‘Beidh sé ina réalta eolais feasta againn’ – Mícheál Ó Súilleabháin 1950-2018

Fear gnímh agus fear físe ab ea Mícheál Ó Súilleabháin, ceoltóir, cumadóir agus oideachasóir ar leith a rinne athrú chun feabhais ar cheol na hÉireann

‘Beidh sé ina réalta eolais feasta againn’ – Mícheál Ó Súilleabháin 1950-2018

Tá sé beagnach dhá bhliain ó chas mé le Mícheál Ó Súilleabháin go deireanach. Ar an 3 Samhain, chasamar lena chéile ina theach sa Phort Nua i dTiobraid Árann agus é díreach i ndiaidh dul ar scor ó Ollscoil Luimnigh. Ba mhian liom agallamh a chur air don Journal of Music faoina shaol agus a chuid ceoil agus faoina bhreithiúnas ar na hathruithe go léir ar cheol na hÉireann lena linn, agus a ról féin san athrú sin.

Deis a bhí ann freisin casadh le chéile agus tamall comhrá a dhéanamh. Is minic a casadh ar a chéile sinn le 25 bliain roimhe sin, ach ba bheag seans a bhíodh againn na rudaí a raibh suim againn beirt iontu a phlé go mion.

Chaitheamar dhá uair an chloig ag comhrá agus ag ól tae sa chistin an lá sin. Labhair sé i dtosach faoina óige agus faoina shaol as sin nó gur éirigh sé as a phost. Ag iarraidh a thuiscint a bhí mise cén chaoi ar éirigh leis athrú chomh mór sin a dhéanamh ar an gceol traidisiúnta, an ealaín sin a thabhairt isteach faoi scáth an oideachais tríú leibhéal agus é sin ar fad a dhéanamh ar bhealach a thuigfeadh cách.

Ba léir gur rud tábhachtach an t-oideachas ina shaol féin – ba é an chéad duine dá mhuintir a d’fhreastail ar an tríú leibhéal agus fad a bhí sé i UCC casadh air láithreach ‘force field’ Fleischmann agus Ó Riada.

I lár na seachtóidí thosaigh sé féin ag léachtóireacht i UCC agus chuir sé roimhe cló nua a bhualadh ar stádas an cheoil thraidisiúnta san oideachas, obair a bhfuil a toradh le feiceáil go dtí an lá inniu féin.

Ba é an cleas i saol polaitiúil na hacadúlachta, a dúirt sé liom, fasach a aimsiú. Nuair a bhí sé féin ag forbairt an churaclaim, ba í an argóint a bhí ag an Súilleabhánach d’údaráis na hollscoile, go raibh siad ag fostú cainteoirí dúchais i rannóg na dteangacha agus mar sin cén fáth nach bhfostófaí ceoltóirí traidisiúnta chun ceol traidisiúnta na hÉireann a mhúineadh?

D’éirigh leis agus ba ghearr go raibh Connie O’Connell ag múineadh na fidle ann, agus, faoi lár na n-ochtóidí, bhí sé tar éis a chur ina luí ar na húdaráis córas iontrála a fhorbairt a ligfeadh do cheoltóirí óga traidisiúnta céim sa cheol a dhéanamh.

B’in tús le hathrú bunúsach cultúrtha i gceol na hÉireann, athrú a d’fhág a rian i bhfad agus i ngearr. Sa mbliain 1994, bhunaigh an Súilleabhánach Ionad Domhanda an Cheoil Éireannaigh in Ollscoil Luimnigh agus, níos déanaí, Dámh Chruinne Éireann, Rince agus Ceol. Forbairt í sin a chabhraigh tuilleadh le cur chun cinn na físe aige agus a thug deis níos fearr do go leor daoine óga céim, máistreacht agus dochtúireacht a dhéanamh i gceol traidisiúnta na hÉireann.  

Bhí bua ar leith ag an Súilleabhánach mar fhear cumarsáide, bua a thug isteach i saol na craoltóireachta é. Sa mbliain 1995 chuir sé an tsraith teilifíse River of Sound (The Changing Course of Irish Traditional Music) i láthair. 

Ba mháistir é i mbun scagadh a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla den cheol traidisiúnta, ach bhain conspóid leis an saothar toisc an bhéim a cuireadh sna cláir ar cheol a bhí nua dána. Agus é ag caint ag an gcomhdháil Crossroads an bhliain dár gcionn, mhínigh an Súilleabhánach a chuid smaointe. Is ‘ionann an traidisiún agus athrú’, a d’áitigh sé, agus dúirt sé go rabhamar inár bhfinnéithe ag an ‘rud nua a bhí ag teacht chun cinn’. Is soiléir anois dúinn go raibh an ceart aige, ach thiar in Éirinn shíorathraitheach na nóchaidí is beag fáilte a cuireadh roimh an té a déarfadh a leithéid.

Is de réir a chéile, mar a bhí an deis ag níos mó ceoltóirí traidisiúnta staidéar a dhéanamh ar an gceol ag an gcoláiste, a tuigeadh feabhas a shaothair. Sa mbliain 2011, bronnadh Gradam Aitheantais Speisialta TG4 air agus ba thábhachtach an lá é sin. Nuair a fógraíodh a ghradam i Músaem Chathair na Gaillimhe, ina sheasamh le balla ar chúl an tseomra a bhí sé. Ní dhearna sé ach a ghloine a chrochadh, meangadh a chur air féin, agus a cheann a chlaonadh leis an gcomhluadar uilig.

Ba é Ó Riada inspioráid Uí Shúilleabháin ó thaobh an cheoil de, agus ón gcéad lá a bhuail sé leis an gcumadóir sna seascaidí féin, ba mhór aige ‘the adrenalin rush in the energy field between… the classical and the traditional’.

Nuair a chas mé leis in 2016, bhí sé fós gafa le ‘fuascailt’ a fháil ar an teannas idir an dá chineál ceoil, ach bhí sé ag baint an-sásamh freisin as a bheith ag cumadh cineálacha nua ceoil do cheolfhoirne. Ba mhinic ina chuid ceoil foinn nua agus thraidisiúnta, a bhíodh á seinm aige féin ar an bpianó nó ag ceoltóirí traidisiúnta eile i dteannta na ceolfhoirne. B’fhéidir go bhfuil Oileán/Island, a tháinig amach i 1989,  ar cheann de na píosaí ab fhearr dár chum sé riamh. Tharraing Woodbrook agus (Must Be More) Crispy cáil ar fud na cruinne air freisin.

Ba mhór a scil agus a thionchar ó thaobh an phianó freisin. Chuir sé tús le stíl nua chun ceol traidisiúnta a sheinm ar an bpianó inar léir a dheaslámhacht iontach ar an ornáidíocht thraidisiúnta. Threabh sé branar úr le The Dolphin’s Way i 1987, saothar a rinne sé lena chomhbhádóir buan, Mel Mercier agus saothar ar a bhfuil fáil ar sheoid de shaincheol Uí Shúilleabháin Oíche Nollag/Christmas Eve, píosa ina bhfuil cleamhnas álainn déanta idir an ceol clasaiceach, an ceol traidisiúnta agus an snagcheol.

I bhfómhar na bliana seo caite a bhí mé i dteagmháil le Micheál go deireanach, go luath tar éis dó a bheith ag ceol le ceolfhoireann náisiúnta RTÉ. Bhí sé lán de ghus agus thug an ócáid go léir an-mhisneach dó. Dúirt sé gur spreag sé ‘something in myself that I am currently negotiating with in terms of some new writing’.

Bhíodh pleananna nua i gcónaí ina intinn aige, bíodh sé ina thogra ceoil nó taighde. An bhliain chéanna, bhronn Conservatoire Ríoga na hAlban dochtúireacht oinigh sa cheol air.

Fear gnímh agus fear físe ab ea é, ceoltóir, cumadóir agus oideachasóir ar leith a rinne athrú chun feabhais ar cheol na hÉireann ina lár istigh. Rinne sé amhlaidh le díograis, fuinneamh agus leis an dea-chroí ba dhual dó.

Aon uair feasta a bheimis á sárú ag dúshlán mór inár saol ealaíne nó ceoil, beidh Mícheál Ó Súilleabháin mar réalta eolais againn ár dtreorú. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Foilsíodh leagan Béarla den alt seo ar dtús ar The Journal Of Music agus is é an t-údar eagarthóir na hirise ar líne sin

Fág freagra ar '‘Beidh sé ina réalta eolais feasta againn’ – Mícheál Ó Súilleabháin 1950-2018'

  • Pádraig

    Laoch eile ar lár- comhbhrón ó chroí

  • An Teanga Bheo

    Brón ar an mbás arist