Beidh mé féin agus mo dheartháir óg inár mBig Brother ar ár máthair feasta…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Tá ár gcolúnaí agus a dheartháir óg i mbun taighde ar ghléasanna a dhéanfadh lorgaireacht GPS ar a máthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi

Beidh mé féin agus mo dheartháir óg inár mBig Brother ar ár máthair feasta…

An tseachtain seo caite, chaill mo mháthair a bealach sa bhaile mór. Tá a bealach caillte ina meabhair féin ag an mbean bhocht le tamall anuas, is baolach – breis agus bliain go leith ó shin anois a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer uirthi. Ach go dtí seo, sa chistineach ba mhó a théadh sí ar seachrán, agus ní sa bhaile mór ina bhfuil cónaí uirthi le nach mór leathchéad bliain.

Ba cheart go dtabharfadh físchomhrá a bhí againn níos luaithe an lá ar chaill sí a bealach leid dom.

‘Tá mé ag dul ar cuairt chuig mo chara Paula tráthnóna,’ a dúirt mo mháthair liom. ‘Chuaigh mé chomh fada le sráid s’aici ar mo rothar ar maidin féachaint an aimseoinn an teach.’

‘Agus ar aimsigh?’

‘D’aimsigh!’

Ach an tráthnóna sin agus mo mham ag dul chuig teach a cara Paula ag an am a bhí socraithe, níor aimsigh sí an teach. Léiriú é sin, is dócha, ar an randamacht aisteach a bhaineann le galar Alzheimer.

Uaireanta, feidhmíonn inchinn an othair mar ba chóir (nó chóir a bheith mar ba chóir) ach uaireanta eile, ní fheidhmíonn. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh cúrsaí chomh dona sin nár éirigh le mo mháthair a teach féin a aimsiú arís agus tharla go raibh mo dheartháir óg ansin roimpi agus bhí seisean in ann aire a thabhairt di. Bhí an eachtra tar éis baint siar aisti.

Agus asainne, ar ndóigh. Saghas cathair ghríobháin atá san eastát tithíochta ina bhfuil cónaí ar chara mo mháthar agus níl mórán cur amach ag mo mham ar an gcuid sin den bhaile mór, ach mar sin féin, cén fáth nár lorg sí treoracha? An é nár chuimhin léi an seoladh?

Nó an é nár aimsigh sí na focail chun fios an bhealaigh a chur?

Ó tharla an eachtra sin, tá mo dheartháir óg agus mé féin ag déanamh taighde faoi bhandaí rosta aláraim. Gléasanna iad sin a chaitheann duine ar chaol a láimhe agus a bhfuil cnaipe mór dearg orthu. Brúnn duine an cnaipe sin nuair a bhíonn cabhair de dhíth air agus cuireann an banda rosta glaoch caol díreach ar uimhir éigeandála.

Tá chuile chineál banda rosta ann.

Cinn ar féidir labhairt iontu, mar a bheadh gnáthfhón póca ann. Cinn a chuireann scairt ar sheirbhís phríobháideach éigeandála a gcaithfidh tú síntiús a bhaint amach leo ach a fhreagróidh an glaoch i lár na hoíche agus cinn a chuireann scairt ort féin (i lár na hoíche.)

Cinn a ligeann duit lorgaireacht GPS a dhéanamh ar an duine a chaitheann an banda rosta, ionas go mbeidh a fhios ag an gcúramóir i gcónaí cá bhfuil, nó cá raibh, an duine atá faoina chúram. 189 euro a chosnaíonn an banda rosta sin a ligfidh dom féin agus do mo dheartháir óg a bheith inár mBig Brother ar ár máthair. Ar ndóigh, ní hé sin is mian linn a dhéanamh. Ach ós rud é nach bhfuil cónaí ar cheachtar againn sa bhaile mór céanna agus mo mháthair agus ós rud é gurb é a mian féin a bheith ina cónaí go neamhspleách ina teach féin chomh fada agus is féidir, seans nach mbeidh an dara rogha againn.

Ar ndóigh, beidh rogha aici féin i gcónaí.

D’fhéadfadh sí an banda rosta a chur i dtarraiceán éigin agus gan é a chur ar chaol a láimhe ar chor ar bith, mar a rinne máthair chara liom ar phléigh mé an scéal seo leis.

 

Fág freagra ar 'Beidh mé féin agus mo dheartháir óg inár mBig Brother ar ár máthair feasta…'