Beidh jab ag ceannairí nua an SDLP agus an UUP a athbheochan

Ba iad an SDLP agus an UUP an bhunchloch do Chomhaontú Aoine an Chéasta ach a meath an díol suntais le scór bliain

Beidh jab ag ceannairí nua an SDLP agus an UUP a athbheochan

Tá an SDLP agus an UUP á lua san abairt chéanna le fada. Ba iadsan an bhunchloch do Chomhaontú Aoine an Chéasta ach le scór bliain sé a meath an díol suntais. An mbeidh ceannairí nua in ann a gcinniúint a athrú? An mbeidh siad in ann a chur i gcion ar vótóirí go mbaineann siad le hábhar nó an mbeidh a thuilleadh cúlaithe dosheachanta?

Dé Sathairn seo caite cheap comhdháil bhliantúil an UUP Mike Nesbitt ina cheannaire ar an bpáirtí. Ar an Satharn seo chugainn dearbhóidh ardfheis an SDLP Claire Hanna mar cheannaire. Ní raibh toghchán ceannaireachta ag ceachtar páirtí. Thacaigh na daoine san SDLP a mb’fhéidir go mbeadh suim acu sa gceannaireacht le feisire Parlaiminte Bhéal Feirste Theas agus Lár an Dúin, Claire Hanna. Iarcheannairí ar an UUP ab ea móramh na ndaoine a bhí i dteideal seasamh don cheannaireacht agus ba é Mike Nesbitt an t-aon duine acu a sheas.

Ós é seo an dara babhta aige i gceannas, tá an dá léamh ar athchúrsa Nesbitt. Tá ciall cheannaithe aige a deir lucht a mholta agus seans níos fearr aige dá bhrí sin. Fianaise lom ar laige agus éidreoir ab ea é dar le roinnt nach raibh siad in ann a theacht ar iarrthóir seachas an tAire Sláinte in Stormont a bhfuil dúshlán ollmhór le sárú aige; ní mór dó córas sláinte atá ar an dé deiridh a tharrtháil. Aighneas drámatúil sa pháirtí faoi ndear folúntas a bheith ann. D’éirigh Doug Beattie as an gceannaireacht tar éis trí bliana mar gheall ar dheacrachtaí doréitithe idir é féin agus oifigigh an pháirtí, a dúirt sé. Bhí cúpla faicsean sa pháirtí agus é teipthe ar Beattie a údarás a chur i bhfeidhm.

Bhí tús amscaí leis an mbabhta ceannaireachta seo ag Nesbitt. Ní raibh sé in ann freastal ar an gcomhdháil; bhí Covid air. B’éigean dó aitheasc an cheannaire a thabhairt ar nasc físe ón mbaile. Dóchas a bheas mar fhocal faire aige, a dúirt sé, an dóchas a bhí ann aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta gur sochaí uileghabhálach, ilchineálach a bheadh anseo.

An mbeidh sé in ann an páirtí a aontú agus teachtaireacht shoiléir a chumadh? Seans go mbeidh sé níos seiftiúla mar bhainisteoir ná a bhí a réamhtheachtaí ach caithfidh sé grúpaí ar an eite dheis agus grúpa níos liobrálaí a bhreith leis chun polasaithe a aontú. Cén freagra a bheidh ar an gceist a chloistear an-mhinic – céard le haghaidh an UUP?

Cuirtear an cheist chéanna faoin SDLP. Ní leor gaisce faoi na seanlaethanta, faoi éacht John Hume nó faoi stair frithfhoréigin an pháirtí. Ní leor cáineadh ar Shinn Féin. Cad é raison d’être an SDLP?

Ó tá go leor de na polasaithe céanna a bhí ag SDLP ag Sinn Féin anois ach iadsan níos éifeachtaí ar an tsráid agus faoin tuath, tá soiléire agus leanúnachas riachtanach. Leagann Claire Hanna béim ar dhá rud – gur páirtí daonlathach sóisialach é SDLP agus nach mór obair eagraíochta a dhéanamh. Dúirt sí go dteastaíonn uaithi tabhairt faoi chumainn a athnuachan nó cinn nua a bhunú agus fuinneamh a thiomsú i measc na mball.

Bean chuideachtúil, lán d’fhuinneamh í Hanna; beidh na buanna sin de dhíth uirthi chun tacaíocht a mhúscailt sna ceithre hairde. Is cainteoir breá í agus tá sí cumasach ar na meáin mar a bhí Colum Eastwood roimpi ach mar sin féin chaill an páirtí tacaíocht go dtí nach raibh an dara rogha acu ach a dhul sa bhfreasúra in Stormont. Tá súil acu gur mó aird a bheidh orthu faoi cheannas Matthew O’Toole sa bhfreasúra san Tionól ná mar a bhí orthu mar mhionpháirtí sa bhFeidhmeannas. Níor bheag sin ach arís eile, ní leor é.

Mhaígh roinnt i ndiaidh an olltoghcháin i mí Iúil nár cheart don SDLP seasamh i dtoghcheantair ina raibh seans ag Sinn Féin. Seafóid fhrithdhaonlathach. Tá spás do dhá pháirtí náisiúnacha, gá leo fiú. Caolseans go mbeidh an SDLP chomh láidir arís choíche is a bhí ach ní hin le rá nach mbeadh ról acu. Admhaíonn daoine in Sinn Féin nach féidir leosan astu féin an togra uile-Éireann nó Éire nua a bhaint amach; tagann stair ghluaiseacht na poblachta salach air sin.

Deir Colum Eastwood go ndíreoidh sé ar Choimisiún Éire Nua an pháirtí as seo amach; tharraing sé aird le déanaí nuair a d’fhreastail an t-iarThaoiseach, Leo Varadkar ar sheisiún i nDoire. D’fhéadfadh SDLP straitéis a bhunú ar thaighde an choimisiúin maidir le ceartas sóisialta, athmhuintearas agus cóir eacnamaíochta – prionsabail a leagann Claire Hanna an-bhéim orthu. Sé a dúshlán tógáil ar an gcreatlach sin agus taoide an mheatha a chasadh.

Ní ribín réidh é cúrsa Mike Nesbitt ná Claire Hanna.

Fág freagra ar 'Beidh jab ag ceannairí nua an SDLP agus an UUP a athbheochan'