh is leibhéal a fhaigheann siad babhtaí! Fág ann iad!