Beidh Joe McHugh mar ‘ghlór ar son na Gaeilge ag Bord an Rialtais’ – An Taoiseach

Deir Conradh na Gaeilge gur ‘chéim chun cinn’ é ceapachán Joe McHugh mar Phríomh-Aoire agus mar aire stáit don Ghaeltacht

Beidh Joe McHugh mar ‘ghlór ar son na Gaeilge ag Bord an Rialtais’ – An Taoiseach

Beidh Joe McHugh mar “ghlór don chéad teanga náisiúnta ag Bord an Rialtais”, a dúirt an Taoiseach nua Leo Varadkar aréir.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “chéim chun cinn” é ceapachán “an chainteora líofa Gaeilge Joe McHugh” mar Phríomh-Aoire agus mar aire stáit don Ghaeltacht.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh “guth don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar ais ag an mbord Rialtais”, cé go ndúirt sé go raibh an eagraíocht fós den tuairim gur cheart go mbeadh cúram na Gaeltachta ag Aire Sinsearach a mbeadh vóta ag cruinnithe rialtais aige.

“Tá an Conradh ag súil go ndéanfaidh an Taoiseach Varadkar beart de réir a bhriathair le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas a láidriú, le cainteoirí líofa Gaeilge a earcú sa státseirbhís, le rogha na Gaelscolaíochta a chur ar fáil d’achan duine ar mian leo í, agus le breis acmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt Joe McHugh féin aréir go raibh “lúcháir” air filleadh ar an bpost a bhí aige idir 2014-2016.

Bhain conspóid mhór le ceapachán Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht den chéad uair in 2014 toisc nach raibh Gaeilge líofa aige. Dúirt Taoiseach na linne Enda Kenny go mbeadh McHugh ag dul ar ‘aistear teanga’ leis an nGaeilge a fhoghlaim agus chuir an tAire Stáit feabhas ar a chuid Gaeilge le linn dó a bheith i mbun chúram na Gaeltachta.

Agus ainmniúchán McHugh mar Phríomh-Aoire agus Aire Stáit na Gaeltachta sa Roinn nua Cultúir, á fhógairt aréir aige, dúirt an Taoiseach go mbeadh an Teachta Dála as Dún nan Gall freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre.

“I am assigning responsibility for the Department of Culture and responsibility for Gaeilge, Gaeltacht and the Islands to the Minister of State, Deputy Joe McHugh, in addition to his duties as Chief Whip. I am tasking him with the role of promoting the learning and use of Irish in all parts of Ireland and to be a voice at the Cabinet table for our first national language,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur léir go dtuigeann an Taoiseach nua “cuid de na dúshláin is mó lena bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag streachailt”.

“Beidh le feiceáil an féidir leis aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin le bearta cinnte réamhghníomhacha agus trí na hacmhainní cuí a chur ar fáil, faoi mar a gheall sé sular toghadh é ina Thaoiseach,” a dúirt de Spáinn.

Mhol Conradh na Gaeilge an Taoiseach nua “as an tiomantas pearsanta atá léirithe aige i leith na Gaeilge go dtí seo”.

Agus é ainmnithe ag Dáil Éireann mar Thaoiseach inné, ba i nGaeilge a chuir Leo Varadkar tús lena óráid. Dúirt sé gur “onóir” dó a bheith ainmnithe mar Thaoiseach.

“Go raibh míle maith agat a Cheann Comhairle. Is mór an onóir dom a bheith anseo inniu mar Thaoiseach tofa i nDáil Éireann. Táim fíorchorraithe agus thar a bheith buíoch as ucht an tacaíocht atá faighte agam ón Dáil. Is am speisialta é seo, ní hamháin domsa, ach do mo chlann, mo chairde agus mo lucht tacaíochta ar fad.

“Ba bhreá liom buíochas a ghabháil leo as ucht an méid oibre atá déanta acu ar mo shon. Tá a fhios agam go mbeidh go leor dúshlán náisiúnta agus idirnáisiúnta romhainn sna laethanta atá le teacht. Táimid réidh dóibh,” a dúirt an Taoiseach.

D’iompaigh sé ar an nGaeilge arís ina dhiaidh sin agus cás na Gaeilge féin faoi chaibidil aige. Dúirt sé go mba mhaith leis gur mhaith leis níos mó “gnó” agus “díospóireachtaí” a dhéanamh as Gaeilge lena chomhghleacaithe sa Dáil agus dúirt sé go raibh súil aige go spreagfadh a chuid iarrachtaí féin “níos mó daoine” le Gaeilge a labhairt.

“Is é ‘Taoiseach’ an teideal atá againn ar Phríomh-Aire na hÉireann. Is téarma Gaeilge é, agus is ceart agus is cóir sin. Léiríonn sé ómós dár stair, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Fiú nach bhfuil mo chuid Gaeilge féin chomh líofa agus gur mhaith liom go mbeadh sí, tá an-chion agam ar ár dteanga dhúchais. Le blianta anuas, tá sár-iarracht déanta agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge.

“Mar Thaoiseach, beidh sé ar intinn agam níos mó gnó agus níos mó díospóireachta a dhéanamh trí Ghaeilge le mo chomh-Theachtaí Dála. B’fhéidir nach mbeidh mé i gcónaí chomh tapa nó chomh líofa agus gur mhaith liom a bheith, ach ceapaim gurb é an rud is tábhachtaí ná iarracht a dhéanamh. Sa chaoi seo, tá súil agam go spreagfaidh mé níos mó daoine an Ghaeilge a úsáid sa ghnáthshaol,” a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar.

Fág freagra ar 'Beidh Joe McHugh mar ‘ghlór ar son na Gaeilge ag Bord an Rialtais’ – An Taoiseach'

  • Harriet P.

    Éirigh as, a Leo: Beidh Joe McHugh mar ghlór (eile) ar do shonsa ag Bord an Rialtais. síleann tusa dá bharr nach mbeidh sé ina chontúirt duitse agus tá an ceart agat.

    Beidh Joe McHugh ina chontúirt don dteanga agus don chuid is mó desna Gaeltachtaí, áfach. An chuid is mó de, adeirim, toisc gur féidir linn bheith cinnte go mbeidh sruth an airgid ag sreabhadh go dtí Gaeltacht Thír Chonaill agus cúram na Gaeltachta fé stiúir Joe McHugh!

  • Mánus

    Seans mhaith go mbeidh bóithre Dhún na nGall beagán níos fearr de thairbhe Aire na Gaeilge do bheith acu ach nach bhfuil SF agus FFFG in a niomlán ina ndainséir mhóra don Ghaeilge toisc gur cultúr an “cúpla focal” atá i bhfeidhm sna páirtithe sin leis na cianta?