Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir! ‘Clasaic’ ar an toirt é ‘Derry Girls’…

Tá na seanchaighdeáin sna ranna nuachta agus cúrsaí reatha ligthe le sruth ach údar dóchais an rath atá ar sheánra teilifíse eile, a deir ár léirmheastóir

Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir! ‘Clasaic’ ar an toirt é ‘Derry Girls’…

‘Derry Girls’  Channel 4   (Anocht, Déardaoin, 10.00)

‘The Young Offenders’  RTÉ 2   (Anocht ,Déardaoin, 9.30)

Cad é seo mar shlí chun an chéad aithne a chur ar cheathrar i ngreanndráma agus an gaol briosc atá eatarthu.

Erin – ‘She’s gone too far this time Mammy. What’s next, I’ll catch her tryin’ on me knickers’.
Ma – ‘Don’t use ‘knickers’ in front of your father. He can’t cope’.
Erin – Yeah! He can’t cope!’
Orla – ‘So what’s a pair of knickers between cousins?’

Fáilte chuig Derry Girls. Dóchas linn Naomh Pádraig. Táim leaindeáilte arís ar mhuin na muice. Amhail bus an 46A ó lár na cathrach, tagann na sraitheanna suimiúla teilifíse ina bpéirí. Derry Girls, a thiocfaidh deireadh anocht leis, agus na Young Offenders ón tseachtain seo amach. Táid ar ghualainn a chéile an Déardaoin beag seo. Boys Oh Boys! Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir.

Dhá scór bliain a chaitheas ag cur cláracha teilifíse i dtoll a chéile. Feictear dom go bhfuil na seanchaighdeáin sna ranna nuachta agus cúrsaí reatha ligthe le sruth, scannal atá ag dó na geirbe agam le fada an lá. Cuireann an frois frais a dtugtar ‘an teilifís réaltachta’ air soir ar fad mé. Ní haon iontas mar sin go n-alpaim chugam aon chúiteamh a dheonaíonn cineálacha eile teilifíse dom ó am go chéile.

Cúig seachtaine ó shin, trí thimpiste, tháinig Derry Girls aniar aduaidh orm gan choinne. Táim curtha ó chrích ar fad aige ó shin.

Ghnóthaigh siad lucht féachana 2.4 milliún an chéad oíche. Bhíodar ag treochtáil ar fud an domhain, creid nó ná creid, ar Twitter. Ba  é Derry Girls an clár ba mhó ráchairt ar Channel 4 oíche a sheolta ó aimsir The Inbetweeners. Fáilte ar bord na haerloinge seo romhaibh, a chairde Gael!

Ní sártheilifís go sárscríbhneoireacht agus níl ceardaí pinn níos oilte ná Lisa McGee in earnáil na sraitheanna spraoi-dhrámaíochta teilifíse faoi láthair. Sárthógálaí carachtair í – a dílseacht, a cluas agus an t-ionracas arb é cuspóir a healaíne é a thugann mealltacht agus fírinne agus creidiúnacht do na carachtair dheisbhéalacha ina gcuireann sí puth éadrom na beatha.

Teach suimiúil é teaghlach Quinn, Doire Cholmcille, 1994. Tá Ma Mary ag deireadh na foighne, nach mór, le gach éinne timpeall uirthi – an déagóir iníne, Erin; an liúdramán d’fhear céile, Gerry; Aunt Sarah is a hiníon Orla a bhfuil bheith istigh acu léi, beirt atá pas beag ar shiúl leis na sióga, tá’s agat. Murar leor sin, mar bharr ar gach donas, cad is féidir a dhéanamh le Granda Joe, cráiteachán cantalach na slaiseanna nimhneacha síoraí sa chúinne. Fáilte go Doire na dtrioblóidí áiféiseacha pearsanta, a chairde Gael!

Is iad Erin agus na cairde scoile Orla, Clare, Michelle agus James a thugann fócas agus gluaiseacht agus treoir don insint atá breac le tírdhreach polaitiúil Dhoire agus ar tinneall le fuaimrian cheol na luathnóchaidí. Páistí scoile agus saighdiúirí óga ar patról ag casadh dá chéile amhail is dá mba é an rud ba nádúrtha ar domhan é. Agus tá, gan dabht, ‘Dreams’ na Cranberries, ‘Jump Around’ House of Pain agus ‘Only a Woman’s Heart’ le Mary Black agus Eleanor McEvoy ag caitheamh i ndiaidh neamhurchóid dhéagóirí na mblianta sin freisin.

Ach ní hé sin amháin é. Is leithne go mór ná an gnáththeacht in aois maoithneach a bhíonn sna cláir eile atá i Derry Girls. Sin ráite, ná déanaimis dearmad gur Coiméide bharrúil na hÁiféise atá anseo, seachas aon rud eile. Beidh sibh sna trithí is ag titim as bhur seasamh. Níl puinn dabht agam ach gur clasaic ar an toirt é Derry Girls. Téann sé rite liom aon tsraith grinn Éireannach níos fearr ná é a ainmniú, ó aimsir Father Ted anall.

Níl lúb lag sa slabhra, agus tá an cliar uile thar barr. Molaim súil ar leith a choimeád ar ‘Sister Michael’, Siobhán McSweeney. Cuireann sise lúcháir pheacúil ar mo chroí. 

Cúig eagrán atá craolta go fóill agus craolfar an t-eagrán deiridh tráthnóna. Mura bhfaca tú go fóill é, níl sé ródhéanach agat. Leanann na heagráin luath go fóill beag ar Catch-Up All 4.

Maolófar ar mo chumha i ndiaidh Derry Girls má bhíonn sraith teilifíse The Young Offenders leath chomh maith leis an scannán den ainm céanna a tháinig amach anuraidh. Is tuar dóchais dúinn dintiúir chruthanta na foirne – Peter Foott, scríbhneoir/stiúrthóir, agus an léiritheoir Martina Niland (Once, Sing Street). Agus tuar dóchais eile é go an dara sraith coimisiúnaithe cheana féin.

Ní fheadar sa sioc cad a tharlódh dá mbuailfeadh ógchiontóirí Chorcaí agus béithe Dhoire ar a chéile i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Bheidís gafa idir hormóin fhireanna Fhionnbarra agus tinte banúla Cholmcille. Thabharfadh sin Fallaí Luimnigh pléascánta dúinn, geallaimse duit. Siocair pheaca cheart, déarfainn. ‘Ar mo chúl, a Shátain!’

San idirlinn, tugaimis seans do scaingéaraí óga Chorcaí, na Young Offenders, an folús a fhágann Derry Girls ar tholg teilifíse an Déardaoin a líonadh.

Fág freagra ar 'Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir! ‘Clasaic’ ar an toirt é ‘Derry Girls’…'

  • Concubhar

    Alt bhreá ó Phat. Ach is laingearaí Conor agus Jock, seachas scaingearaí….

  • Eoghan

    Tá ardmholadh á dhoirteadh ar ‘Derry Dirls’ ó achan chearn. Ní fheicim féin go bhfuil an moladh sin tuillte ag clár atá ag brath ar dhrochtheanga agus béicil i gcanúint Dhoire. Ní dóigh liom go mbeadh glacadh leis ó áit ar bith eile. Drochiarracht ar fad.

  • Eoghan

    Agus de thaisme a tháinig mé ar ‘Young Offenders’ ar BBC anocht. Ní fhaca mé an teideal ach bhí barúil agam gur clár Éirannach, nó ag cur síos ar Éirinn, a bhí ann chomh luath agus a chuala me an comhrá – ag f..áíl agus ag b…áil, agus gach drochchaint eile. Cliché ata ann anois. Ní feidir le hÉireannaigh iad féin a chur in iúl gan caint chaidheach